Skip to main content


Nuacht

Ardú – Beocht a chur i gCorcaigh le hEalaín Sráide den chéad scoth.

Tionscnamh Ealaíne Sráide é Ardú i gcathair Chorcaí a chuireann amharcealaín sráide den chéad scoth os comhair mhuintir Chorcaí, agus a chuireann ardán ar fáil ag an am céanna d’ealaíontóirí sráide na háite agus na hÉireann. Is é an aidhm atá ag Ardú go mbeadh tuilleadh rochtana ag an bpobal ar mheán na hEalaíne Sráide trí chomhrá, ceardlanna agus turais.

In dhá bhliain ghairide, tá glactha go fonnmhar ag an bpobal leis an bhféile bhliantúil; cáil bainte amach aici do chathair Chorcaí mar chathair ar chóir ‘cuairt a thabhairt uirthi’ don ealaín sráide atá inti; agus tá 12 múrphictiúr suaithinseach déanta ag ealaíontóirí sráide cáiliúla lena n-áirítear Conor Harrington, Maser, Asbestos agus Friz.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×