Skip to main content


Nuacht

Colm Cille 1500

Comóradh bliana is ea Colm Cille 1500 ina mbeifear ag ceiliúradh 1500 bliain ó rugadh an Naomh. Tugann an comóradh aitheantas don tábhacht a bhain leis an naomh ón 6ú haois agus oidhreacht an fhir féin, ní amháin dá áit dúchais, Dún na nGall agus don chéad mhainistir a bhunaidh sé i nDoire - ach d'oileán na hÉireann ar fad, d'Albain agus don domhan mór. Beidh an ceiliúradh bliana ar siúl ón 7 Nollaig 2020 go dtí an 7 Nollaig 2021.

Tá Comhairle Chontae Dhún na nGall, Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin i mbun clár a chomhordú don bhliain, clár atá á mhaoiniú den chuid is mó tríd an gCiste Forbartha Thiar Thuaidh, i gcomhar leis an Oifig Fheidhmiúcháin agus Rialtas na hÉireann agus le tacaíocht uathu.

Ina theannta sin, tá Éire Ildánach ag tacú le Scéim Deontais Cholm Cille 1500 trína bhfuiltear ag cur maoiniú ar fáil do naoi dtogra ar fud Dhún na nGall – ag tabhairt beocht d’oidhreacht Cholm Cille trí réimse téamaí, stair, ceol, drámaíocht, litríocht, ealaíon, seandálaíocht, spioradáltacht, seanchas agus béaloideas ina measc.  Cuireadh tús leis an réamhobair don chomóradh i bhfad sular thosaigh an bhliain í féin agus chuir Éire Ildánach tacaíocht ar fáil don iomaí togra a tugadh chun críche i gcaitheamh na bliana chomh maith.  I measc na dtograí sin bhí pacáiste oideachais, togra digiteach béaloidis, an taispeántas oilithreachta Turas, agus na taibhléirithe a coimisiúnaíodh de The Enemy Within, iad ar fad a fuair tacaíocht ó Éire Ildánach sa bhliain 2020.

Chun tuilleadh sonraí a fháil ar chlár Cholm Cille 1500 agus ar na himeachtaí atá beartaithe i gcaitheamh na bliana téigh chuig: www.colmcille1500.com. Is féidir an nuacht is déanaí a fáil ar imeachtaí agus ar ghníomhaíochtaí ar Facebook ag www.facebook.com/Colmcille1500NW.

Áirse Cholm Cille i nDíseart

Is cuid de thaobh tíre na n-oilithreach í Áirse Cholm Cille i nDíseart, taobh tíre atá suite i bparóiste Inbhir ag bun na gCruach i ndeisceart Dhún na nGall. Mar chuid den láithreán tá sraith imfháluithe eaglasta ó luathré na Críostaíochta chomh maith le cairn aithrí, tobar beannaithe i gcuimhne Naomh Colm Cille, altóir iar-mheánaoiseach agus cillín (reilig na bpáistí).

Deirtear gurbh é Naomh Colm Cille é féin a bhunaigh an áit sa séú haois AD, ach is léir ó fhianaise a aimsíodh ó thochailt ann sa bhliain 2019, tochailt a bhí faoi stiúir Ghrúpa Oidhreachta Dísirt, go raibh an láithreán in úsáid roimhe sin sa réamhstair. Tá tábhacht fós le Díseart sa lá atá inniu ann don chráifeacht reiligiúnach. Tá saorálaithe pobail agus mic léinn seandálaíochta i mbun tochailt bhreise ann i mbliana arna maoiniú trí Scéim Deontais Cholm Cille le tacaíocht ó Éire Ildánach.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×