Skip to main content


Nuacht

5 thionscadal chun scrúdú a dhéanamh ar Fholláine an Lucht Siúil tríd an gcruthaitheacht

Scroll
3 min read

5 thionscadal chun scrúdú a dhéanamh ar Fholláine an Lucht Siúil tríd an gcruthaitheacht

3 min read

1/06/22

5 thionscadal chun scrúdú a dhéanamh ar Fholláine an Lucht Siúil tríd an gcruthaitheacht

Tá cúig thionscadal chruthaitheacha roghnaithe chun tacú le sláinte agus folláine phobal an Lucht Siúil. Tá Clár Éire Ildánach agus ár gcomhpháirtithe sa Roinn Sláinte (an Clár Éire Shláintiúil), an HSE agus an Chomhairle Ealaíon ag maoiniú cúig thionscadal faoin tionscnamh Folláine an Lucht Siúil trí Chruthaitheacht a fógraíodh i Márta 2022.

Is é an cuspóir atá leis an gclár uathúil seo ná tacaíocht a thabhairt do thionscadail chruthaitheacha a mbeidh tionchar dearfach acu ar shláinte agus folláine phobal an Lucht Siúil.

Seo iad na tionscadail atá roghnaithe:

 

  1. Guth na Mincéi

Déanfar ceiliúradh ar chultúr an Lucht Siúil le damhsa, scannáin, ceol, amharcealaín, ceardaíocht agus plé i gclár a bheidh an-fheiceálach. Chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar an gcuid is fearr de chultúr an Lucht Siúil, tabharfaidh an clár cruthaitheach sé mhí spás chun comóradh a dhéanamh ar ghaolta agus ar chairde. Tá an tionscadal seo á fhorbairt ag comhpháirtíocht le The Gaff (Limerick Theatre and Performance Hub Ltd.), Clár Sláinte Lucht Siúil Chathair Luimnigh, William (WILLZEE) Casey, Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach Luimnigh agus an Chláir agus An Mol Foghlamtha, Luimneach.

 

  1. Tionscadal na bPisreog

Tionscadal atá deartha agus faoi cheannas an Lucht Siúil is ea an ‘Tionscadal na bPisreog’ a dhíríonn ar bhailiú, doiciméadú agus ceiliúradh a dhéanamh ar phisreoga agus traidisiúin Phobal an Lucht Siúil i mBaile Munna mar aon leis an éagsúlacht sna pisreoga ó theaghlach go teaghlach agus ó chontae go contae. Comhpháirtíocht é seo idir Cumann Phobal Lucht Siúil Naomh Mairéad, Grúpaí Litearthachta agus Ceannasaíochta d’Fhir agus do Mhná agus Axis Bhaile Munna.

 

  1. Gníomh Cultúrtha, Cearta Cultúrtha: Dúshraith don Fholláine

Gníomh Cultúrtha, Cearta Cultúrtha: Beidh ‘Dúshraith don Fholláine’ ag díriú ar an tábhacht atá le féiniúlacht chultúrtha agus tuiscint ar do nádúr féin a bheith mar chroílár don fholláine i measc phobal an Lucht Siúil. Cuirfidh an tionscadal cuma dhearfach ar chultúr saibhir phobal an Lucht Siúil a mbíonn scamall air go minic ag steiréitíopaí diúltacha atá coitianta i sochaí na hÉireann agus tacaithe ag clúdach diúltach sna meáin. Comhpháirtíocht is ea an tionscadal seo le Gluaiseacht Lucht Siúil na Gaillimhe, an scríbhneoir Rosaleen McDonagh, Alice McDowell, Misléor Féile na gCultúr Fáin agus Julie Flavin Atmos Collective.

 

  1. An Lucht Siúil ar an Scáileán

Tugann an tionscadal deis do chúig ghrúpa éagsúla den Lucht Siúil a bheith páirteach i dtaibhithe cruthaitheacha, scannánaithe in Ionad Ealaíon ina réigiún féin den tír. Sa tsraith de cheardlanna cúig lá, tabharfar le chéile aisteoirí nóibhíseach, scannánóirí agus scriptscríbhneoirí, trí thraenáil thioncharach.  Beidh gné mheabhairshláinte i gceist sa traenáil freisin, ag úsáid aireachais agus aisteoireacht chruthaitheach chun léiriú a thabhairt ar an gcumhacht atá ag cumarsáid léiritheach chun dearcthaí a leathnú i gcomhthéacs atá dearfach agus ábhartha ó thaobh cultúir de.   Tá an tionscadal seo á fhorbairt ag Cluster Fox Films faoi cheannas an stiúrthóra/aisteora/scríbhneora Lucht Siúil, John Connors.

 

  1. Gailearaí Grianghrafadóireachta na hÉireann, Martin Beanz Warde agus an Tionscnamh Doirse Oscailte

Tabharfar tacaíocht do Martin Beanz Warde oibriú ar bhealach domhain agus rannpháirteach le 10 rannpháirtí den Lucht Siúil. Thar shraith de chomhráití duine le duine, comhoibreoidh Martin le gach rannpháirtí chun grianghraif a chruthú ina léireofar bealaí nua chun an éagsúlacht a chur in iúl mar aon le fuinneamh an chultúir atá ag an Lucht Siúil. Comhpháirtíocht atá sa tionscadal seo idir Gailearaí Grianghrafadóireachta na hÉireann, an Taistealaí  ealaíontóir/file/fear grinn/podchraoltóir Martin Beanz Warde agus an Tionscnamh Doirse Oscailte. An Tionscnamh Doirse Oscailte: beidh saineolaithe ar chuimsiú sóisialta ag cur meantóireachta agus tacaíochta ar fáil; beidh meantóireacht na n-ealaíontóirí á chur ar fáil ag Anthony Haughey freisin.

Stay up to date

×