Skip to main content
DKANE 24/01/2022 REPRO FREE Artists Lennon Taylor (Marilyn Lennon and Seán Taylor) of The KinShip Project, at Tramore Valley Park, Cork. The KinShip Project, an ambitious durational public artwork, is officially underway at a former landfill site south of Cork City, led by artists Lennon Taylor, in partnership with Cork City Council. It aims to develop a kin-like connection between the community and its park, encouraging people to treat Tramore Valley Park like an extension of their own family. Throughout 2022 the project hosts 36 free public-led activities, the construction of an Ecolab, 10 Artist Placements, and many creative collaborations. Find out how you can get involved at www.corkcity.ie/en/kinship/ PIC Darragh Kane


Nuacht

Caidrimh agus dáimh pobail i gCorcaigh

Scroll
4 min read

Caidrimh agus dáimh pobail i gCorcaigh

4 min read

25/01/22

Caidrimh agus dáimh pobail i gCorcaigh

Is saothar ealaíne uaillmhianach poiblí é an KinShip Project a mhairfidh ar feadh na bliana agus atá suite i seanláithreán líonta talún ar an taobh ó dheas de Chathair Chorcaí. Tá sé mar aidhm aige caidreamh mar a bheadh gaol ann a bhunú idir Páirc Ghleann na Trá Móire agus an pobal máguaird.

Agus é faoi stiúir na n-ealaíontóirí LennonTaylor (Marilyn Lennon agus Seán Taylor), i gcomhpháirtíocht le Comhairle Chontae Chorcaí spreagfaidh  The KinShip Project daoine plé le Páirc Ghleann na Trá Móire amhail is dá mba cuid den teaghlach sínte é.

Bhí an tionscadal nuálach seo ar cheann de na 15 tionscadal a fuair an chéad mhaoiniú faoin gCiste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide, tionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Tacaíonn an ciste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide le tionscadail chruthaitheacha, chultúir agus ealaíonta a chothaíonn feasacht ar an athrú aeráide agus tugann sé cúnamh do shaoránaigh a n-iompraíocht a athrú ó bhonn ar bhealach fiúntach. I measc na gcomhpháirtithe sa tionscadal áitiúil tá Cathracha Sláintiúla Chorcaí, Líonra Dúlra Chorcaí, Cathracha Foghlama UNESCO, Spásanna Glasa don tSláinte, An tIonad um Teicneolaíocht Ghlan agus Institiúid Taighde Comhshaoil COC.

Gnáthóg le haghaidh lear mór rudaí beo

Cuimsíonn Páirc Ghleann na Trá Móire 170 acra amach ó Nascbhóthar Theas na cathrach agus is mór an t-athrú atá tagtha ar a thimpeallacht i rith na mblianta. Ó na 1960idí go dtí 2009, úsáideadh an láithreán mar láithreán líonadh talún agus cuireadh os cionn 3 mhilliún tonna dramhaíola ó thithe agus ó ghnólachtaí i gCorcaigh isteach ann. Rinneadh pleananna chun úsáid nua a bhaint as an talamh, agus deich mbliana tar éis don láithreáin líonta talún a bheith dúnta, rinneadh an suíomh a athrú ó bhonn go raibh sé ina pháirc phoiblí do mhuintir Chathair Chorcaí. Bhí sé ansin ina ghnáthóg ag lear mór rudaí beo agus tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo ‘caidreamh’ a bhunú leo seo.

Míníonn na healaíontóirí LennonTaylor:

Is ionad seandálaíochta í an Pháirc dár stair féin, stair ár gcairde, agus stair gach aon duine againn a mhair agus a d’fhás aníos sa chathair sna blianta sin. Is cuid den pháirc sin muid, táimid freagrach, is linn cuid de stair an tírdhreacha sin. Is dúshlán don tsamhlaíocht é The KinShip Project i ré seo an athraithe aeráide, agus dúinn go léir.”

Tugann LennonTaylor cuireadh don phobal páirt a ghlacadh i The Midden Chronicles, a dhéanfaidh léarscáiliú domhain, a thógfaidh bliain, ar an bpáirc. Tugann siad le fios gur cineál scéalaíocht chomhaimseartha, nuair a chuirtear le chéile iad, atá sna gníomhaíochtaí laethúla cosúil le fás, sealgaireacht, múiríniú, athfhilleadh, siúl, beachaireacht, plandáil agus an mheicníocht bhraite. Agus iad obair le comhpháirtithe déanfaidh siad léaráid ealaíontóra a thaifeadadh, a chraoladh, a léiriú, a scríobh, a shamhlú, a chruthú agus a roinnt leis an bpáirc, leis an bpobal beo i gcoitinne agus le saoránaigh Chathair Chorcaí.

