Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Ciste um Chothú Óige Ildánach Fógartha

Scroll
min read

Ciste um Chothú Óige Ildánach Fógartha

min read

24/04/23

Ciste um Chothú Óige Ildánach Fógartha

Nochtadh Plean Óige Ildánach 2023 - 2027 ar an 28 Márta 2023 ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann. Ag cur leis an rath a bhí ar chéad Phlean Óige Ildánach 2017-2022, is é aidhm an phlean nua seo níos mó deiseanna a chur ar fáil do gach duine idir 0 agus 24 bliana d'aois le haghaidh rannpháirtíocht chruthaitheach i ngach gné dá saol.

Mar chuid den phlean, d’fhógair an tAire Catherine Martin pleananna chun Ciste um Chothú Óige Ildánach a sheoladh ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí atá in ann freastal ar ghrúpaí ar leith de dhaoine óga nach gcloistear go minic. Baineann sé sin le leanaí agus le daoine óga a bhfuil na nithe seo a leanas i gceist leo:

  1. Ag maireachtáil faoi mhíchumas fisiciúil nó faoi mhíchumas intleachta;
  2. Más teifigh nó iarrthóirí tearmainn iad;
  3. Ag maireachtáil agus deacrachtaí meabhairshláinte acu;
  4. Más duine ón LADTI+ iad;
  5. Más duine den Lucht Siúil nó den lucht Romach iad;
  6. Má tá siad laistigh den chóras cúraim nó ag aistriú ón gcóras cúraim; nó
  7. Má tá teagmháil acu leis an gcóras ceartais don aos óg/ le daoine atá curtha sa phríosún agus le hiar-chiontóirí.

Leis an gciste €500,000 seo, tacófar le 8-10 tionscnamh faoi stiúir an aosa óig thar thréimhse 18-24 mí agus cuirfear ar chumas leanaí agus daoine óga atá idir 6-24 bliain d’aois a bpaisin chruthaitheachta a chothú agus a n-acmhainn chruthaitheachta a bhaint amach.

Is é an 9 Meitheamh 2023 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais do Chiste um Chothú Óige Ildánach. Tá tuileadh eolais le fáil ar Submit.com

#ÓigeIldánach

Stay up to date

×