Skip to main content


Nuacht

Coimeád Cruthaitheach é! Gníomhaíochtaí spraíúla ar líne do Pháistí ar fáil le linn an tsamhraidh

Scroll
3 min read

Coimeád Cruthaitheach é! Gníomhaíochtaí spraíúla ar líne do Pháistí ar fáil le linn an tsamhraidh

3 min read

22/09/20

Coimeád Cruthaitheach é! Gníomhaíochtaí spraíúla ar líne do Pháistí ar fáil le linn an tsamhraidh

Má bhí an t-ádh ort páirt a ghlacadh i Cruinniu na nOg na bliana seo, lá cruthaitheachta náisiúnta na hÉireann do dhaoine óga, chonaic tú go raibh níos mó ná 460 imeacht digiteach ar fud na tíre ar siúl an 13 Meitheamh.

Is é buaicphointe Cruinniu na bliana seo, áfach, go bhfuil go leor de na gníomhaíochtaí, ceardlanna, máistir-ranganna nó ranganna teagaisc ar líne fós ar líne mar sin fiú má chaill tú ceann nó muna raibh am agat rochtain a fháil orthu go léir, tá siad ar fáil ag aon am chun daoine óga cruthaitheacha agus fiosracha a choinneáil gnóthach agus gníomhach i rith míonna fada an tsamhraidh!

Níl anseo ach blaiseadh de na gníomhaíochtaí cruthaitheacha spraíúla, saor in aisce atá fós ar líne. Níl le déanamh ach cliceáil agus leanúint isteach i dtír nua chruthaitheach.

Sraith Cruinniu na nOg le Leabharlanna Uíbh Fhailí

 

Tá gníomhaíochtaí cruthaitheacha anseo do pháistí ag aon aois le 40 ceardlanna físe ó Seisiúin Ceoil Clainne le Noel go Rince Hip Hap agus scéalaíocht ó fud fad na tíre, agus an-chuid eile.

Breathnaigh orthu ar Facebook Leabharlanna Uíbh Fhailí.

Design & Crafts Council Ireland – Ceardlanna Déantóireacht Eitleoga

Agus na laethanta grianmhara deireanacha de Samhradh ag teannadh linn agus aeráid ghaofar ilbhliantúil na hÉireann, is am deas i gcónaí é chun eitleog a eitilt agus tugann na ceardlanna iontacha ar líne seo ó Design & Crafts Council Ireland treoir céim ar chéim duit maidir le píosa álainn a chruthú ó ábhair athchúrsáilte. Beidh tú ag eitilt i gceann tamaill!

Comhairle Contae Chill Dara – Conas Uachtar Reoite a dhéanamh

Seo duit ceann nach mbeidh moill orthu ainmneacha na páistí a chlárú leis, rang déantóireacht uachtar reoite! Tá an cheardlann ar líne seo ó Chomhairle Contae Chill Dara oideachasúil, spraíúil agus tá roinnt staire agus eolaíocht mar chuid de chomh maith. Dírítear an cheardlann seo ag páistí ach is gníomhaíocht gur féidir le gach aois páirt a ghlacadh ann!

2 Many Dance Moves – Ceardlanna Rince

Mar chuid de chlár imeachtaí Chomhairle Contae Loch Garman, coimeádfaidh na ceardlanna seo páistí de gach aois gnóthach. Á chur i láthair ag Becci Whelan, Stiúrthóir Ealaíne 2 Many Dance Move, tá ceardlanna ann ó Bhúgaí do Thuismitheoirí agus Lapadáin go Síneadh agus Machnamh do Dhéagóirí. In oiriúint do gach aois, beidh an chlann ar fad ag bogadh!

Breathnaigh orthu anseo.

Comhairle Contae an Longfoirt – Bunscileanna Códála

I gcomhpháirt le Comhairle Contae an Longfoirt, chruthaigh Siobhán Grealy sraith foghlama dóibh siúd a bhfuil spéis acu i scileanna códála a fhoghlaim. Tá físeáin mar chuid de a threoróidh do pháiste tríd bunús an chódála chomh fada lena gcluiche féin a dhéanamh! Gníomhaíocht a chaithfidh siad an-chuid ama uirthi!

Is féidir an sraith físeáin a fheiceáil ar Seirbhís Leabharlanna Contae an Longfoirt.

Seirbhís Ealaíne Mhaigh Eo – Ceardlann ar conas lámhchleasaíocht a dhéanamh

Tá scileanna sorcais thart ar feadh na gcéadta bliain agus níor imigh siad riamh as faisean, tá siad fós ag mealladh lucht féachana idir óg agus aosta, mar sin cén fáth nach bhfaighfeá amach conas earraí bunúsacha tí a úsáid chun lámhchleasaíocht a dhéanamh. Níl uait ach dhá liathróid lámhchleasaíochta, is féidir leat liathróidí beaga, oráistí, úlla, oinniúin nó liomóidí a úsáid!

Breathnaigh ar an gceardlann anseo.

Podchraoladh My Creative Life

Sraith podchraolta a cheiliúrann cruthaitheacht i measc daoine óga – ó cheol go scríbhneoireacht, amharcealaíon agus gleacaíocht acrabatach, is é My Creative Life an podchraoladh foirfe d’intinneacha óga, tá gach píosa gearr agus tógfaidh sé duine óg trí dhomhan cruthaitheach agus spreagfaidh sé iad le hiniúchadh a dhéanamh ar a gcuid paisin. Podchraoladh a spreagfaidh agus a chuirfidh síolta cruthaitheachta go cinnte!

Éist le My Creative Life anseo.

Creative Fingal – Playful Puppetry

Rud lárnach don chruthaitheacht is ea samhlaíocht a thabhairt d’íomhánna óga saor in aisce le spreagadh agus is bealach iontach dó sin ná puipéid a dhéanamh. Tá Anne Cradden, an t-ealaíontóir bainteach leis an Draíocht. Taispeánann an cheardlann ar líne seo do leanaí conas carachtair puipéad iontacha a dhéanamh as rudaí gur féidir leo a fháil timpeall an tí, ó rollaí cairtchláir go stocaí. Is féidir le páistí aon rud gur mhaithe leo a mhaisiú agus ansin beocht a chur ina gcarachtair ina n-amharclann puipéad féin.

Ceardlann ar líne anseo.

Bí ag faire amach i gcomhair níos mó sa tsraith spraíúil imeachtaí ar líne seo ó Cruinniú na nÓg.

Stay up to date

×