Skip to main content
NO REPRO FEE 14/12/2022 New research highlights importance of vibrant creative economy for Dún Laoghaire. Pictured at the Dún Laoghaire Institute for Visual Arts (DIVA) for the launch of the ‘Towards a Creative’ report are IADT graduates, managing director of DIVA, Tilly Morris, and visual effects artist at EGG VFX, Colm Byrne. The publication of the report marks the culmination of a six-month research initiative undertaken by Dún Laoghaire-Rathdown County Council’s Economic Development Unit and Arts Office, together with the Public Design Lab at the Institute of Art, Design and Technology (IADT). ‘Towards a Creative Dún Laoghaire’ was designed to explore opportunities for the development of a vibrant, inclusive and sustainable creative economy in Dún Laoghaire. The research involved close to 200 members of the local creative, business and student communities and received funding under the Government’s Creative Communities Economic Action Fund. PHOTO: Mark Stedman


Nuacht

Táthar ag glacadh le hiarratais anois le haghaidh Chiste Eacnamaíoch Ildánach Éire Ildánach 2023

Scroll
min read

Táthar ag glacadh le hiarratais anois le haghaidh Chiste Eacnamaíoch Ildánach Éire Ildánach 2023

min read

19/01/23

Táthar ag glacadh le hiarratais anois le haghaidh Chiste Eacnamaíoch Ildánach Éire Ildánach 2023

Is ar na hearnálacha a bhíonn ag plé leis an Dearadh, an Chruthaitheach Dhigiteach agus Cruthú Ábhair atá an ciste nua- Ciste um Ghníomhaíocht Eacnamaíoch na bPobal Ildánach 2023, dírithe.

Féadfar iarratais a chur isteach anois le haghaidh Ciste Eacnamaíoch Ildánach Éire Ildánach 2023. Léiríonn an tionscnamh uathúil seo tiomantas Éire Ildánach don chomhoibriú; comhoibriú idir an rialtas lárnach agus an rialtas áitiúil, idir an cultúr agus earnáil na tionsclaíochta, idir ealaíontóirí agus lucht déanta beartais, ar mhaithe leis an gcruthaitheacht a chur i gcroílár an bheartais phoiblí.

In 2022 rinne Éire Ildánach píolótú den chéad uair ar Chiste um Ghníomhaíocht Eacnamaíoch na bPobal Ildánach. Chuir an tionscnamh seo tacaíocht i bhfoirm acmhainní ar fáil d’ocht údarás áitiúil chun poitéinseal na dtionscal cruthaitheach áitiúla a fhorbairt. Ina measc bhí tacaíocht do bhraislí beochana i gCúige Mumhan, forbairt ar chluichí tumthacha i nGaillimh, cleachtais dearaidh a chur i bhfeidhm i dtionscal níos leithne ar fud an Iarthuaiscirt, forbairt ar tháirgeadh fabraice i nDún na nGall, forbairt scileanna clóghrafaíochta i gCeanannas Co. na Mí, na naisc idir gruagairí agus an ealaín i Liatroim agus tuilleadh. Is féidir tuilleadh a léamh faoi na tionscadail seo anseo.

Ciste um Ghníomhaíocht Eacnamaíoch na bPobal Ildánach 2023 ag féachaint le leanúint leis an obair a bhí déanta sa chéad bhabhta maoinithe chun an geilleagar cruthaitheach a fhorbairt ag an leibhéal áitiúil. Thar aon ní eile táimid ag iarraidh ar údaráis áitiúla, ar Oifigí Fiontair Áitiúla (LEOanna) agus ar a gcomhpháirtithe tacú le tionscadail sna hearnálacha seo a leanas:

  • Earnálacha dearaidh, lena n-áirítear dearadh tionsclaíoch, dearadh táirgí, amharc-chumarsáid, dearadh grafach, Ui/Ux (Comhéadan úsáideora /Taithí úsáideora) agus dearadh idirghníomhaíochta, dearadh seirbhíse agus dearadh straitéiseach;
  • Earnálacha cruthaitheacha digiteacha, lena n-áirítear na hearnálacha a dhearann bogearraí agus cluichí; agus
  • Earnálacha a chruthaíonn ábhar, lena n-áirítear gníomhaireachtaí fógraíochta agus brandaí, ábhar amhairc agus closamhairc do na meáin shóisialta tráchtála, ábhar ilmheán le haghaidh feidhmchláir shoghluaiste (‘aipeanna’) agus ábhar d’ardáin níos nuaí agus d’ardáin atá ag teacht chun cinn dála AR/VR/XR

Tá nóta faisnéise maidir le Ciste um Ghníomhaíocht Eacnamaíoch na bPobal Ildánach 2023 ar fáil anseo.

Bhí seisiún eolais ar líne ar siúl ar an 31 Eanáir 2023 agus tá teacht air anseo.

Is é an 28 Feabhra 2023 an dáta deiridh d’iarratais. Fáilteofar roimh iarratais trí Submit.com.

Stay up to date

×