Skip to main content


Nuacht

An Táin Tapestry

Scroll
min read

An Táin Tapestry

min read

8/05/22

An Táin Tapestry

Is é seo ceann de scéalta móra miotaseolaíochta na hÉireann agus anois tá Táin Bó Cúailnge athchruthaithe ar thaipéis ollmhór.

Bhí breis is 40 saorálaí as contaetha Ros Comáin, an Longfoirt, na hIarmhí, na Mí agus Lú páirteach sa togra agus léiríonn gach taipéis radharc as scéal iontach sa Táin.

Is í an t-ealaíontóir as Contae Lú Sophie Coyle a bhí ina stiúir agus baineadh úsáid as teicnící éagsúla teicstíle chun an taipéis a dhéanamh, teicnící amhail appliqué, bróidnéireacht, cuilteáil agus dath curtha air le lámh.

Is píosa iontach ealaíne faoi dhathanna an toradh ina ndéantar cur síos ar iarracht Bhanríon Méabh agus í ag iarraidh greim a fháil ar Bhó Cúailnge agus iarrachtaí cróga Chú Chulainn an ceann is fearr a fháil ar an arm ionraidh.

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×