Skip to main content


Nuacht

Léiríonn suirbhé nua go gcuireann cultúr agus timpeallacht na hÉireann feabhas ar an aschur cruthaitheach

Scroll
4 min read

Léiríonn suirbhé nua go gcuireann cultúr agus timpeallacht na hÉireann feabhas ar an aschur cruthaitheach

4 min read

24/11/21

Léiríonn suirbhé nua go gcuireann cultúr agus timpeallacht na hÉireann feabhas ar an aschur cruthaitheach

Tá torthaí an chéad suirbhé a rinneadh riamh in Éirinn ar an Tionchar ar an gCruthaitheacht ar fáil agus léiríonn siad an tuairim dhearfach go bhfuil fuinneamh agus úrnuacht ó thaobh aschur cruthaitheach ag daoine cruthaitheacha anseo.

I mí Lúnasa 2020, rinne Institiúid na gCleachtóirí Fógraíochta in Éirinn (IAPI) an tallann chruthaitheach sa bhaile agus thar lear a chanbhasáil dá chéad suirbhé ar Thionchar ar an gCruthaitheacht. Rinneadh an taighde i gcomhar leis an Irish Times mar chuid den tionscnamh Éire: Áit a bhfuil an Chruthaitheacht Dhúchasach, a bhí dírithe ar chruthaitheacht tráchtála na hÉireann a chur chun cinn sa bhaile agus thar lear.

Rinneadh é d’fhonn léargas luachmhar a fháil ar an gcaoi a mbraitheann gairmithe cruthaitheacha a oibríonn sa tionscal tráchtála cruthaitheachta agus cumarsáide in Éirinn faoi shaincheisteanna cosúil le caighdeán na hoibre atá á táirgeadh, a bheith ag obair in Éirinn faoi láthair agus an mbíonn tionchar ag a bheith ag maireachtáil anseo ar a gcruthaitheacht, agus tá na torthaí againn anois.

Tháinig 225 freagra san iomlán ar an suirbhé ó fhreagróirí i gach réimse den tionscal. Éireannaigh a bhí ina bhformhór (81%) agus iad ag obair in Éirinn. Ba é an Bród an meon ba mhó a léiríodh ar an iomlán agus chuir 62% de na freagróirí in iúl go raibh siad ‘an-bhródúil’ nó ‘bródúil’ as bheith ag obair i dtionscal tráchtála cruthaitheach na hÉireann.

Agus maidir lena mbíonn taobh thiar den phróiseas cruthaitheach tábhachtach sin an chéad lá riamh? Bhí cultúr agus timpeallacht na hÉireann ríthábhachtach agus creideann 90% de na freagróirí go gcuireann na gnéithe seo le caighdeán a n-aschuir chruthaithigh.

“Tá cruthaitheacht na hÉireann ag léiriú mórtas as cultúr agus as oidhreacht na hÉireann faoi láthair. Ní raibh sé sin amhlaidh i gcónaí, agus is comhartha dearfach é go bhfuil ár bhfeasacht agus ár muinín náisiúnta ag méadú,” a thug freagróir amháin ar an suirbhé le fios.

Rud dearfach eile ab ea go ndúirt 68% de na freagróirí go bhfuil caighdeán na hoibre cruthaithí atá á táirgeadh in earnáil tráchtála na cruthaitheachta in Éirinn i láthair na huaire go maith, nó thar barr, 28% a cheap nach raibh sé ach réasúnta, agus ní raibh ach 3% a shíl go raibh sé lag.

- survey respondent

"Tá cruthaitheacht na hÉireann ag léiriú mórtas as cultúr agus as oidhreacht na hÉireann faoi láthair"

Above:

Cruthaitheacht a spreagadh

Ó thaobh na ngnéithe dúchasacha de chultúr na hÉireann a thugann spreagadh don chruthaitheacht tráchtála, tá an acmhainn grinn magúil atá ionainn ar bharr an liosta mar a bhain le freagróirí an tsuirbhé, áit ar luaigh 60% díobh gurb é seo an rud is mó a spreagann iad. Tháinig scileanna scríbhneoireachta a ndearnach forbairt orthu i rith na mblianta, agus a fuarthas le hoidhreacht agus a bhí foghlamtha ó na scríbhneoirí mór le rá, ag 31%. Bhí sochaí fhorásach na hÉireann tábhachtach freisin do go leor acu agus luaigh 36% gur thug sé seo spreagadh dóibh.

Tarraingíodh aird freisin ar Éire a bheith beag, ar bhealaí a bhí dearfach agus nach raibh chomh dearfach sin. Bhraith tríocha a seacht faoin gcéad de na freagróirí go gcaithfidh siad a bheith an-chruthaitheach i margadh beag chun tionchar a imirt go tapa ar an athrú sochaíoch. Bhraith 1/3 eile go mbíonn brandaí in ann tástáil a dhéanamh nó dul sa seans lena dtomhaltóirí anseo, rud nach mbeidís sásta a dhéanamh i margaí a bheadh níos mó.

Mar sin féin, braitheann lucht na cruthaitheachta freisin go bhfuil gnéithe diúltacha ag baint le bheith ag cruthú in Éirinn agus thug 75% de na freagróirí le tuiscint go mbraitheann siad go gcuireann sé isteach ar a n-aschur cruthaitheach go minic nach mbíonn cliaint sásta dul sa seans orthu.

“Ba mhór an spreagadh é gur ghlac líon chomh mór sin freagróirí páirt sa chéad suirbhé ar an tionchar ar an gcruthaitheacht in Éirinn,” a dúirt Sean Hynes, Leas-Uachtarán an IAPI agus Stiúrthóir Cruthaitheach ar Bonfire.

Tá toradh le feiceáil anois ar an obair atá ar siúl againn chun cruthaitheacht agus pleanáil na meán in Éirinn a chur chun cinn go hidirnáisiúnta agus ní fada go gcuirfear i gcrích an aidhm atá againn ionad Eorpach barr feabhais a chruthú don tionscal. Is ábhar misnigh é a fheiceáil go bhfuil 40% den dream cruthaitheach a ndearnadh suirbhé orthu dóchasach go ndéanfaidh clár an IAPI Éire: Áit a bhfuil an Chruthaitheacht Dhúchasach difear do chaighdeán ár gcruthaitheachta tráchtála. Feidhmeoidh sé seo, dá réir sin, chun tallann na hÉireann agus tallann idirnáisiúnta araon a mhealladh le bheith ag obair i ngach gné dár n-earnáil.”

Léigh na léargais ar fad ó shuirbhé an IAPI ar an Tionchar ar an gCruthaitheacht in Éirinn 2021 ina iomláine, anseo.

Faigh tuilleadh eolais faoin tacaíocht a thugann Éire Ildánach do Thionscail Chruthaitheacha.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×