Skip to main content


Nuacht

Glaoch ar iarratais: Dícharbónú Le Chéile, Luimneach

Scroll
3 min read

Glaoch ar iarratais: Dícharbónú Le Chéile, Luimneach

3 min read

12/04/22

Glaoch ar iarratais: Dícharbónú Le Chéile, Luimneach

Ag glaoch ar ealaíontóirí, lucht ealaíon agus páirtithe ón tionscal cruthaitheach! Tá an tionscadal seo ar son na haeráide i Luimneach ag iarradh dícharbónú a fhiosrú – i gcomhar libhse mar chomhoibritheoirí cruthaitheacha.

Ceann de na 15 thionscadal atá maoinithe ag Éire Ildánach trína Chiste Cruthaitheach um Ghníomhú ar son na hAeráide is ea Dícharbónú Le Chéile as Luimneach atá ag díriú ar athrú fírinneach a dhéanamh trí chomhshaothair chruthaitheacha in éineacht le páirtithe ón tionscal ealaíon agus cruthaitheach.

Agus é mar aidhm cur i gcoinne an athraithe aeráide, baineann an cleachtas dícharbónaithe go hiomlán le laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí carbóin (CO2) a bhfuil gníomhaíocht dhaonna mar chúis leo. I gceist leis tá níos lú astúchán a chruthú, ar nós níos lú breoslaí iontaise a dhó, agus níos mó carbóin a ionsú trí ghníomhartha ar nós crainn a phlandáil.

Lena chois sin, tá na hiarrachtaí dícharbónaithe in ann buntáistí eile a thabhairt dá bpobail, lena n-áirítear caighdeán aeir agus uisce níos fearr, sláinte agus folláine níos fearr, tithe níos compordaí, leibhéil torainn níos ísle agus níos lú fuílligh. Is iad na hathruithe inár n-iompraíocht agus na hathruithe inár saol laethúil atá in ann cuidiú leis an dícharbónú na nithe a mbeidh tionscadal Luimnigh a fhiosrú go cruthaitheach.

Glaoch oscailte ar pháirtithe cruthaitheacha

 Tá an glaoch oscailte ó Dhícharbónú Le Chéile ag lorg cúigear ealaíontóirí, agus/nó páirtithe cruthaitheacha, chun oibriú i gcomhar le pobal as Luimneach chun fiosrú a dhéanamh faoi ghné den charbónú atá tábhachtach dóibh.

Agus maoiniú ar fáil ag €12,000 an t-ealaíontóir, is féidir le páirtithe cruthaitheacha a theacht ó réimse de dhisciplíní lena n-áirítear:

Ealaíona: Ceol, na taibhealaíona agus na hamharcealaíona; Ailtireacht, Ceardaíocht, Dearadh: dearadh táirgí, grafach agus faisin; Closamharc: Scannánaíocht, léiriúcháin theilifíse, teilifís, fís, raidió agus fótagrafaíocht; IT: forbairt bogearraí agus cluichí ríomhairí; Foilsitheoireacht agus litríocht; Músaeim, gailearaithe agus leabharlanna; Fógraíocht agus margaíocht.

Réamh-mheastar go mbainfidh na cúig aschur ó na comhshaothair chruthaitheacha úsáid as scileanna ilchineálacha i réimse de mheáin chruthaitheacha.

Díreoidh an tionscadal ar a bheith ag foghlaim agus ag gníomhú le chéile, agus úsáidfidh sé Saotharlann Nuálaíochta Luimnigh mar mhol comhoibrithe agus mar ardán chun pobail a chumhachtú chun Luimneach a dhícharbónú faoi 2050, agus cruthaitheacht na saoránach curtha i gceartlár an phróisis.

Beidh na rannpháirtithe rathúla in ann rochtain a fháil freisin ar Fab Lab Luimnigh, spás déantóra agus saotharlann déantúsaíochta digití atá á reáchtáil ag Scoil na hAiltireachta ag Ollscoil Luimnigh agus comhshuite le Saotharlann Nuálaíochta na Saoránach ar Shráid an tSáirséalaigh.

Stay up to date

×