Skip to main content


Nuacht

Bithéagsúltacht a Chruthú – Ainmhithe Rinn Mhaoile

Is tionscadal é Bithéagsúlacht a Chruthú atá lonnaithe in Limelight, ionad nua de chuid Bhráithre na Carthanachta do dhaoine fásta óga faoi mhíchumas in Órán Mór, Co. na Gaillimhe

D’oibrigh na daoine fásta óga leis an ealaíontóir Amy Brannigan chun taispeántas amharc-ealaíne ar speicis dhúchasacha na háite a chur le chéile. Cruthaíodh ainmhithe agus feithidí i bhfoirm colláise trí úsáid a bhaint as ábhair nádúrtha a aimsíodh in Rinn Mhaoile agus ansin glacadh grianghraif díobh chun cur ar chláir taispeána agus ceannteidil spraíúla spéisiúla ag dul leo, le cur ar taispeáint phoiblí i bPáirc Rinn Mhaoile.

Cuirtear ionchuimsiú sóisialta agus cumais chruthaitheacha na ndaoine fásta óga seo chun cinn leis an tionscadal seo, agus léirítear leis an taispeántas poiblí spéis an phobail sna healaíona, sa chomhshaol, in oidhreacht agus i gcultúr.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×