Skip to main content


Nuacht

Cistí á mbronnadh ar 9 gcinn de thionscadail chruthaitheachta agus chultúir trasteorann faoi Phobail Ildánacha maidir le scéim cistíochta an Oileáin Chomhroinnte

Scroll
4 min read

Cistí á mbronnadh ar 9 gcinn de thionscadail chruthaitheachta agus chultúir trasteorann faoi Phobail Ildánacha maidir le scéim cistíochta an Oileáin Chomhroinnte

4 min read

5/10/23

Cistí á mbronnadh ar 9 gcinn de thionscadail chruthaitheachta agus chultúir trasteorann faoi Phobail Ildánacha maidir le scéim cistíochta an Oileáin Chomhroinnte

€850,000 do 9 gcinn de thionscnaimh chruthaitheachta nua trasteorann. €250,000 an ceann á fháil ag dhá thionscadal príomhthábhachta maidir le tionscnaimh cheoil, dhamhsa agus cheardaíochta ar mhórscála a thabharfar i gcrích in imeacht dhá bhliain. 7 gcinn de chistí €50,000 an ceann do thionscadail níos míndírithe ar a n-áirítear Slí Lásadóireachta uile-oileáin, coirmeacha trasteorann ag Cór na nDaoine faoi Néaltrú, siúlóidí agus cainteanna ar fheirmeacha Liatroma agus Fhear Manach agus caidreamh cruthaitheachta idir Béal Feirste agus Iarthar Chorcaí.

D’fhógair an Taoiseach, Leo Varadkar TD, chomh maith le Micheál Ó Máirtín TD, an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán inniu 9 gcinn de thionscadail a bhfuil cistí á mbronnadh orthu faoi Phobail Ildánacha maidir le scéim cistíochta an Oileáin Chomhroinnte, cuid de ghné an Oileáin Chomhroinnte den chlár Éire Ildánach 2023-2027.

Tá níos mó ná €850,000 á leithdháileadh ar Údaráis Áitiúla i ndáil le 9 gcinn de thionscadail chruthaitheachta nua trasteorann a spreagfaidh ceangal idir daoine, pobail agus áiteanna. Is scéim nua seo trína dtugtar leas breise i bhfeidhm as an tseantaithí agus an saineolas atá ag Údaráis Áitiúla maidir le comhoibriú agus comhchaidreamh a chothú trasna na teorann agus féachtar le craobhchórais don chomhar cruthaitheachta ar fud oileán na hÉireann a neartú. Tagann réimse leathan de gníomhaíochtaí cruthaitheachta agus cultúir i gceist leis na tionscadail ar éirigh leo, ceol, damhsa, grianghrafadóireacht, ealaín phoiblí agus oidhreacht san áireamh, a chuireann leis an gcumas cruthaitheachta i bpobail ar fud oileán na hÉireann a chothú.

Déanann gach tionscadal fónamh do thuiscint na bpobal ar fud oileán na hÉireann trí dheiseanna cruthaitheachta Thuaidh/Theas agus Thoir/Thiar a chothú do nascadh an cheangail le caint, caidreamh agus plé. Baineann na tionscnaimh nua seo le gné thábhachtach an Oileáin Chomhroinnte de chlár Éire Ildánach 2023-27, clár lenar bhain cheana féin imeachtaí Chruinniú na nÓg 2023 ar fud na hÉireann den chéad uair agus a dtiocfaidh tionscadail trasteorann faoin gCiste maidir le Gníomhú Cruthaitheachta ar son na hAeráide faoina scáth chomh maith.

