Skip to main content
An old document featuring the Clayton logo


Nuacht

Nochtann Tionscadal Mhuilte Olla Clayton san Uaimh léargas an-spéisiúil ar bhreis is 150 bliain d’oidhreacht thionsclaíoch

Scroll
3 min read

Nochtann Tionscadal Mhuilte Olla Clayton san Uaimh léargas an-spéisiúil ar bhreis is 150 bliain d’oidhreacht thionsclaíoch

3 min read

22/11/23

Nochtann Tionscadal Mhuilte Olla Clayton san Uaimh léargas an-spéisiúil ar bhreis is 150 bliain d’oidhreacht thionsclaíoch

Téigh siar sna blianta agus fiosraigh oidhreacht shaibhir Muilte Olla Clayton san Uaimh, áit a shníonn tionscadal cartlainne uaillmhianach scéalta le chéile d’ábhar ó aimsir an chogaidh, tionchar pobail agus snáitheanna casta na tráchtála idirnáisiúnta.

Tá Muilte Olla Clayton suite ar bhruach na hAbhann Duibhe le breis is 150 bliain. Agus na muilte i mbun oibre, bhí líon mór de mhuintir na hUaimhe fostaithe ann, go díreach nó go hindíreach d’amhábhair.

Anois, tá tionscadal cartlainne faoi bhealach chun taifid Mhuilte Olla Clayton a chaomhnú, a liostú agus a chur ar fáil.

Above: Vintage branding for Clayton Woollen Mills

Tháinig deartháireacha Clayton, ó theaghlach rathúil muilleála, as Yorkshire chun na hUaimhe sa bhliain 1867. Faoin mbliain 1882, bhí ceithre theach déag (14) tógtha acu ar Ardán Shruthán an Mhuilinn chun cóiríocht a chur ar fáil don líon fostaithe a bhí ag dul i méid.

Forbraíodh an comhlacht tuilleadh chun seilbh a ghlacadh ar an seanmhuileann cadáis ag Stigh Colláin. Uair amháin bhí níos mó ná 250 comhalta foirne fostaithe acu agus bhí siad ar cheann de na fostóirí ba mhó ar an mbaile.

Úsáideadh an t-éadach saraiste agus caicí a rinneadh sa mhonarcha in éidí míleata don Dara Cogadh Domhanda. Rinneadh éidí Arm Shaorstát Éireann freisin le héadach saraiste Clayton agus léiríodh sna taifid gur ordaíodh 25,000 slat den éadach i mí Iúil na bliana 1940.

"Chuir maoiniú Éire Ildánach an deis ar fáil le forbairt a dhéanamh ar fhuinneamh agus ar spéis sa bhailiúchán"

Above: A flat lay of fabric from Clayton Woollen Mills

Bhí orduithe ann freisin le haghaidh 20 burla de mhustairt liath agus 102 burla de mhustairt dhubh do Scoil Saothair Ard Aidhin i mBaile Átha Cliath.

Tá miontuairiscí agus cláir oibre, leabhair phá agus comhfhreagras chomh maith le hábhar amhail comharthaíocht agus samplaí d’éadach le fáil i gCartlann Clayton. Sa bhliain 2022, chuaigh Cartlann Chontae na Mí i mbun oibre le caomhnóirí chun sraith de naoi gcinn de leabhar miontuairiscí agus seacht gcinn de leabhair phá ón gcuideachta a dheisiú. Is cuid thábhachtach den bhailiúchán iad na leabhair sin a thaispeánann taifid sheachtainiúla na cuideachta. Le himeacht na mblianta agus go leor úsáide, tá na ceangail lagaithe agus na leathanaigh éirithe scaoilte mar gheall ar dhamáiste a rinneadh sna coinníollacha stórála a bhí tais. Rinneadh cinnte sa chaomhnú go bhfuil siad sábháilte ó thuilleadh díghrádaithe.

Above: An old document featuring the Clayton logo

Above: Samples of fabric from Clayton Woollen Mills

Stay up to date

×