Skip to main content
Bookville Project, Kilkenny


Nuacht

Bookville i gCill Chainnigh

Leagtar amach féile Bookville i gCill Chainnigh chun spreagadh a thabhairt do leanaí den uile aoisghrúpa, a gcuid samhlaíochta a chothú agus cur leis na deiseanna an litearthacht, ealaín, cultúr agus cruthaitheacht a thapú ar fud an chontae. Tugtar deis faoi leith le Bookville do leanaí, do theaghlaigh agus do scoileanna páirt a ghlacadh i gclár spreagúil spleodrach d'imeachtaí saor in aisce gach bliain, in ionaid sna bailte móra agus faoin tuath ar fud an chontae.

Is ábhar ríméid ag meitheal na féile gur aontaigh oiread den lucht cruthaitheachta le trí bliana anuas oibriú in éineacht leis an bhféile agus cur leis an spraoi a bhaintear as na himeachtaí.  Chomh maith le réimse leathan imeachtaí poiblí, bíonn clár speisialta ag Bookville do na scoileanna ar fud Chathair agus Chontae Chill Chainnigh trína mbíonn deis ag na leanaí bualadh le réimse áisitheoirí ardchaighdeáin i gcúrsaí cultúir agus litríochta agus foghlaim uathu.

Deir Mary Butler, Oifigeach Ealaíne Chill Chainnigh gur deis faoi leith a bhíonn i bhféile  Bookville ag leanaí agus teaghlaigh freastal ar ócáidí spraoi agus cruthaitheachta.

Dúirt Josephine Coyne, an Leabharlannaí Contae gur ábhar ríméid ealaíontóirí chomh hiontach a thabhairt go Cill Chainnigh agus go bhfuil súil gur spreagadh atá sa réimse leathan imeachtaí do leanaí den uile aoisghrúpa.

An tSeirbhís Leabharlannaíochta agus an Oifig Ealaíne i gComhairle Chontae Chill Chainnigh a leagann amach clár Bookville le cúnamh taca ó Chomhairle Chontae Chill Chainnigh, ó Éire Ildánach, ón gComhairle Ealaíon agus ó KCLR96fm. Tá eolas breise ar fáil ar www.bookvillekilkenny.com, ar an ríomhphost ó enquiries@bookvillekilkenny.com, nó ar an nguthán ó Sheirbhís Leabharlannaíochta Chill Chainnigh ar 056 7794160, nó ó Oifig Ealaíne Chill Chainnigh ar 056 7794547

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×