Skip to main content
NO REPRO FEE 4/5/2022 Cruinniú na nÓg 2022 ambassadors show their skills at the Killruddery House and Gardens at the launch of Cruinniú na nÓg 2022 – a day of free creative activity for young people. Pictured with Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, Catherine Martin TD, are (from left) members of the Cloughjordan Circus Club, Anouk Baldin-Merer (14) and Millie Sheppard (12), the Barceló Brothers, Micheal Barceló (13) and Seamus Barceló (15) and young guitarist Luke Melvin (17). For more information about the hundreds of creative things to see and do on 11th June 2002 please go to www.cruinniu.creativeireland.gov.ie PHOTO: Mark Stedman


Nuacht

An Rialtas ag tabhairt tús áite do chúrsaí pobail agus cuimsithe agus síneadh cúig bliana curtha le hÉire Ildánach

Scroll
min read

An Rialtas ag tabhairt tús áite do chúrsaí pobail agus cuimsithe agus síneadh cúig bliana curtha le hÉire Ildánach

min read

9/12/22

An Rialtas ag tabhairt tús áite do chúrsaí pobail agus cuimsithe agus síneadh cúig bliana curtha le hÉire Ildánach

D’fháiltigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. roimh thacaíocht an Rialtais don mholadh dá cuid go gcuirfí síneadh ama le Clár Éire Ildánach go dtí 2027. Chomh maith leis na cláir oibre atá ann cheana féin agus a bhaineann le Pobail Ildánacha agus an Óige Ildánach, tabharfar aghaidh ar thosaíochtaí nua freisin sna Tionscail Ildánacha, Sláinte agus Folláine Ildánach agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Inbhuanaitheacht Shóisialta. Déanfaidh an Clár forbairt freisin ar ghné thábhachtach atá bainteach le hOileán Comhroinnte le tacaíocht ó Roinn an Taoisigh. Cheadaigh an Rialtas an síneadh ama seo an tseachtain seo.

  • Leanfaidh Clár Éire Ildánach ar aghaidh go dtí 2027
  • Cuireadh os cionn 7,500 tionscnamh ildánach i gcrích go dtí seo
  • Tá os cionn 100,000 duine óg páirteach anois i gCruinniú na nÓg
  • Beidh tionscnaimh nua i gceist mar a bhaineann le Tionscail Ildánacha, Sláinte agus Folláine Ildánach agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Inbhuanaitheacht Shóisialta a sheachadadh
  • Tabharfar isteach gné nua a bhaineann le hOileán Comhroinnte

 

In 2017 seoladh Clár Éire Ildánach mar thionscnamh cultúir agus folláine uile-Rialtais agus é tiomanta don fhís gur chóir go mbeadh deis ag gach duine in Éirinn barr cumais a bhaint amach ó thaobh na cruthaitheachta de.

Ó shin i leith cruthaíodh na mílte deiseanna le go bhféadfaí ligean leis an éiceachóras cruthaitheachta. Cuireadh é seo i gcrích trí chomhpháirtíochtaí láidre a bhunú idir an Rialtas Láir agus an Rialtas Áitiúil, na healaíontóirí agus an pobal cruthaitheach i gcoitinne agus, thar aon dream eile, na pobail ina raibh na tionscadail á seachadadh iontu.

Dúirt an tAire Catherine Martin:

Leanfaidh mo Roinn de bheith ag obair le comhpháirtithe sa Rialtas Láir agus sa Rialtas áitiúil, trí Chlár Éire Ildánach, chun úsáid a bhaint as cumhacht na cruthaitheachta mar thaca don fholláine i ngach pobalCé gur theastaigh uaim go gcoinneodh Éire Ildánach na tosaíochtaí atá ann ó thaobh daoine óga, pobail áitiúla agus deiseanna do na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste, tá an-áthas orm gur aontaigh an Rialtas gur chóir go gcuirfí tuilleadh béime ar chúrsaí sláinte agus folláine, ar ár dtionscail ildánacha, ar an ngníomhú ar son na haeráide, agus ar an inbhuanaitheacht shóisialta. Thar aon rud eile teastaíonn uaim go mbeimid, tríd an gclár seo, ag cur leis na deiseanna a bhíonn ar fáil do na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste ionas go mbeidh siad gafa leis an gcruthaitheacht.”

