Skip to main content


Nuacht

Craolfar Babhta Ceannais Junk Kouture ar teilifís don chéad uair riamh

Scroll
5 min read

Craolfar Babhta Ceannais Junk Kouture ar teilifís don chéad uair riamh

5 min read

8/02/21

Craolfar Babhta Ceannais Junk Kouture ar teilifís don chéad uair riamh

Craolfar Babhta Ceannais Junk Kouture 2020, a cuireadh ar athló, ar RTÉ2, Déardaoin 4ú Feabhra ag 7pm. Glaofar soilse, ceamara, aicsean nuair a rachaidh daltaí ó fud fad na tíre in éadan a chéíle leis an gcoróin Junk Kouture a bhuachan.

Craolfar Babhta Ceannais Junk Kouture ar teilifís, don chéad uair riamh, le tacaíocht ón gClár Éire Ildánach agus beidh fáil ar dhearaí iontacha na ndaltaí i ngach teach in Éireann agus léireofar buanna na ndaoine óga a d’fhan go foighneach tríd an bpaindéim dá nóiméad i mbéal an phobail. Breathnaigh ar an aicsean go léir ar RTÉ2 agus ar an Imreoir RTÉ Player leis an chéad bhuateoir eile a fheiceáil..

Rinneadh taifead ar an mBabhta Ceannais in ionaid úrnua, fíoráille trasna na hÉireann agus cuireadh an Babhta Ceannais in oiriúint don tréimhse ina bhfuil muid agus tabharfaidh sé deis do na daltaí, ní amháin a ndearthaí a chur ar an ardán go sábháilte ach tabharfaidh sé deis dóibh a bheith ina réaltaí teilifíse. Is iad na láithreoirí 2FM Laura Fox agus Emma Power a chuirfidh an seó i láthair agus is féidir a bheith ag súil le holltaispeántas ealaíne, dearaidh, inbhuanaitheachta agus haute couture ar an oíche. Déanfaidh na daltaí gach rud gurbh fhéidir leo le dul i bhfeidhm ar phainéal na moltóirí, Louis Walsh ó X-Factor agus Michelle Visage ó RuPaul’s Drag Race ina measc. Cuirfidh Aimée, ceoltóir ó 2FM Rising agus banríon popcheoil a hamhrán nua Bulletproof ar an ardán chomh maith le linn an seó.

Is le gnáthbhruscar laethúil a dhéanann na daltaí a ndearaí: bíodh sin ina sheanbhoinn, scuaba fiacla nó arán tíortha dóite, is cuma cén saghas ábhair sa chomórtas Junk Kouture. Príomhriail an chomhórtais ná gur cheart go ndéanfar an feisteas ar fad as ábhair in-athchúrsáilte.

Gheobhaidh buaiteoir Junk Kouture 2020 €1,000 agus rachaidh €2,000 chuig scoil an bhuaiteora. Beidh neart duaiseanna eile ar fáil ar an oíche ag Cóisir na mBuaiteoirí, a craolfar ar junkkouture.com díreach i ndiaidh an phríomhsheó, Duaiseanna Enterprise agus Waste2Wear Creative for a Cause  ina measc.

Idir an dá linn, tabharfaidh Duais Rogha an Lucht Féachana RTÉ deis don lucht féachana sa bhaile vótaí a chaitheamh i dtreo na dearaí is fearr leo ar app.junkkouture.com. Gheobhaidh buaiteoir na catagóire sin trófaí agus an deis a bheith ina réalt i bhfeachtas ar chainéil mheáin shóisialta RTÉ lena ndearadh. Osclaíonn an vótáil Dé Luain, 1 Feabhra ag 9am agus dúnfaidh sé 6pm, Dé hAoine, 5 Feabhra.

Deir moltóir Junk Kouture Michelle Visage:  Ba bhliain thuas seal thíos seal a bhí ann in 2020 ach tá Junk Kouture tar a éis dul i ngleic leis seo ar fad – agus is mar gheall ar an somheanma seo go bhfuilim ar bís mo pháirt a ghlacadh sa deichiú Bhabhta Ceannais don chomórtas iontach seo. Beidh cuimhne go deo air a bhfuil idir láimhe acusan atá sa Bhabhta Ceannais agus an seó á chraoladh ar teilifís don chéad uair – nach iontach sin? Is breá liom gach rud faoin gcomórtas seo toisc go dtaispeánann sé cruthaitheacht an chéad ghlúin eile agus go bhfuil teachtaireacht láidir bainteach leis dúinn: gur cheart dúinn aire a thabhairt dom domhan seo againn. Ba mhaith liom go nglacfaidh na daoine ar fad sa bhabhta ceannais an lá agus go dtaispeánfaidh siad céard atá acy. Ní féidir liom fanacht ar theacht an bhua agus le bheith ag teacht ar ais le chéile leis an Uasal Louis Walsh agus buaiteoir Junk Kouture a chorónú.”

Deir moltóir Junk Kouture Judge Louis Walsh: “Táim i mo mholtóir Junk Kouture le deich mbliana anuas agus caithfidh mé a admháil gur cheap mé nach rachadh an deichiú bhabhta ceannais ar aghaidh. Bhí amanna ann a cheap muid uile, ‘conas gur féidir linn seo a thabhairt chun stáitse?’ ach táim an-sásta go bhfuil Junk Kouture i ndiaidh dul i ngleic le gach rud agus seó dochreidte a eagrú do chách. Tá sé dochreidte go bhfuil an seó le bheith ar an teilifís don chéad uair riamh! Seo í an deichiú bhliain agus is cinnte go bhfuil gach rud níos mó agus níos fearr i mbliana. Níos fearr arís ná, in aineoinn go bhfuil Michelle ar an taobh eile domhain, is féidir linn moltóireacht a dhéanamh ar an gcomórtas lena chéile, a bhuí le teicneolaíocht. Táim an-bhuíoch le bheith páirteach agus dearaí na ndaltaí a fheiceáil. Is fúthúsan Junk Kouture agus ní féidir liom fanacht leis an chéad réalt eile a fheiceáil!”

Deir Stiúrthóir Éire Ildánach Tania Banotti:Tá ríméad orainn a bheith ag tacú le Junk Kouture in 2021, tar a éis dúinn bua na cruathaitheachta atá ag na daoine óga seo a fheiceáil ag na seónna beo thar na blianta. Rinne Junk Kouture athshamhlú ar an gclár agus leis seo tá sé i ndiaidh a dhílseacht a thaispeáint dá phobal cruthaitheach agus dá mhúinteoirí, ag tabhairt an deis dóibh an ceiliúradh bliantúil faisin agus athchúrsála a dhéanamh arís. Táimid an-bhródúil ról a ghlacadh i gclár na bliana 2020 a thabhairt chun críche ach chomh maith i bhforbairt agus sroicheaint ardán oideachais Junk Kouture in 2021.”

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×