Skip to main content


Nuacht

Glao ar ealaíontóirí, gairmithe cruthaitheacha agus cultúir: Tá Dámhachtainí Fulbright na hÉireann oscailte faoi láthair

Scroll
3 min read

Glao ar ealaíontóirí, gairmithe cruthaitheacha agus cultúir: Tá Dámhachtainí Fulbright na hÉireann oscailte faoi láthair

3 min read

6/09/21

Glao ar ealaíontóirí, gairmithe cruthaitheacha agus cultúir: Tá Dámhachtainí Fulbright na hÉireann oscailte faoi láthair

Ní d’acadóirí amháin atá na comhaltachtaí seo, cuireann siad deis dhosháraithe ar fáil do ghairmithe cruthaitheacha agus cultúir barr feabhais a chur ar a gcleachtadh i socrúchán dá rogha féin.

Tá an Coimisiún Fulbright in Éirinn ina chomhpháirtíocht dhéthaobhach atá tacaithe ag Roinn Stáit SAM agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha. Ta an Clár Fulbright ar an bpríomhchlár malartaithe oideachais idirnáisiúnta atá tacaithe ag Rialtas SAM chun comhthuiscint a neartú.

Seoladh Comhaltachtaí Iarsmalainne Fulbright – Éire Ildánach in 2018, inar ghabh roinnt iarrthóirí socrúcháin luachmhara orthu féin in Institiúid mór le rá an Smithsonian (ina gcuimsítear 17 iarsmalann agus dánlann), Ionad Harry Ransom in Austin, Texas agus san Exploratorium in San Francisco.

Ón mbliain 2019 i leith leathnaíodh raon na gcomhaltachtaí urramacha seo d’fhonn gairmithe arbh fhéidir nach bhfuil cúlra acadúil acu a chur san áireamh. Ó shin i leith, tá comhoibriú idir Éire agus SAM cothaithe ag Comhaltacht Ghairmiúil Fulbright-Éire Ildánach san earnáil chultúir agus chruthaitheach a bhfuil ardmheas uirthi. Tá an Chomhaltacht Ghairmiúil Fulbright-Éire Ildánach níos ilghnéithí ná na comhaltachtaí atá bunaithe ar iarsmalanna, agus ní éilítear ar iarrthóirí a n-éiríonn leo a bheith páirteach in oideachas dochtúireachta, ná níl sé teoranta d’óstinstitiúidí forordaithe SAM. Tá ar iarrthóirí na socrúcháin is fearr a aithint ina mbaintear amach a riachtanais mar ghairmithe cultúir agus cruthaitheacha oilte agus na huaillmhianta atá lena gcleachtadh faoi seach.

Agus é mar aidhm leis rannpháirtíocht an lear mór gairmithe cultúir agus cruthaitheacha atá againn – arbh fhéidir é nach bhfuil baint acu le hobair acadúil – a chumasú, tá níos mó iarrthóirí ó na réimsí cultúir agus cruthaitheacha seo ag baint leas as an gClár Fulbright anois.

Incháilitheacht & Iarratais

Seoladh Dámhachtainí Fulbright na hÉireann 2022-2023 Dé Luain an 30 Lúnasa. Glacfar le hiarratais go dtí Dé hAoine an 29 Deireadh Fómhair ag 4pm.

Trí na dámhachtainí seo, cuirfear deiseanna ar fáil do scoláirí in Éirinn agus san AE, mic léinn agus gairmithe diongbháilte (ag a bhfuil taithí ábhartha cúig bliana) tabhairt faoi chláir agus comhoibriú le saineolaithe in institiúid i SAM in eagraíocht dá rogha féin, ó mhí Lúnasa 2022- Lúnasa 2023.

Agus é oscailte d’iarrthóirí ó gach disciplín agus cúlra, téann an Coimisiún Fulbright in Éirinn i gcomhpháirtíocht le gníomhaireachtaí áitiúla agus idirnáisiúnta chun maoiniú breise a chur ar fáil i réimsí maidir le Cultúr agus Oidhreacht, Sláinte, Ceartas Sóisialta, Geo-eolaíocht, Talmhaíocht, Cosaint an Chomhshaoil, Gnó & Nuálaíocht, Dlí, Cibearshlándáil agus an Ghaeilge.

 

Cad a chuirtear ar fáil tríd an gcomhaltacht?

Faigheann iarrthóir a n-éiríonn leo stipinn airgid, costais taistil, árachas timpistí agus éigeandála, riarachán víosa, cláreagrú cultúir agus gairmiúil, agus bealach isteach ar líonra ollmhór idirnáisiúnta gairmiúil agus acadúil.

Deis nach bhfaigheann duine ach uair amháin sa saol, b’fhéidir? Cuir iarratas isteach faoin  4pm, an 29 Deireadh Fómhair.

Faigh tuilleadh eolais sa seimineár gréasáin Éire Ildánach/Fulbright seo, ina dtugtar léargais iontacha ar an gcomhaltacht agus ina gcuirtear comhairle ar fáil maidir le hiarratas den scoth a dhéanamh.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach www.fulbright.ie

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×