An Taoiseach Leo Varadkar TD

"“Tá borradh faoi ghné an Oileáin Chomhroinnte den chlár Éire Ildánach agus cistí á bhfógairt inniu maidir le 9 gcinn de thionscadail nua trasteorann idir Pobail Ildánacha. Leis na tionscadail seo, cuirfear buanna cruthaitheachta ar fud oileán na hÉireann i lár an aonaigh. Spreagfar ceangal idir daoine le meon na cruthaitheachta agus tabharfaidh gach tionscadal deiseanna, arna chothú ag na hÚdaráis Áitiúla, don chomhchaidreamh nua idir dreamanna éagsúla lena gcruthaítear oileán comhroinnte”."

Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

"“Is féidir comhchaidreamh idir pobail ildánacha ar fud oileán na hÉireann a chothú trí dheiseanna nua samhailteacha a chruthú chun ceangal a dhéanamh trí chomhrá, comhchaint agus comhphlé. Ós de bhunadh Mhuineacháin mé féin, is rímhaith a thuigim an deis a thugtar le comhpháirtíocht cruthaitheachta do chaidreamh nua a bhunú agus dreamanna a tharraingt le chéile. Tá cur chuige faoi leith le gach ceann de na tionscadail seo i ndáil leis an gcaidreamh cruthaitheachta, agus tá ról tábhachtach leis na hÚdaráis Áitiúla agus lena gcraobhchóras caidrimh trasteorann maidir le dlús breise a chur leis an gceangal idir daoine agus idir pobail.”"

Áirítear ar na 9 dtionscadal faoi chaibidil:

Comhairle Chontae an Chláir – Tabharfar mná as Béal Feirste, Contae an Chláir agus Contae na Gaillimhe le chéile i mbun Birds of the Feather. Ag oibriú dóibh ar a gcuid ceardaíochta, beidh a gcuid smaointeoireachta, a dtaithí ar an saol agus an t- ábhar dóchais atá acu á phlé. Déanfar forbairt in éineacht ar scileanna nua ionas go mbíonn de mhisneach acu an aisling dóchais atá acu maidir leis an Oileán a chur in iúl le barr cruthaitheachta.

Comhairle Chontae an Chabháin – Comhar cruthaitheachta 24 mhí atá i gceist le Dance Connects idir lucht damhsa sa Chabhán, i Muineacháin, i bhFear Manach agus ar an Ómaigh, idir údaráis áitiúla agus idir Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste agus Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Beidh rannpháirtithe gach seánra den damhsa ceangailte leis an tionscnamh leathanréimseach seo, damhsa ar an sean- nós nó jeighbheáil, damhsa líne nó ballet, hip-hop nó damhsa tuaithe na hAlban, damhsa comhaimseartha nó damhsa Flamenco, agus gach cineál eile idir eatarthu. Tá de chuspóir craobhchórais chaidrimh a chothú, scileanna a bhabhtáil lena chéile, bunachar sonraí agus láithreán gréasáin a chur le chéile agus clár cuimsitheach den chur i láthair poiblí a thabhairt i gcrích.

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath – Saothar tumtha soilse LED a bheidh in aRchive ag Féile na gCúig Lampa i mí Aibreán 2024. Tionscadal ardaidhme é seo lena gcuirfear i láthair clár comhchaidrimh idir daoine óga agus na daoine is sine as ceantar na Seanchille/Bhéal Feirste Thoir agus as ceantar Oirthuaisceart Lár na Cathrach i mBaile Átha Cliath.

Comhairle Chontae Chorcaí – Caidreamh cruthaitheachta idir ealaíontóirí a chónaíonn i nDún Cairn i lár chathair Bhéal Feirste agus i Levis i mBéal an Dá Chab faoin tuath i gContae Chorcaí is ea an Nasc Ceangail. Cuirfear scéal dhá áit ar an oileán i láthair agus an leas atá bainte as an ealaín agus as an gcruthaitheacht le meas, soicheall agus dóchas a chothú sa dá áit.

