Skip to main content


Nuacht

Curacha ar an gCanáil 

Is comhoibriú idir an t-amharc-ealaíontóir agus an saor báid tionscadail, Andi McGarry, agus rannpháirtithe ó chumann tithíochta na seanóirí agus pobal níos leithne Ráth Daingean agus Dhún Chormaic a bhí i gceist le Curacha ar an gCanáil. Bhí an tionscadal seo maidir le comhfhorbairt áite faoi stiúir na héiceolaíochta, dírithe ar rannpháirtíocht an phobail idirghlúine le hIonad Pobail McColls nua-fhorbartha Ráth Daingean, trí adhmadóireacht, ceardaíocht, láimhseáil báid agus eachtraíocht.

Thóg an grúpa cabhlachán de bháid ar chruth babhla éadrom ar a dtugtar curacha agus úsáid á baint acu as sail áitiúil agus rinne iniúchadh ar fhlóra agus ar fhána Chanáil Bhaile an Droichid nach bhfuil in úsáid níos mó. Mar chuid de scéim mhór draenála agus míntírithe i dtús báire, baineadh úsáid as an gcanáil cúig mhíle seo mar chóras iompair ina dhiaidh sin. Tháinig deireadh le húsáid na canálach sna 1940idí.

Cuireadh tús leis an tsaoirseacht bád i dtús Mheán Fómhair le foireann de thart ar 30 oibrí páirtaimseartha agus oibrithe rialta. Tógadh ceithre churach le frámaí saileacha, cabhlacha canbháis agus cuireadh péint bhiotúmanach orthu thar thréimhse deich lá. Seoladh na curacha agus chuathas i mbun iomartha go rathúil feadh na canálach an dá bhealach. Chuir na deiseanna le hiniúchadh a dhéanamh ar an gcomharsanacht ó dhearcadh difriúil tuiscint nua ar fáil maidir le hoidhreacht an tírdhreacha agus chuir le meas ar éagsúlacht na héiceolaíochta áitiúil. Rinne na bádóirí cur síos ar na huiscí a chonaic siad agus a bhí ‘lán le húlla mar a bheadh babhla úll aimsir na Samhna, neart fiailí glasa agus loig agus crainn mhóra mhillteacha feadh na mbruach. Bhí droichid rúnda le tabhairt faoi deara a bhí clúdaithe le haolchuisní agus éin ar nós, an chorr réisc, lachain agus cearca uisce. Bhí an t-uisce ag cur thar maoil le lannaigh agus bhí bláthanna sceach gheal spréite ar an dromchla ar nós na bonnóige le huachtar reoáin. Ar an radharc a sheas amach bhí murlach mara agus é ag eitilt leis.’ Thuairiscigh rannpháirtithe gur bhain siad sásamh iontach as bualadh le daoine nua dá bpobal, go háirithe trí thascanna neartaithe foirne agus réiteach fadhbanna. Ar an mothúchán foriomlán a tháinig trasna bhí, go gcothaíonn úsáid a bhaint as tascanna cruthaitheacha chun an pobal a neartú cur chuige cruthaitheach chun teacht aniar a bhaint amach, cibé teacht aniar i dtéarmaí sláinte agus folláine, mórtas áite nó athrú aeráide.

Spreag tionscadal Curacha ar an gCanáil tionscadal saoirseachta bád eile pobal-bhunaithe i bparóiste comharsanachta Ché na Cille Móire, ar a dtugtar Bealaí Uisce. Tá sé mar aidhm leis an tionscadal seo cur le cultúr na bithéagsúlachta, an chaomhnaithe agus na bainistíochta uisce sa cheantar, agus déanfar an bealach ar bainistíodh gluaiseacht uisce san am a caitheadh a mheas agus an bealach ina bhféadfaí bualadh faoi mhaireachtáil inbhuanaithe sna bogaigh amach anseo. Beidh Bealaí Uisce ar fáil sa bhliain 2024.

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×