Skip to main content


Nuacht

Conair Ealaíne Dhún Garbhán

Chruthaigh an t-ealaíontóir agus clódóir aistrithe ruaime, Jean Curran, taispeántas dá saothar bunaidh de phriontaí aistrithe ruaime ó scannáin Technicolor i bhfoirm Chonair Ealaíne thumthach.

Beidh an taispeántas faoi aer ar siúl ó Bhealtaine go dtí mí Mheán Fhómhair 2021, taispeántas ina mbeidh bunphriontaí lámhdhéanta á gcur os comhair an phobail i bhfuinneoga siopaí folmha agus i bhfuinneoga ghnónna atá ar fáil, ar fud bhaile Dhún Garbhán, Contae Phort Láirge. Á gcur i láthair go proifisiúnta i bhfuinneoga na siopaí, cruthaíonn na priontaí Conair Ealaíne thumthach chun go mbeidh an lucht féachana ábalta na saothair a scrúdú fad a dteann siad ó fhoirgneamh go foirgneamh.

Arna maoiniú ag Éire Ildánach (Port Láirge) agus Oifig Ealaíne Chomhairle Cathrach agus Chomhairle Chontae Phort Láirge, tá sé i gceist le Conair Ealaíne Dhún Garbhán bhrí agus beocht a thabhairt d’aghaidh na bhfoirgneamh, ag feabhsú an t-eispéireas tumthach.

Níl ach ceathrar clódóirí aistrithe ruaime ag obair ar fud an domhain, agus tá Jean ar dhuine acu, is í an t-aon ealaíontóir comhaimseartha í a úsáideann an modh clódóireachta seo, a dteastaíonn ardoiliúint ina leith agus atá beagnach imithe i léig, mar bhunús lena cleachtais ealaíne. Ní amháin go ndéanann Jean tagairt do luathscannáin dhaite, déanann sí tagairt don chaitheamh atá ann i ndiaidh ré órga na scannánóireachta lándaite agus luathré na próiseála scannáin dhaite.

Clódóireacht aistrithe ruaime – Is próiseas clódóireachta lándaite fótagrafach é a raibh móréileamh air sna 1920idí agus sna 1950idí. An próiseas – Cuirtear trí shraith ruaime; cian, maigeanta, agus buí, go seicheamhach agus le lámh, ar shraith eibleachta amháin. Tá obair dhuainéiseach i gceist leis an bpróiseas a úsáideann Jean chun a priontaí a dhéanamh agus chuirfeadh an t-am, an t-eolas teicniúil agus an aire a thugann sí do gach aon phrionta daite an dúthracht atá ag péintéir nó ag dealbhóir dá gceird i gcuimhne duit, dúthracht curtha in iúl trí phróiseas an déantúis.

Cuireann an taispeántas seo de phriontaí fótagrafacha aistrithe ruaime bunphriontaí ó scannáin Technicolor i láthair, agus is é scéinséir Alfred Hitchcock Vertigo ón mbliain 1958 an chéad scannán a thaispeánfar. Tugann na priontaí urraim don phróiseas trínar ndearnadh na scannáin agus do mháistrí na ceirde a rinne iad. Leanann saothair Jean struchtúr líneach an scannáin agus léirítear rachmas agus úsáid datha i ngach aon phíosa saothair dá cuid a thaispeántar trí príomhradhairc sa scannán a aonrú.

A bhuíochas don tionscnamh, Conair Ealaíne Dhún Garbhán, tugtar deis don lucht féachana a gceangal leis an spás ina bhfuil an ealaín curtha os a gcomhair a athmheas agus tá sé i gceist leis leibhéal na rannpháirtíochta idir an pobal, na gnónna áitiúla agus na saothair ealaíne a neartú tuilleadh.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×