Skip to main content


Nuacht

Ceolchoirm Mhór COVID-19 sa Cheoláras Náisiúnta

Scroll
3 min read

Ceolchoirm Mhór COVID-19 sa Cheoláras Náisiúnta

3 min read

8/06/22

Ceolchoirm Mhór COVID-19 sa Cheoláras Náisiúnta

Tugann an cheolchoirm mhór seo na healaíontóirí is mó le rá in Éirinn le chéile chun comóradh agus ceiliúradh a dhéanamh ar thionscadal do Cheolchoirm Cúraim COVID-19 agus ar obair na n-oibrithe cúraim sláinte tosaigh.

Tá an t-imeacht speisialta seo, atá á chur i láthair ag Miriam O’Callaghan, ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta an 15 Meitheamh ag 8pm, le ceolfhoireann de 47 phíosa faoi stiúir David Brophy.

Cuireadh 1,200 ceolchoirm beo a bhí iontach ar fáil i dtithe cúraim cónaitheacha/ospidéil/ionaid meabhairshláinte ón mbliain 2020 i leith, agus tá sé beartaithe 600 ceolchoirm beo eile a chur ar fáil, a chiallaíonn go bhfuil sé seo ar an bhfreagra is mó ar an bpaindéim ag leibhéal domhanda. 

Áirítear ar an fhoireann scoth-cheoltóirí, faoi stiúir an dordveidhleadóra, Gerald Peregrine, Claudia Boyle, Steve Cooney, Mary Coughlan, Dermot Dunne, Jerry Fish, Red Hurley, Niamh Kavanagh, Seán Keane, Des Keogh, John Spillane, Anthony Kearns, Lynda O’Connor, Iarla Ó Lionáird, an tOllamh Luke O’Neill, Simon Morgan, na Casaidigh, Sandra Oman, Eimear Quinn, Gavan Ring, Sibéal, Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta, Kelly Ann Masterson, Sylvia O’Brien agus Gerald Peregrine féin.

Sraith Ceolchoirmeacha do Chúram COVID-19 

Tháinig na healaíontóirí go léir le chéile don imeacht seo mar chuid de Shraith Ceolchoirmeacha do Chúram COVID-19 ar feadh na bliana 2020 agus 2021. Bhí tionscadal Ceolchoirm do COVID-19, agus a bhí curtha le chéile ag an dordveidhleadóir Gerald Peregrine, mar mhearfhreagra ar na dúshláin a chruthaigh an phaindéim d’ealaíontóirí agus é mar sprioc phríomhúil faoiseamh a sholáthar ón uaigneas agus ón bhfulaingt i dtithe cúraim agus in ospidéil ar fud na hÉireann. Rinneadh seachadadh tríd an tionscadal ó bunaíodh é, ar os cionn 1,200 ceolchoirm bheo a bhí saor in aisce i 21 contae ar fud na hÉireann ó thuaidh agus ó dheas den teorainn, agus fostaíodh os cionn 100 ceoltóir gairmiúil.  

Ag labhairt dó faoin tionscadal, dúirt Gerald Peregrine: “Is é seo an tionscadal is mó dá leithéid atá mar fhreagra ar an bpaindéim ag leibhéal domhanda a théann go smior i spiorad na hÉireann agus sa bhraistint pobail. Thug an tionscadal ealaíontóirí a bhfuil aithne mhór orthu chuig tithe cúraim ar fud na hÉireann tráth a raibh srian curtha ar na cuairteoirí go léir. Táthar ag leanúint leis an tionscadal sa bhliain 2022, le os cionn 600 ceolchoirm bhreise beartaithe ar feadh na bliana”.

Beidh ceolfhoireann de 47 píosa le tacaíocht ó Éire Ildánach agus ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar an stáitse don tráthnóna, ina mbeidh roinnt de na saor-ealaíontóirí is fearr in Éirinn – rinne go leor acu seo cur i láthair do Shraith Ceolchoirmeacha do Chúram COVID-19 ar fud na tíre. Beidh an cheolchoirm faoi stiúir an stiúrthóra David Brophy, ina mbeidh Cóir Oibrithe Tosaigh David Brophy freisin. 

Tabharfar sciar de na ticéid saor in aisce do na hoibrithe tosaigh agus do chónaitheoirí ó go leor tithe cúraim agus ospidéil a ndeachaigh an tionscadal seo chun leasa dóibh. 

Tá ticéid do Cheolchoirm Mhór do Chúram COVID-19 sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath an 15 Meitheamh ar fáil le ceannach ó nch.ie.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×