Comhairle Chontae Fhine Gall – Déanfar ceiliúradh le Sharing Songs and Unforgettable Voices ar na cóir phobail a mbíonn fáilte iontu roimh dhaoine a bhfuil néaltrú ag gabháil dóibh i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath, i gContae Aontroma agus i gContae an Dúin. Déanfar saothair nuachumtha a choimisiúnú le canadh in éineacht trína mbréagnófar míthuiscint a bhíonn ar dhaoine maidir le haois, cumas agus tíreolaíocht.

Comhairle Chontae Dhún na nGall – Spreagfar daoine an dá thaobh den teorainn leis an tioncadal Shared Histories chun leas a bhaint as an ngrianghrafadóireacht leis an ábhar staire a bhaineann linn go léir a chur i láthair. Déanfaidh na rannpháirtithe, i gcomhar le healaíontóir, cartlann grianghrafadóireachta na Leabharlainne Náisiúnta a chíoradh agus leagfar amach clár ealaíne poiblí d’imeachtaí agus de thaispeántais. Beidh cúnamh maidir le Shared Histories a thabhairt ag an Ionad Réigiúnach Cultúir i nDún na nGall, ag an Nerve Centre i nDoire agus ag Photo Museum Ireland.

Comhairle Chontae Liatroma – Faoi Farm Walks, déanfar comhordú ar chlár gníomhartha le grúpaí feirmeoireachta i gContae Liatroma agus i gContae Fhear Manach d’honn díriú ar cheisteanna a bhaineann le muintir na tuaithe an dá thaobh den teorainn. Beidh cúnamh dá thabhairt don tionscadal ag Leitrim Sustainable Agriculture Group, Ulster Wildlife, Oifig Ealaíne agus Oifig Oidhreachta Chomhairle Chontae Liatroma agus ag Ionad Ealaíne The Dock chomh maith le saineolaithe TIALT a dhéanfaidh taighde agus meastóireacht maidir leis na bearta éagsúla.

Comhairle Chontae agus Cathrach Phort Láirge – Oibreoidh Building Shared Creative Communities, Comhairle Chontae agus Cathrach Phort Láirge agus Comhairle Buirge Lár agus Oirthear Aontroma as lámha a chéile d’fhonn caidreamh sóisialta, rannpháirtíocht agus plé a chothú le muintir na bpobal áitiúil. Cuirfear tionscadail trasteorann i gcrích faoin tionscadal a chuidíonn le hearnáil na cruthaitheachta, leis an timpeallacht, le dea-bhail an duine agus le réimse leathan de bhearta cultúir agus cruthaitheachta.

Comhairle Chontae agus Cathrach Luimnigh – Cothófar caidreamh idir dreamanna lásadóireachta agus ionaid oidhreachta i Luimneach, in Ard Mhacha agus i gCorcaigh faoi Laces of Ireland. Tá de chuspóir go fadtéarmach leis an tionscadal bealach lásadóireachta a leagan amach agus a chur chun cinn ar fud an oileáin idir an chuid is mó de na príomhionaid lásadóireachta a bhí go stairiúil ar oileán na hÉireann. Beidh sraith de thograí éagsúla á gcur ar siúl mar chuid den tionscadal seo i rith Mhí na Ceardaíochta i mí Lúnasa 2024 agus arís sa bhliain 2025.

Tá an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin TD

"“Tá borradh faoi ghné an Oileáin Chomhroinnte den chlár Éire Ildánach agus cistí á bhfógairt inniu maidir le 9 gcinn de thionscadail nua trasteorann idir Pobail Ildánacha. Leis na tionscadail seo, cuirfear buanna cruthaitheachta ar fud oileán na hÉireann i lár an aonaigh. Spreagfar ceangal idir daoine le meon na cruthaitheachta agus tabharfaidh gach tionscadal deiseanna, arna chothú ag na hÚdaráis Áitiúla, don chomhchaidreamh nua idir dreamanna éagsúla lena gcruthaítear oileán comhroinnte”."

Is féidir níos mó faoin Oileán Comhroinnte a léamh anseo.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×