Trí Éire Ildánach, leag an Rialtas béim ar an ról tacaíochta atá ag an gcultúr agus ag an gcruthaitheacht sna polasaithe a bhaineann le cúrsaí oideachais, sláinte agus folláine, leis an nuálaíocht, an caidreamh idirnáisiúnta, an fhorbairt áitiúil inbhuanaithe agus an tacaíocht bhreise a thugtar do na tionscail Ildánacha.

Le cúig bliana anuas tá Clár Éire Ildánach tagtha chun cinn mar chreat dearfach chun athrú a chur i bhfeidhm. Tá os cionn 7,500 tionscnamh cruthaitheach, faoi stiúir an phobail, ar fud na tíre atá tar éis na rannphairtíochta, an chuimsithe agus an léirithe cultúrtha a chur chun cinn. Ina measc seo tá tionscnaimh ar nós Cruinniú na nÓg, tionscnamh a thugann deis do na mílte leanaí in Éirinn iad féin a chur in iúl go cruthaitheach.

Bhí Éire Ildánach ina ceannródaí mar a bhaineann le polasaí a fhorbairt trí thacaíocht a thabhairt do chomhdhálacha inar pléadh smaointe nua maidir le ról na cruthaitheachta san oideachas agus i saol na ndaoine óga, ról an chultúir inár gcóras cúraim sláinte agus an ról atá ag an dearadh seirbhíse fud fad na seirbhíse poiblí.

Ar bhuaicphointí an chláir tá:

Cuireadh tús le Cruinniú na nÓg in 2017. Is ócáid thábhachtach í seo anois i saol cultúrtha na ndaoine óga in Éirinn agus níl aon imeacht eile dá leithéid ar domhan. In 2022 ghlac os cionn 101,000 duine óg páirt i 1,690 imeacht cultúrtha saor in aisce a bhí faoi stiúir bhreis agus 1,200 cleachtóir cruthaitheach. Thug na himeachtaí seo deis do dhaoine óga rud éigin nua a thriail agus a gcumas cruthaitheacha féin a léiriú.

Gníomhaíocht Ildánach ar son na hAeráideTarraingíonn an tionscnamh uathúil seo na scileanna agus an saineolas atá ag an bpobal cruthaitheach le chéile, ag na gníomhaithe aeráide, na heagraíochtaí neamhrialtasacha, lucht acadúil, eagraíochtaí agus pobail an rialtais áitiúil d’fhonn tionscadail a chruthú a chuirfidh leis an bhfeasacht agus a athróidh na hiompraíochtaí sin a chabhraigh leis an ngéarchéim aeráide a dhéanamh níos measa. Tá an dara Ciste um Ghníomhú go hIldánach ar son na hAeráide díreach seolta le tacaíocht airgeadais ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus ó Roinn an Taoisigh.

Mar fhreagra ar an scoiteacht a tharla de bharr na dianghlasála in 2020, d’oibrigh Clár Éire Ildánach leis an Mobile Music Machine chun an t-aoibhneas agus an fuinneamh a bhaineann le ceol beo a thabhairt chuig tithe cúraim agus suíomhanna ospidéil timpeall na tíre. Agus é ag taisteal go leanúnach le linn na géarchéime, chuir Mobile Music Machine os cionn 1650 ceolchoirm, a raibh breis agus 100 ceoltóir páirteach iontu, ar siúl i dtithe altranais agus i dtithe cúraim i 23 contae.

In 2022 rinne an clár píolótú ar shé thionscadal cruthaitheach de chuid Oileán Comhroinnte agus leas á bhaint as cumhacht na cruthaitheachta cultúrtha d’fhonn pobail a thabhairt le chéile agus ár bhféiniúlachtaí chomhroinnte a neartú. Tá an Rialtas tiomanta go hiomlán anois don tionscadal, a mbainfidh caiteachas réamh-mheasta €6 milliún leis thar thrí bliana.

Tá Clár Éire Ildánach faoi stiúir na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus é deartha chun an chruthaitheacht a chur chun cinn mar straitéis a chuideoidh leis an bhfolláine, leis an imeascadh sóisialta agus leis an ngeilleagar. Is é an bunchoincheap atá taobh thiar de ná go gcuidíonn rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha le feabhas a chur ar fholláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin. Déanann an Roinn a dícheall, trí Éire Ildánach, tuiscint agus meas ar an luach a bhaineann le gach gné den chruthaitheacht a chur chun cinn agus an chruthaitheacht a leabú sna beartais phoiblí.

An Rialtas ag tabhairt tús áite do chúrsaí pobail agus cuimsithe agus síneadh cúig bliana curtha le hÉire Ildánach

Open Video

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×