Skip to main content


Nuacht

Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon go mbeidh 141 scoil nua páirteach i dtionscnamh na Scoileanna Ildánacha

Scroll
2 min read

Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon go mbeidh 141 scoil nua páirteach i dtionscnamh na Scoileanna Ildánacha

2 min read

11/12/23

Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon go mbeidh 141 scoil nua páirteach i dtionscnamh na Scoileanna Ildánacha

D’fhógair an Chomhairle Ealaíon inniu go bhfuil tairiscintí déanta le 141 scoil agus ionad ar fud na tíre a rinne iarratas le bheith mar chuid de thionscnamh na Scoileanna Ildánacha.

Tugann tionscnamh na Scoileanna Ildánacha deiseanna do leanaí agus do dhaoine óga cur lena scileanna ealaíonta agus cruthaitheachta. Tabharfar deontas do gach aon cheann de na 141 scoil a bheidh ag glacadh páirte agus beidh siad ag obair le Comhalta Cruthaitheach gairmiúil a thabharfaidh tacaíocht dóibh chun a bPlean Scoile Ildánach saincheaptha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm thar thréimhse dhá bhliain.

Norma Foley TD, an tAire Oideachais

""Cuireann Scoileanna Ildánacha ealaíon agus cruthaitheacht i gcroílár saol leanaí agus daoine óga.""

Cuimsíonn na 141 Scoil Ildánach nua:

97 bunscoil nua

25 iar-bhunscoil

4 scoil speisialta 

10 nIonad Ógtheagmhála 

5 Scoil i socrúcháin mhalartacha

Beidh cúig scoil i socrúcháin mhalartacha a fhreastalaíonn ar dhaoine óga a bhfuil dúshláin mhothúchánacha agus iompraíochta thromchúiseacha ag dul dóibh ag teacht isteach sa chlár i mbliana. Beidh Tionscadal Comhchaidrimh don Aos Óg (YEP) Baile Átha Cliath, Scoil Speisialta St Laurence O’Toole’s, Baile Átha Cliath, Scoil Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath, Scoil Naomh Caoimhín, Corcaigh agus Scoil Speisialta Naomh Agaistín, Luimneach ag teacht isteach sa chlár agus beidh tacaíochtaí breise á bhfáil acu.

Above:

Dúirt Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán:

Ón mbliain 2018, is teistiméireacht iad na Scoileanna Ildánacha ar an ról ríthábhachtach atá ag an gcruthaitheacht do leanaí agus do dhaoine óga ar fud na hÉireann, ó thaobh a gcuid oideachais agus a bpobail scoile.

na hÉireann, ó thaobh a gcuid oideachais agus a bpobail scoile.

Dúirt Norma Foley TD, an tAire Oideachais:

“Táim thar a bheith sásta go bhfuil 141 scoil agus ionad nua mar chuid de chlár Éire Ildánach anois. Cuireann Scoileanna Ildánacha ealaín agus cruthaitheacht i gcroílár saol leanaí agus daoine óga. Táthar tar éis cuireadh a thabhairt do bhreis is 970 scoil agus ionad Ógtheagmhála a bheith rannpháirteach sa chlár ó bunaíodh é sa bhliain 2018. Táimid de shíor ag neadú na n-ealaíon sa chóras oideachais, agus áirítear ansin, forbairt ábhair nua – Staidéar na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta – a gcuirfear tús leis sa bhliain 2025.”

Dúirt Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán:

“Tá ríméad orm rathúlacht leanúnach thionscnaimh na Scoileanna Ildánacha a fheiceáil agus fáilte mhór a chur roimh na 141 scoil agus ionad nua. Ón mbliain 2018, is teistiméireacht iad na Scoileanna Ildánacha ar an ról ríthábhachtach atá ag an gcruthaitheacht do leanaí agus do dhaoine óga ar fud na hÉireann, ó thaobh a gcuid oideachais agus a bpobail scoile. Tá súil agam go leanfaidh an rath atá ar thionscnamh na Scoileanna Ildánacha agus go ndéanfar cumhachtú ar dhaoine óga agus na scoileanna agus na hionaid nua seo ag tabhairt faoin tionscnamh.”

Read more about Creative Schools – a flagship of the Creative Youth plan – here

Stay up to date

×