Skip to main content


Nuacht

Seolann Aoisbhá Éireann tionscnaimh chruthaitheacha réigiúnacha do dhaoine breacaosta

Scroll
4 min read

Seolann Aoisbhá Éireann tionscnaimh chruthaitheacha réigiúnacha do dhaoine breacaosta

4 min read

7/07/22

Seolann Aoisbhá Éireann tionscnaimh chruthaitheacha réigiúnacha do dhaoine breacaosta

Beidh deis ag daoine breacaosta ar fud na tíre páirt a ghlacadh i dtionscnaimh chruthaitheacha nua le linn an tsamhraidh agus an gheimhridh seo.

Is mar thoradh ar thaighde ar luach na rannpháirtíochta chruthaitheachta do shláinte agus d’fholláine daoine scothaosta na tionscnaimh seo, atá á sheachadadh ag Aoisbhá Éireann i gcomhpháirtíocht le Clár Éire Ildánach.  

Rinneadh na tionscnaimh réigiúnacha a fhorbairt i gcomhar le Comhairle na nDaoine Breacaosta arbh ionann iad agus struchtúir do shaoránaigh atá bunaithe faoin gClár Aoisbhá Náisiúnta. Beidh raon leathan de thionscnaimh chruthaitheacha oscailte do gach duine breacaosta sa phobal. 

·  Réigiún an Oirdheiscirt – Tá Abhainn ag Sníomh Tríd: Rannpháirtíocht Chruthaitheach le m’Áitse

Gníomhóidh an tionscadal ar thionchar aibhneacha na dTriúr Deirfiúracha ar an tírdhreach agus ar oidhreacht chultúir an réigiúin.  Déanfaidh daoine breacoasta atá ina gcónaí in aice na dTriúr Deirfiúracha – an Bhearrúin, an Fheoir agus an tSiúir – machnamh ar an mbealach ina raibh tionchar ag an gcomharsanacht abhann ar a saol agus maidir leis an mbealach leis an gcaidreamh seo a léiriú ar bhealach chruthaitheach. 

·  Réigiún an Oirthir – Saol Cruthaitheach: Sraith d’imeachtaí cruthaitheacha lasmuigh i bpáirceanna poiblí  

Cuirfidh Saol Cruthaitheach sraith imeachtaí ar fáil ina mbeidh gníomhaíochtaí cruthaitheacha i láithreacha lasmuigh atá sainoiriúnaithe do dhaoine breacaosta. Áireofar ar imeachtaí, ceol, scannánaíocht, stair áitiúil agus bealaí siúlóide.  

·  Réigiún an Tuaiscirt – Imeachtaí cruthaitheacha a dhéanann ceiliúradh ar an mbéaloideas a bhaineann le Naomh Bríd 

Beidh sraith imeachtaí cultúrtha ar siúil i Réigiún an Oirthuaiscirt a dhéanfaidh ceiliúradh ar an mbéaloideas a bhaineann le Naomh Bríd; ina roinnfear an seanchas atá ag na daoine breacaosta agus a dhéanfaidh ceiliúradh trí cheardlanna ar nósanna agus ar thraidisiúin ghníomhacha béaloidis a bhaineann le Bríd; go háirithe, Clóca Bhríde’, Cros Bhríde agus an Bhrídeog

An Réigiún Lár Tíre – Cónaitheacht teagaisc ceoil do dhaoine scothaosta 

Cuirfear tacaíocht ar fáil, tríd an tsraith cónaitheachta ceoil seo, do cheoltóirí breacaosta nach bhfuil i mbun cleachtadh níos mó sa Réigiún Lár Tíre filleadh ar sheinm uirlisí ceoil agus cuirfear deiseanna ar fáil d’fhoghlaimeoirí scothaosta chun foghlaim le ceol a sheinm den chéad uair.

"Beidh raon leathan de thionscnaimh chruthaitheacha oscailte do gach duine breacaosta sa phobal"

·  Réigiún an Iarthair – An Bóthar chun na Beatha

Is éard atá i gceist leis an mBóthar chun na Beatha ná seó ar camchuairt ina bhfuil ceardlanna a chuirfidh blaiseadh den cheol agus seisiúin chumadóireachta ar fáil do dhaoine breacaosta a bheidh bunaithe ar a gcuid cuimhní cinn féin, ar scéalta roinnte agus ar a gcuid samhlaíochta.

·  Réigiún Chathair Bhaile Átha Cliath – Tionscnamh rince chun oiliúint a chur ar an oiliúnóir le taispeántas poiblí deireadh tionscadail

Tabharfar an deis do dhaoine scothaosta i gCathair Bhaile Átha Cliath traenáil ina múinteoirí damhsa. Aithneofar cinnirí rince breacoasta chun páirt a ghlacadh in ocht gceardlann rince céilí ina bpobail áitiúla féin. San áireamh sa tionscnamh beidh imeacht taibhithe do dheireadh an tionscadail.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis na sé thionscnamh cruthaitheach réigiúnacha agus a fháil amach conas a bheith páirteach iontu, féach agefriendlyireland.ie

Stay up to date

×