Skip to main content
Photo by Manuela Dei Grandi


Nuacht

Ceapann Mol Cruthaitheachta agus Nuálaíochta Chorca Dhuibhne ealaíontóir don Tionscadal Gníomhaíocht Chruthaitheach Aeráide

Scroll
4 min read

Ceapann Mol Cruthaitheachta agus Nuálaíochta Chorca Dhuibhne ealaíontóir don Tionscadal Gníomhaíocht Chruthaitheach Aeráide

4 min read

13/12/21

Ceapann Mol Cruthaitheachta agus Nuálaíochta Chorca Dhuibhne ealaíontóir don Tionscadal Gníomhaíocht Chruthaitheach Aeráide

Tá áthas mór ar Mhol Cruthaitheachta agus Nuálaíochta Chorca Dhuibhne a fhógairt go bhfuil Lisa Fingleton ceapaithe mar Ealaíontóir Neadaithe don Tionscadal Gníomhaíocht Chruthaitheach Aeráide a bheidh á rith ar an leithinis.

Tá Lisa, ina ról mar Ealaíontóir Neadaithe, ag súil go mór le bheith ag cur aithne ar an bpobal feirmeoireachta áitiúil i rith na bliana seo chughainn, ag fiosrú ar shlí chruthaitheach conas mar is féidir leis an bhfeirmeoireacht ról tábhachtach a ghlacadh agus sinn ag gníomhú maidir leis an ngéarchéim aeráide.

“Táim fíorshásta an deis seo a bheith agam oibriú le feirmeoirí Chorca Dhuibhne chun fiosrú a dhéanamh timpeall ar na ceisteanna a bheidh ag imirt tionchair mhór orainn, leithéidí an athrú aeráide agus meath na bithéagsúlachta. De réir mar a ndéanfam aistriú sa todhchaí, beidh sé ríthábhachtach go n-éisteofar le feirmeoirí agus go n-oibreoimid le chéile chun teacht ar réitigh inbhuanaitheacha. Is tionscadal pairtnéireachta é seo a thugann le chéile radharcanna nua, úra, cruthaitheacha, agus táim an-bhuíoch a bheith ina cuid den bhfoireann.”

Beidh Lisa ag obair i dteannta Mhol Cruthaitheachta agus Nuálaíochta Chorca Dhuibhne, Caitríona Fallon ón Green Arts Initiative in Ireland agus Clare Watson ó MaREI.

Is é a dúirt Caitríona Fallon ón Green Arts Initiative in Ireland:

“Tá Lisa ag plé le ceisteanna timpeallachta ar nós athrú aeráide, meath na bithéagsúlachta, agus slándáil bhia le blianta fada mar chuid dá cleachtas cruthaitheach. Tá sí foirfe don ról seo, agus táimid thar a bheith sásta go mbeimid ag obair léi ar an tionscadal nuálaíoch seo.”

Is é a dúirt Deirdre de Bhailis, Bainisteoir Mhol Cruthaitheachta agus Nuálaíochta Chorca Dhuibhne:

“Tá sceitimíní orainn a bheith ag obair le Lisa ar an tionscadal seo. Tá sí foirfe dúinn de bharr a talann mar ealaíontóir, a tiomantas timpeall ar an inbhuanaitheacht, agus a dea-chaidreamh leis an bpobal feirmeoireachta. Táimid ag súil go mór leis an méid go mbeimid in ann a fhoghlaim ó bheith ag fiosrú réitigh ar an athrú aeráide trí lionsa na cruthaitheachta.”

Chun teacht ar a thuilleadh eolais faoin tionscadal seo tabhair cuairt, led’ thoil, ar www.dinglepeninsula2030.com

Nó déan teagmháil le Catríona Fallon ag creativeclimateartist@dinglehub.com

Stay up to date

×