Skip to main content
With permission of the John Hinde Archive Mary Evans Picture Library


Nuacht

Baint an Aeir: Turas Ealaíne & Athrú Aeráide

Scroll
4 min read

Baint an Aeir: Turas Ealaíne & Athrú Aeráide

4 min read

7/07/22

Baint an Aeir: Turas Ealaíne & Athrú Aeráide

Seoladh saothair nua ealaíne le Seán Ó Flaithearta, Marcus Mac Conghail agus Paddy Bloomer, agus siúlóid filíochta, foinn agus fírící aeráide leis na heolaithe Mícheál Ó Cinnéide agus Liz Coleman, faoi stiúir Ríonach Ní Néill.

Má bhíonn tú cois cósta i rith na seachtaine, seans go bhfeicfidh tú bád neamhghnách ar seol ar Chuan an Fhir Mhóir. Le déanamh chatamaran uirthi, níl sí ag iascaireacht ach ag fiach fuinneamh ar shruthanna taoide, chun mótar leictreach agus dealbh cinéiteach a thiomáint. Seo í an Dealbh Cumhachta Gealaigh le Paddy Bloomer, ceann de dhá shaothair ealaíne atá á sheoladh ar an Satharn 9 Iúil mar chuid de chlár ealaíne agus athrú aeráide Baint an Aeir.

Faoi stiúir Ríonach Ní Néill, tá cúigear ealaíontóir ag déanamh iniúchadh ar an ngéarchéim aeráide, agus ag déanamh machnamh ar bhealaí le húsáid a bhaint as nósanna thraidisiúnta Chonamara, an tírdhreach agus na hacmhainní nádúrtha atá ar fáil go háitiúil, chun todhchaí dícharbónaithe a bhaint amach. Tá an t-athrú aeráide ag cur athrú ar Chonamara. Céard atá i ndán dúinn? Agus cé a rachaidh i ngleic leis?

Um thrathnóna 9 Iúil tugtar cuireadh don phobal teacht ar thuras ealaíne agus aeráide ar chósta thiar na Ceathrún Rua. Seolfar saothar Phaddy ó Chaladh Thadhg ag 6pm. Ina dhiaidh leanfaidh muid an chósta ó dheas go Céibh an Dóilín in éineacht leis an t-eolaí mara agus iar-stiúrthóir an Ghníomhaireacht um Caomhnú Comhshaoil, an Dr Mícheál Ó Cinnéide, ag déanamh plé ar thionchar an t-athrú aeráide ar thimpeallacht agus ar thírdhreach na Ceathrún Rua.

Ag Céibh an Dóilín tiocfar ar ‘An Scailp’ le Seán Ó Flaithearta agus Marcus Mac Conghail, suiteán idirghníomhach ealaíne, fuaime agus aeráide, atá mar mhacalla den phráinn a bhí ann in aimsir an Drochshaoil foscadh a fháil roimh thitim na hoíche. Seo foscadh sealadach inar féidir nóiméad de chaidreamh siombalach agus íogair a roinnt le daoine eile, gur féidir samhlú, freagairt agus machnamh a dheanamh ar an ngéarchéim aeráide agus ar an cheist, céard atá orainn a dhéanamh le muid fhéin a chosaint amach anseo.

Treorfaidh an fisiceoir atmaisféireach Dr. Liz Coleman siúlóid Spéirscéalta chuig Trá an Dóilín ina mbeifear ag déanamh plé ar an cheangailt idir an t-aer a n-análaimid, an t-asmaféar agus an t-athrú aeráide.

Críochnaíonn an turas le picnic ag Trá an Dóilín, áit ina mbeidh radharc amach ar an Dealbh Cumhachta Gealaigh a gluaiseacht ar Chuan an Fhir Mhóir agus ceol nuachumtha le Caitríona Ní Chonaola agus Máirtin Breathnach. Beidh an chumacht don phicnic á sholáthar ag gineadóir gréine soghluaiste na comhlachta áitiúla Solar Structures. Cloisfimid faoi na féidireachtaí a bhaineann le cumhacht díláraithe agus faoin bhfoscadh ginte fuinnimh atá á dhearadh ag Ríonach Ní Néill agus Aoife Casby don Pháirc Astro le nach mbeadh lucht leanta spóirt fuar ná fliuch a thuilleadh.

Tá Baint an Aeir arna mhaoiniú ag an Chiste Gníomh Cruthaíoch don Aeráid, atá á riar ag Éire Ildánach i gcomhpháirt le an Roinn Comhshaoil, Aeráide & Cumarsáide, agus arna thacú ag Údarás na Gaeltachta, Comharchumann Mhic Dara agus Pobal Rua.

 

Is ócáid saor in aisce í seo agus is féidir ticéad a chur in áirithe ar Eventbrite.

Stay up to date

×