Skip to main content


Nuacht

“Coming Home” le Brian O’Doherty, Ionad Ealaíon Ros Comáin

Níl bealach is fearr le ceiliúradh a dhéanamh ar ealaíontóir de bhunadh Ros Comáin ná taispeántas dá chuid saothair a chur ar siúl chun spás nua do na hamharc-ealaíona in Ionad Ealaíne Ros Comáin a sheoladh. “Coming Home” an chéad taispeántas riamh de chuid Brian O’Doherty ina chontae dúchais.

Ní hamháin go músclaítear leis an teideal an tuiscint atá againn féin don chumha i ndiaidh na bunáite, is comhartha atá ann freisin, atá rí-oiriúnach sa chás seo, maidir le ceiliúradh agus admháil ar fhorbairt an ealaíontóra, le déanamh go maith sa domhan mór agus le meas ar an saoi ina dhúchas féin.

Tá cruthaithe go maith ina shaol oibre ag O’Doherty ó shocraigh sé díriú ar chúrsaí amharc-ealaíon.  Bhí sé ina chriticeoir ealaíne, ina láithreoir teilifíse, ina riarthóir ealaíne agus ina ealaíontóir.  Cé gur i mbun critice a thosaigh sé ar a chuid oibre i Nua-Eabhrac, is maith an teist ar a fheabhas atá ag éirí leis i mbun na healaíne saothar dá chuid a chur ar taispeáint sa Museum of Modern Art agus sa Metropolitan Museum of Art i Nua-Eabhrac, chomh maith le hionad Pompidou i bPáras agus an IMMA agus Dánlann Hugh Lane i mBaile Átha Cliath.

Tá saothair thábhachtacha maidir le criticeoireacht ealaíne foilsithe ag O’Doherty, mar shampla American Masters agus an leabhar iomráiteach Inside the White Cube: The Ideology of the Gallery Space (1976), agus bronnadh Saoirse Ros Comáin ar O’Doherty in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann sa bhliain 2018 agus b’ábhar ríméid dó ag an ócáid sin glacadh le cuireadh an saothar nua dá chuid féin a chur ar taispeáint in Ionad Ealaíon Ros Comáin.

Tá saothair nua áirithe de chuid Bhriain san áireamh le “Coming Home” a bhfuil priontaí eagráin theoranta díobh foilsithe ag Stoney Road Press, chomh maith le leagan nua de Rope Drawing #128 Flipped Corner (Green/Blue) as bailiúchán an IMMA. Go breá tráthúil, tharla an taispeántas an t-am céanna a raibh foilseachán nua faoin teideal spreagúil céanna á fhoilsiú ina bhfuil ábhar coimisiúnaithe ón Ollamh Luke Gibbons, ón ealaíontóir Katie Holten agus ó na scríbhneoirí maidir le cúrsaí ealaíne Joanne Laws agus Sue Rainsford, i ndáil le saothar leathanréimseach an Dochartaigh.

Cuireadh cistíocht ar fáil do “Coming Home” faoi Éire Ildánach agus tá an taispeántas á chur i láthair i gcomhar leis an stiúideo priontála mínealaíne Stoney Road Press i mBaile Átha Cliath agus le hÁras Nua-Ealaíne na hÉireann.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×