Skip to main content


Nuacht

Cartlann Ealaíonta Bheo ina dtugtar guthanna le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar Abhainn an Ghleanna agus a hoidhreacht éiceolaíoch

Scroll
3 min read

Cartlann Ealaíonta Bheo ina dtugtar guthanna le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar Abhainn an Ghleanna agus a hoidhreacht éiceolaíoch

3 min read

22/03/24

Cartlann Ealaíonta Bheo ina dtugtar guthanna le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar Abhainn an Ghleanna agus a hoidhreacht éiceolaíoch

Seo an t-am is fearr, agus Lá Domhanda an Uisce ag tarlú ar Dé hAoine 22ú Márta, chun ceiliúradh a dhéanamh ar uisce mar acmhainn luachmhar chomhroinnte.

Tá gá níos mó ná riamh lenár lorg uisce a laghdú, agus réigiúin thur an domhain ag éirí níos tirime agus méadú ag teacht ar ghalú agus trasghalú plandaí mar gheall ar theochtaí méadaithe. In ainneoin thromchúis ár ngéarchéime reatha uisce, tá gníomhartha fóinteacha ann ar féidir iad a ghlacadh ag leibhéil an phobail agus an duine araon.

Ceann de na gníomhartha coiteanna sin ná próifíliú Abhainn an Ghleanna, Co. Chorcaí. ‘Glen of the Spooks’ a glaodh ar an tionscadal tráth, ach anois is é ‘Gleann a’ Phúca’ ainm an tionscadail, mar théarma don rannpháirtíocht le Páirc Abhainn an Ghleanna. Le Gleann a’ Phúca déantar ceiliúradh ar oidhreacht éiceolaíoch chúltúrtha thionsclaíoch stairiúil atá ann laistigh den ghleann oighreach agus páirc uirbeach seo i gCathair Chorcaí. Tá sé mar aidhm le ‘Gleann a’Phúca’ ábhar a dhoiciméadú, a chomhchruthú agus a fhorbairt lena ndéanfar aitheantas a chothú agus feasacht a shaibhriú ar Abhainn an Ghleanna, agus chun guthanna a thabhairt le chéile chun a háit sa chathair a cheiliúradh in intinn úsáideoirí na páirce.

Beidh suíomh gréasáin Gleann a’ Phúca ina thionscadal ealaíne ar líne – cartlann ealaíonta bheo agus taisclann ghníomhaíochta cruthaithí i bPáirc Abhainn an Ghleanna. I mblag leanúnach, arna choimeád ag an gceannealaíontóir, Julie Forrester, beidh ábhar leanúnach ó ealaíontóirí, éaneolaithe, éiceolaithe, gníomhaithe athraithe aeráide agus díograiseoirí an Ghleanna. Labhair muid le Julie faoin tionscadal uathúil seo.

C: Cad as ar tháinig ‘Gleann a’Phúca’?

Julie: D’eascair ‘Gleann a’Phúca’ ó thionscadal domhain léarscáilíochta a thosaigh mé i rith dhianghlasála na paindéime. Bhí mise mar pháirt de ghrúpa daoine a mealladh isteach sa ghleann abhann seo, agus a bhí ag tabhairt faoi phiocadh bruscair sa pháirc. Bhí mé ag cloisteáil faoi na ceangail a bhí ag siúlóirí difriúla leis an áit agus chomh maith bhí mé ag foghlaim faoi oidhreacht shaibhir thionsclaíoch chultúrtha na páirce. Chuir mé leathanach Facebook ar bun, ‘Cairde an Ghleanna’, áit inar chuir muid fógraí suas maidir le imeachtaí pioctha bruscair a bhí ag teacht aníos agus ár ndul chun cinn maidir leis an abhainn a ghlanadh. Thosaigh an leathanach seo de bheith ina áit bhailiúcháin le haghaidh scéalta agus nithe faoin Ghleann a d’aimsigh muid. Bhí blag á choinneáil agam, ‘Scéalta le Nádúr – Dialanna Abhainn an Ghleanna’, ina raibh mé ag coinneáil taifead ar mhionchúrsaí mo cheangail leis an áit. Is as sin a tháinig an tionscadal domhain léarscáilíochta ar a ghlaoitear ‘Gleann a’Phúca’ anois.

C: Tá sé sin an-suimiúil! De réir mar a chuaigh an t-am thart, conas a d’fhorbair an tionscadal?

