Skip to main content


Nuacht

Comhráite i bPortráid

Scroll
3 min read

Comhráite i bPortráid

3 min read

16/02/21

Comhráite i bPortráid

In 2020 d'oibrigh Comhairle Contae Ros Comáin le Comhairlí Contae Shligigh, Liatroma agus Dhún na nGall ar thionscadal a d’iompaigh amach ina rud álainn. Thug sé léargas agus peirspictíocht nua dúinn agus, thar aon ní eile, chruthaigh sé naisc nua idir daoine Scothaosta sna ceantair sin agus an Chruthaitheacht.

Chuireamar glaoch amach chuig daoine os cionn 70 bliain d’aois a bhí ag clútharú agus a mbeadh suim acu páirt a ghlacadh i suí fíorúil le haghaidh portráid leis an ealaíontóir Andy Parsons, fear a fuair Gradam Covid-19 de chuid na Comhairle Ealaíon, i gcomhar le hAostacht & Deiseanna.

Roghnaíodh seisear déag as na ceithre chontae agus chuaigh an t-ealaíontóir i mbun oibre. Phéinteáil Andy Parsons na portráidí thar thrí sheisiún ar zúm, agus é ag caint leis na daoine agus ag cur aithne orthu i rith an ama. Deis iontach a bhí ann a fháil amach faoin gcaoi ar fhreagair na seandaoine don athrú a tháinig ar an saol mar gheall ar Covid.

Mar chúiteamh ar a gcuid ama, tá socrú déanta ag Andy go dtabharfar na portráidí, agus iad críochnaithe, chuig tithe na suiteoirí. Cé go bhfuil píosa ealaíne inláimhsithe mar thoradh ar gach suí, dúirt Andy go raibh “an oiread céanna tábhachta leis na comhráite agus a bhí leis na portráidí. Is de réir a chéile a rinneadh an caidreamh, nó gur tháinig sé go dtí an pointe go raibh muid ar ár suaimhneas nuair a bhí tost ann!” Táthar ag súil, ach go mbraitheann sé ar shrianta Covid, go mbeidh líon beag de dhlúththeaghlach agus de chairde, chomh maith le baill foirne, in ann an portráid a fheiceáil, ionas go mbeidh tomhaltas na healaíne ina rud daonlathach.

Tugann an tionscadal seo, a oibríonn leis an bpobal, léargas ar an iomas a bhíonn ag muintir na tíre seo grá a thabhairt do na rudaí is ansa linn, a bheith i láthair sna cúinsí a bhfuilimid iontu, agus ceangal athuair le gnéithe ar chuir an saol gnóthach a bhí againn roimh Covid bac orthu. Thug sé deis do na suiteoirí ceangal a bheith acu leis an tsochaí taobh amuigh dá dtithe agus dá suíomhanna cúraim, ar bhealach nach dtarlódh, b’fhéidir, dá uireasa. Guthanna na ndaoine scothaosta, a bhfuil sé an-éasca dearmad a dhéanamh orthu, a lorg.

Above:

Sa phictiúr seo anseo tá Maisie, bean 97 bliain d’aois a bhfuil cónaí uirthi i dTeach Altranais Sonas, Droim Caiside, Ros Comáin. Le linn phaindéim Covid-19, choinnigh Maisie suas chun dáta leis an nuacht ar fad, agus í á leanúint go haireach. Bhí dearcadh dearfach aici ar chúrsaí agus léirigh sí tuiscint iomlán ar na hathruithe go léir a bhí ag tarlú ina timpeall. D’fhan sí dílis i gcónaí dá creideamh, agus í ag guí go bhfeabhsódh an saol amach anseo. Chuir an t-ealaíontóir Andy Parsons síos uirthi mar bhean a bhí fíor-inspioráideach. Tá tús áite tugtha don phortráid anois ar bhalla Maisie.

Na suiteoirí eile a bhí againn:

Noel Higgins, Mainistir na Búille. B’éigean do Noel clútharú ó mhí an Mhárta ar aghaidh mar gheall ar sheach-chonair ceathrúil agus a dhroim a bheith briste. Mar sin féin, níor chaill sé a mhisneach i rith an ama.

Paddy Horan. Tá Paddy ina chónaí i dTeach Plunkett. Is breá an cainteoir é agus d’oir an tionscadal seo dá phearsantacht. Bhain an t-ealaíontóir Andy Parsons agus Paddy taitneamh as na suí.

Rosaleen Callery, Cnoc Rois, Mainistir na Búille.  Fágadh Rosaleen gan aon deiseanna sóisialta nuair a cuireadh srianta Covid i bhfeidhm. Bhí sí 87 bliain d’aois i mí Dheireadh Fómhair, ach tá Rosaleen imithe ar shlí na fírinne faraor ó shin agus déanaimid comhbhrón ó chroí lena teaghlach. Tá súil againn go dtabharfaidh an phortráid sólás dóibh. Suaimhneas síoraí go raibh aici.

Nuair a cheadaigh srianta Covid é d’fhostaigh Comhairle Contae Ros Comáin an grianghrafadóir Brian Farrell chun grianghraif a ghlacadh de na suiteoirí ina dtithe féin leis portráidí críochnaithe, agus is iontach an rud é a thoradh seo a fheiceáil.

Above:

Stay up to date

×