The KinShip Project

Open Video

Bí páirteach i KinShip

I measc trí ghné eile de chlár Thionscadal Kinship tá

  • AG COTHÚ DÁIMHE: AN CLÁR KINSHIP FAOI STIÚIR NA SAORÁNACH

Tá ‘Becoming Kin/ Ag cothú Dáimhe’ á iarraidh a bheith i dteagmháil le pobail a bhfuil a nguth agus a dtionchar ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar an ngníomhú ar son na haeráide. Cuireann The KinShip project fáilte anois roimh léirithe spéise ó aon duine, grúpa, eagraíocht nó grúpa cairde atá lonnaithe i gCathair Chorcaí a bhfuil eolas, fios gnó nó scileanna acu le roinnt leis an bpobal. B’fhéidir gur mhaith leis na rannpháirtithe cur leis trí chainteanna agus ceardlanna a reáchtáil nó trí shiúlóidí agus gníomhaíochtaí eile bunaithe ar an bpáirc a threorú.

Beidh na gníomhaíochtaí seo ar siúl ar an Domhnach deireanach de gach mí. Don chéad imeacht, reáchtálfaidh Líonra Dúlra Chorcaí Siúlóid Dúlra Geimhridh SAOR IN AISCE sa pháirc ar 27 Feabhra, 2pm-4pm, agus é oiriúnach do gach aois.

  • CLÁR SOCRÚCHÁIN D’EALAÍONTÓIRÍ FAOI KINSHIP

Is féidir le healaíontóirí gairmiúla nó daoine cruthaitheacha iarratas a dhéanamh chun páirt a ghlacadh i Socrúchán Ealaíontóra ar an KinShip Project. Tá na Socrúcháin Ealaíontóirí seo, a bhfuil íocaíocht i gceist leo, dírithe go háirithe ar pheirspictíochtaí nua a chur ar fáil, bealaí le maireachtáil  sa pháirc, agus comhrá poiblí níos leithne a thosú maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide, éiceolaíocht, dramhaíl, úsáid talún uirbeach, agus an gaol leis an bpobal beo i gcoitinne.

  • COMÓRTAS ÉICEALAB KINSHIP

Is glao oscailte é comórtas Éicealab Kinship chun struchtúr sealadach turgnamhach agus nuálach a mbeadh tábhacht ailtireachta ag baint leis a dhearadh agus a thógáil i bPáirc Ghleann na Trá Móire. Tugann an comórtas dúshlán d’ailtirí, d’ealaíontóirí, do dhearthóirí, d’éiceathógálaithe agus do cheardaithe struchtúr sealadach ailtireachta/dealbhóireachta a chruthú le haghaidh cruinnithe poiblí agus ceardlanna. Ba cheart go ndíreodh na tograí ar theicnící tógála atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus éifeachtach ó thaobh costais de chun sampla a thabhairt den chleachtas tógála glas in Éirinn agus níos faide i gcéin. Seolfar an comórtas i mí an Mhárta 2022, agus déanfar é a fhógairt ar ghréasáin agus cainéil na meán sóisialta ag The KinShip Project.

 

Above:

Dúirt an tAire Catherine Martin:

In am an dúshláin, thugamar faoi deara go rabhamar ag iompú ar na healaíona mar bhealach chun ár dtaithí chomhroinnte a phróiseáil, mar ardán le haghaidh comhléiriú agus mar uirlis don fhorbairt phobail. Tá an tAthrú Aeráide ar cheann de na dúshláin is mó againn sa lá atá inniu ann. Tugann coincheap na dáimhe, atá mar bhonn agus mar thaca ag The KinShip Project, an deis dúinn a bheith inár bhfoinsí don athrú a theastaíonn uainn a fheiceáil sa domhan seo, le fíorfhís.”

 Dúirt an tAire Eamon Ryan freisin:

 “Léiríonn ár n-infheistíocht sa KinShip Project, tríd an gciste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide, tiomantas ár ranna tacú leis an ngníomhú pobail ar son na haeráide ar bhealach atá cuimsitheach agus samhlaíoch. Tá prionsabail na rannpháirtíochta agus na cruthaitheachta pobail a chuireann bonn eolais faoin tionscnamh seo ríthábhachtach dár n-iarracht tacú le pobail agus iad a chur i mbun gnímh go háitiúil ar son na haeráide agus an chomhshaoil. Is sampla iontach é an tionscadal seo den mhéid is féidir a dhéanamh agus tá súil againn go spreagfaidh sé pobail eile le bheith cruthaitheach agus iad ag gníomhú ar son na haeráide freisin.”

Ardmhéara Chorcaí An Comhairleoir Colm Kelleher:

Fáiltíonn Comhairle Cathrach Chorcaí roimh bhronnadh an mhaoinithe ón gCiste Um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide ar The KinShip Project. Glacann an Chomhairle leis an deis seo fís chruthaitheach a thabhairt do na saincheisteanna a bhaineann leis an aeráid agus an pobal a mhealladh isteach sa timpeallacht uathúil atá i bPáirc Ghleann na Trá Móire.”

Faigh amach conas is féidir leat a bheith páirteach sa KinShip Project, nó chun clárú le haghaidh imeacht saor in aisce, tabhair cuairt ar www.corkcity.ie/en/kinship/

Léigh tuilleadh faoi na 15 thionscadal nuálacha de chuid an Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide anseo.

Stay up to date

×