Skip to main content
Cork County Council Library & Arts Service has announced details of this year’s Cork County Cruinniú na nÓg programme, which will take place on Saturday, June 10th. Full details of the countywide program are available at www.corkcoco.ie. Pictured at the launch are Mayor Danny Collins, and Peggy and Donnacha Mitchell-Hehir, Hugo and Lily Coll, and Radie and Sonny Forrestal.


Nuacht

Deis do Dhaoine Óga a Mianta Cruthaitheacha a Fhíorú Fógartha ag Comhairle Contae Chorcaí

Scroll
2 min read

Deis do Dhaoine Óga a Mianta Cruthaitheacha a Fhíorú Fógartha ag Comhairle Contae Chorcaí

2 min read

9/11/23

Deis do Dhaoine Óga a Mianta Cruthaitheacha a Fhíorú Fógartha ag Comhairle Contae Chorcaí

Ar mhian leat uirlis cheoil a sheinnt, scéal a scríobh, éadaí a dhearadh nó greannán a dhéanamh? Tá clár ealaíne nua don bhliain 2024 fógartha ag Comhairle Contae Chorcaí agus tá sé mar aidhm aige mianta cruathaitheacha pháistí agus daoine óga Chorcaí a fhíorú.

Ar mhian leat uirlis cheoil a sheinnt, scéal a scríobh, éadaí a dhearadh nó greannán a dhéanamh?

Tá clár ealaíne nua don bhliain 2024 fógartha ag Comhairle Contae Chorcaí agus tá sé mar aidhm aige mianta cruathaitheacha pháistí agus daoine óga Chorcaí a fhíorú. Mar chuid de Chruinniú na nÓg sa bhliain 2023, d’fhoghlaim duine óg as Iarthar Chorcaí conas na drumaí a sheinnt i sraith cheardlann.

Ba é seo brionglóid a bhí acu, agus chabhraigh na ceardlanna saor in aisce seo leo, a bhí mar chuid dár lá náisiúnta de chruthaitheacht, a chuid mianta a aithint. Spreag sé seo an fhoireann taobh thiar de Chruinniú na nÓg i gContae Chorcaí clár a fhorbairt a chabhraíonn le níos mó daoine óga a mianta a fhíorú.

Méara Chontae Chorcaí, An Comhairleoir Frank O’ Flynn

Nuair a bhí mé féin ag fás aníos, is iomaí mianta cruthaitheacha a bhí agam agus ba bhreá liom deis mar seo a bheadh agam.

Glacfar le hiarratais do My Creative Wish/ Mo Mhian Chruthaitheach ó gach scoil i gContae Chorcaí agus bronnfar ocht mian bhuacacha ar dhaoine óga suas le 17 mbliana. Gheobhaidh na buaiteoirí sé cheardlann chruthaitheacha dóibh féin agus dá rang faoi stiúir ealaíontóirí proifisiúnta. Buailfidh na buaiteoirí, in éineacht lena dtuismitheoirí agus lena múinteoirí, le Méara Chontae Chorcaí, An Comhairleoir Frank O’ Flynn chun foghlaim faoi conas a fhíoróidh a mian.

Dúirt Méara O’ Flynn:

“Táim ag tnúth go mór le mianta cruithaitheacha ár ndaoine óga samhlaíocha a chloisint. Nuair a bhí mé féin ag fás aníos, is iomaí mianta cruthaitheacha a bhí agam agus ba bhreá liom deis mar seo a bheadh agam. Cé acu an ucailéile a sheinnt nó foirm ealaíne nua a fhoghlaim, beidh eispéireas iontach cruithaitheach ag na daoine óga ar a mbronnfar na mianta.”

Taispeánfar na hocht mian chruthaitheacha, le tacaíocht ón scoil, mar chuid de Lá Náisiúnta na Cruthaitheachta, Cruinniú na nÓg ar an Sathairn, 8 Meitheamh 2024. Beidh sé seo i bhfoirm taispeántais, ceolchoirme nó léirithe. Roghnófar 16 mholadh tháinaisteacha chun ceardlann saor in aisce a fháil ag a leabharlann áitiúil, arna mhaoiniú ag Éire Ildánach.

Má tá suim ag scoileanna páirt a ghlacadh i My Creative Wish/Mo Mhian Chruthaitheach, is féidir leo pacáiste iarratais a ordú ón ríomhphost creativeireland@corkcoco.ie faoin 14 Samhain.

Is é an spriocdháta do na hiarratais ná an 15 Nollaig 2023.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×