Skip to main content
close up of classic soccer ball on green football pitch


Nuacht

Na Bohemians chun óstach a dhéanamh ar fhéile scannán maidir le ceartas timpeallachta

Scroll
3 min read

Na Bohemians chun óstach a dhéanamh ar fhéile scannán maidir le ceartas timpeallachta

3 min read

17/08/22

Na Bohemians chun óstach a dhéanamh ar fhéile scannán maidir le ceartas timpeallachta

Beidh foirne ar fud na hEorpa ag freastal ar an bhféile agus ar sheoladh tionscadal nua ceartais aeráide sa pheil le linn Féile Scannán maidir le Ceartas Timpeallachta na Bohemians (BEFF) a bheidh ar siúl i bPáirc Stairiúil Chnocán Uí Dhálaigh.

Sa bhliain 2021, bhí na Bohemians ar an gcéad club peile ar domhan a chur tús le sraith oibre ar cheartas aeráide. Tá an tionscadal, The Bohemian Way, ar cheann de 15 tionscadal nuálach Éire Ildánach Gníomhú go Cruthaitheach ar son na hAeráide. Beidh an fhéile ar siúl ón 8 go 11 Meán Fómhair, leis na Bohemians i gcomhpháirtíocht le Saotharlann Chultúir/Aeráide Oatly chun an fhéile uathúil lasmuigh seo a sheoladh.  

Pobail agus an ghéarchéim 

Beidh an BEFF ar an gcéad fhéile ó thaobh díriú ar scéalta na ndaoine agus na bpobal atá sna línte tosaigh sa troid in aghaidh tubaiste timpeallachta. Le tuiscint níos fearr ar an trasnaíl idir saol na ndaoine agus toradh bhriseadh síos na timpeallachta, tá lucht déanta scannán ar fud an domhain ag insint an scéil maidir leis an gcoimhlint agus an bealach le teacht slán in ainneoin na géarchéime timpeallachta atá ag teannadh linn

Roimhe seo, ní raibh aon fhéile aitheanta ann a bhí ag díriú ar na scannáin seo lena mbaineann misneach, dlúthpháirtíocht, dóchas agus crá na haoise Antrapaicéineach agus titim as a chéile na bithéagsúlachta, a chur ar ardán ná a cheiliúradh.   

Tabharfaidh an fhéile, atá urraithe ag Oatly, agus cumasaithe ag an gcomhlacht Éireannach maidir le bainistíocht imeachtaí, déantóirí scannán, scéalaithe, gníomhaithe agus cinnteoirí de chuid na hÉireann agus idirnáisiúnta le chéile do dheireadh seachtaine speisialta ina mbeidh taispeáint scannán agus imeachtaí a chuirfidh ár dtuiscint ar an éagóir thimpeallachta atá i ndán do phobail in Éirinn agus ar fud an domhain agus an dóchúlacht atá ann ó thaobh tabhairt faoi ghníomhartha chun cinn. Tá an fhéile mar chuid den Bohemian Way, tionscadal Éire Chruthaitheach na Bohemians’ Gníomhú go Cruthaitheach ar son na hAeráide. 

Tá sé mar aidhm le hiarrachtaí ceartas aeráide na Bohemians’ teachtaireachtaí ríthábhachtacha a thabhairt chomh fada le lucht leanúna na peile agus chun an phobail níos leithne ar bhealach tarraingteach agus cumasaithe. 

Above:

Tá níos mó ná cluiche i gceist 

Déanfar gné pobail idirnáisiúnta a chur chun cinn freisin agus na Bohemians ag fáiltiú roimh chlubanna peile Eorpacha chun na féile scannán agus tús á chur leis an tionscadal nua ceartais aeráide.  Bhí Club Peile na Bohemians ag obair i gcomhar le líonra Eorpach na Peile don Fhorbairt chun tionscadal Erasmus+Sport a fhorbairt lena ndéanfar iniúchadh ar an méid is féidir le clubanna a dhéanamh lena lorg timpeallachta féin a laghdú agus chun tacú lena lucht leanúna agus le pobail ó thaobh athrú aeráide. 

Ag labhairt dó faoin bhféile, dúirt Seán McCabe, Oifigeach Ceartais Aeráide: 

“Chuireamar tús leis an obair ar cheartas aeráide i gClub Peile Bohemian mar gur aithnímid go raibh géarchéim na haeráide ar an dúshlán aonair is mó atá i ndán don lucht leanúna, don phobal agus don domhan sa lá atá inniu ann. Tuigimid go rímhaith freisin go dtagann baol ó thaobh cruatan agus éagóir do dhaoine atá ag maireachtáil i riocht bochtaineachta nó imeallú in éineacht leis na tionchair agus na hathruithe araon ar an tsochaí atá riachtanach chun an ghéarchéim a sheachaint. Tá tuiscint níos fearr ar fud an domhain maidir leis an ngá chun gníomhú ó thaobh na géarchéime aeráide ach fós tá easpa tuisceana ann maidir le tábhacht na cothroime agus an cheartais ó thaobh réitigh éifeachtacha a chur ar fáil.” 

Beidh Féile Scannán Cheartas Timpeallachta na Bohemians ar siúil i bPáirc Chnocán Uí Dhálaigh, Baile Átha Cliath 9, ón 8 go 11 Meán Fómhair.

Féach www.beff.ie do chlár iomlán na féile.

Stay up to date

×