Julie: Thug mé faoi deara, agus mo cheangal leis an bpáirc ag láidriú, go raibh próifíl níos mó de dhíth ar Abhainn an Ghleanna sa chathair chun gur féidir á héiceolaíocht uathúil a aithint agus í a chosaint ó fhorbairt uirbeach atá ag brú isteach uirthi. Thug mé cuireadh d’ealaíontóirí eile freagra a thabhairt ar an áit trí ghairm oscailte ar léirithe spéise. Thug níos mó ná 30 ealaíontóir freagra agus roghnaíodh seisear chun moltaí do rannpháirtíocht phoiblí a dhéanamh dá smaointe. Anois, bhí mo ról mar ealaíontóir ag athrú ina ról mar eagraitheoir. Bhí mé ag dul i dtreo an ghníomhaíochais chomh maith.

Above:

C: Cén cineál tionscadal ealaíonta a d’eascair as seo?

Julie: Tá an t-ealaíontóir físiúil Elinor Rivers ag díriú a haird ar an uisce. Ina tionscadal ‘Ordinary Gifts’, tá daoine ag teacht go dtí an Gleann agus ag úsáid slait chollóireachta don chéad uair. Mar chúiteamh air sin, is féidir leo buille a bhrath, chomh maith le fíorcheangal le domhan na ndúl. Tá sé spraíúil, níl aon bealach ceart nó mícheart rudaí a dhéanamh agus tá fíorspreagadh ar fad le haimsiú. Ó na heispéiris dhearfacha seo, táimid ag foghlaim go bhfuil nasc an-láidir againn, i ndáiríre, leis an dúlra. Trína dtionscadal léarscáilíochta ‘Spoon & Bloom’, tá Annie Mar agus Aaron Ross ag spreagadh daoine chun a scéalta a roinnt maidir lena gceangail leis an gceantar. Tá scéal ag gach duine agus dá mhéad a roinnimid, is ea is doimhne a éiríonn an nasc sin – foghlaimímid le chéile faoi bhithéagsúlacht ar leith agus éiceachóras uathúil ár nGleanna.

C: Tá cuma iontach air sin! Cén freagra atá faighte agat go dtí seo?

Julie: Agus suim inti ag dul i méid, tá Abhainn an Ghleanna anois ina príomhcharachtar inár scéalta uile, agus tá tuilleadh eolais á lorg ag daoine uirthi. Is féidir linn comharthaí sainiúla athruithe na séasúr a rianú ar fud ghnáthóg ghleanna Abhainn an Ghleanna, agus tá níos mó á thabhairt faoi deara againn ar ár bhfreagraí daonna agus freagraí ainmhithe eile i dtimpeallacht Pháirc Abhainn an Ghleanna. Tá grúpa atá dírithe ar aibhneacha curtha ar bun againn ar Facebook le cúramóirí agus cosantóirí eile atá bunaithe i gcathracha. Tá muid ag roinnt agus ag cloisteáil faoi ghníomhartha agus cineálacha cur chuige atá ar siúl ag grúpaí eile i leith géarchéimeanna abhann ar fud na cathrach, agus táimid ag cur tús le stocaireacht níos láidre ar son cosanta aibhneacha agus réiteach nádúr-bhunaithe ar fhadhbanna daonna. Tá muid ar son eiseamláir na habhann a leanúint.

C: Cad atá foghlamtha agat agus ‘Gleann a’Phúca’ i mbun forbartha?

Julie: Is é atá i gceist leis an gcruthaitheacht ná cur chuige iomlánaíoch i leith maireachtála agus iompraíochta; tá sé spraíúil agus brathann sé ar fhiosracht agus aithníonn sé caidreamh cómhalartach leis an saol. Is féidir le spraoi a bheith i gceist le piocadh bruscair, fiú, nuair a bhuaileann tú le daoine eile agus roinneann sibh scéalta agus eispéiris lena chéile. Is rud giniúnach é an chruthaitheacht ar an slí seo; dá mhéad a chuireann tú isteach is ea is mó a aimsíonn tú, agus tá a’ fhios agat go bhfuil tú ag cur le rud éigin atá níos mó ná tú féin. Ar an mbealach seo, is féidir le cur chuige cruthaitheach teacht isteach san am atá caite, san am i láthair agus san am atá le teacht.

Más mian leat níos mó eolais a fháil ar ‘Gleann a’Phúca’ agus rianú uathúil Abhainn an Ghleanna, tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin anseo: https://gleannaphuca.ie/.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×