Skip to main content


Nuacht

Club Bláthanna agus Gairdín Dhún Búinne

Tugann Club Bláthanna agus Gairdín Dhún Búinne agus an t-ealaíontóir Alan Phelan an ealaín a bhaineann le cóiriú bláthanna agus le grianghrafadóireacht le chéile i mbailiúchán ar leith. Chaith Club Bláthanna agus Gairdín Dhún Búinne naoi mí ag obair i stiúideo an ealaíontóra i Stiúideonna Bharra an Teampaill in éindí le Alan, ag roinnt a gcuid saineolais d'fhonn an stair dearmadta a bhaineann le cóiriú bláthanna agus le grianghrafadóireacht a fhiosrú.

Eagraíocht dheonach é Club Bláthanna agus Gairdín Dhún Búinne a bhfuil 50 ball ó Chill Dhéagláin, ó Bhaile an Bhóthair, ó Chluain Aodha agus ó Dhún Seachlainn páirteach ann. Thar sraith ceardlann chomhroinnte, chuaigh an club i mbun oibre le Alan Phelan d’fhonn teicnící na healaíne bláthanna a bhí dearmadta a thabhairt ar ais agus a fhiosrú, ó bhailiúchán pictiúir de chrobhaing bláthanna le pictiúir Dúitsigh ón 17ú haois go dtí an 20ú haois le dearthóirí bláthanna ar nós Constance Spry. D’úsáid an grúpa an modh dathúcháin Joy Screen chun grianghraif a ghlacadh de na crobhaingí, próiseas a cheap an fisiceoir as Éirinn John Joly ag deireadh an 19ú haois.  Tá bailiúchán mór de shleamhnáin dhaite John Joly, ábhar luibheolaíoch den chuid is mó, á gcoinneáil i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann faoi láthair.

 

Cuirfidh Club Bláthanna agus Gairdín Dhún Búinne agus Alan Phelan a saothar i gcomhar i láthair i sraith imeachtaí agus taispeántas in Éirinn chomh maith le go hidirnáisiúnta in 2019 agus 2020. Ag an Duga, i gCora Droma Rúisc a chuirfear an chéad taispeántas poiblí ar siúl, ón 16 Samhain 2019 go dtí an 4 Eanáir 2020, agus ina dhiaidh sin beidh an saothar ina ghné de thaispeántas Alan Phelan in Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath i mí Feabhra, Void, i nDoire in Aibreán 2020 agus i Centre Culturel Irlandais, i bPáras i mí na Samhna 2020.

 

Bronnadh Gradam Cruthaitheachta Sheirbhísí Cultúir Chomhairle Chontae na Mí 2019 ar Chlub Bláthanna agus Gairdín Dhún Búinne agus ar Alan Phelan, ar cuireadh tús leis d’fhonn obair chomhoibritheach nua idir ealaíontóir(í) gairmiúil (gairmiúla) nó comhlachtaí léiriúcháin gairmiúla, in éindí le grúpaí foirmeálta agus neamhfhoirmeálta, cumainn agus coistí sa tír a spreagadh.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×