Skip to main content


Nuacht

€551,000 curtha ar fáil ag Éire Ildánach chun tacú le forbairt na dtionscal cruthaitheach

Scroll
4 min read

€551,000 curtha ar fáil ag Éire Ildánach chun tacú le forbairt na dtionscal cruthaitheach

4 min read

22/04/22

€551,000 curtha ar fáil ag Éire Ildánach chun tacú le forbairt na dtionscal cruthaitheach

Tá 8 bhfaighteoir de Chiste nua um Ghníomhú Eacnamaíoch Phobail Ildánacha fógartha ag Éire Ildánach.

Inniu, sheol Éire Ildánach Ciste um Ghníomhú Eacnamaíoch Phobail Ildánacha. Cuireann an tionscnamh nua seo acmhainní ar fáil d’údaráis áitiúla chun tionscadail nuálacha a fhorbairt a mbeidh sé d’aidhm acu leas a bhaint as acmhainn na dtionscal cruthaitheach chun tacú le forbairt gheilleagrach áitiúil agus réigiúnach.

Áirithe sna tionscnaimh beidh tacaíocht do bhraislí beochana, forbairt cluichí tumthacha, tionscal an dearaidh, forbairt scileanna clóghrafaíochta traidisiúnta agus araile.

Cuirfidh na tionscadail le saineolas cruthaitheach agus eacnamaíoch na n-údarás áitiúil, oifigí fiontair áitiúla agus eagraíochtaí comhpháirtíochta eile.

Ag tagairt don fhógra, bhí an méid seo le rá ag Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán:

“Níl aon sainiú aonair ar an eacnamaíocht chruthaitheach. Coincheap i mbun forbartha atá ann a fhásann as an idirghníomhú idir cruthaitheacht an duine agus maoin intleachtúil, eolas agus teicneolaíocht. Tá sé ríthábhachtach go gcothófaí agus go dtabharfaí tacaíocht do ghníomhaíochtaí eacnamaíochta cruthaitheachta nua. Tugann Ciste um Ghníomhú Eacnamaíoch Phobail Ildánacha spreagadh do chomhpháirtíochtaí agus do dheiseanna nua cruthaitheachta ar fud na tíre”.

Above: Restored Harrild Poster Press

Áirithe ar na tionscadail údaráis áitiúil tá:

Comhairle Chontae Chorcaí – tá sé mar aidhm ag Fóram Beochana na Mumhan lárionad beochana a dhéanamh de Chúige Mumhan agus aitheantas idirnáisiúnta aige le haghaidh beochana, ag tacú le fás eacnamaíoch phobail ildánacha ar fud an chúige. Tá an tionscadal ina chomhpháirtíocht idir na húdaráis áitiúla agus na hoifigí fiontair áitiúla i gCorcaigh, an Clár, Ciarraí, Luimneach, Tiobraid Árann agus Port Láirge.

Dún Laoghaire-Ráth an Dúin – I dtreo Dhún Laoghaire Ildánach. Sa tionscnamh ildisciplíneach seo, beidh an Chomhairle Contae i gcomhpháirtíocht leis an tSaotharlann Deartha Poiblí san Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta (IADT) chun an institiúid tríú leibhéal a dhaingniú isteach i gcreatlach agus in infreastruchtúr Dhún Laoghaire.

Comhairle Contae Dhún na nGall – déanfaidh An Cósta Ildánach samhail de bhraisle cuí a phlé agus a aithint chun an earnáil chruthaitheach a shocrú ann i ngach forbairt sa todhchaí i nDún na nGall. Áirithe ar na comhpháirtithe atá sa tionscadal seo freisin tá Oifig Scannán Dhún na nGall, Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh.

Comhairle Cathrach – Tionscnamh Chluichí Tumthacha Ghaillimh Fhiáin. Sníonn an tionscadal na hearnálacha cluichí agus turasóireachta le chéile chun eispéireas tumthach cluichí a chruthú do dhaoine áitiúla agus do chuairteoirí ina mbeidh scéalta, miotais agus finscéalta na cathrach tugtha ina mbeatha trí theicneolaíocht cluichí agus eispéireas nua idirghníomhach. Ar na comhpháirtithe atá sa tionscadal seo tá Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe, Músaem Cathrach na Gaillimhe agus Fáilte Éireann.

Comhairle Contae Liatroma – Spark – comhoibriú Ealaíne & Gnó: oibreoidh sé sin i gcomhar le Cónaidhm Tionscail Gruagaireachta agus Áilleachta na hÉireann (HABIC) chun staidéar a dhéanamh ar an mbealach ar féidir le teicneolaíocht dearaidh agus priontáil 3D an ceann is fearr a fháil ar dhúshláin thráchtála sna réigiúin.

Comhairle Chontae na Mí Ceanannas – Leas as an gCultúr, Tabhairt Nithe le Chéile. Cuirfidh an tionscadal seo ar chumas Chlólann agus Lárionad Clóghrafaíochta Cheanannais, Mol Cultúir Theach na Cúirte agus páirtithe leasmhara eile, ionad foghlamtha a chur ar fáil a bheidh bunaithe ar phriontáil bhrúchló, do dhaltaí tríú leibhéal, don tionscal clódóireachta agus do thurasóirí.

Comhairle Contae Shligigh – Tionchar an Dearaidh i nGnó agus i dTionscal Tá sé mar aidhm ag an tionscadal comhoibrithe ilghníomhaireachtaí leis an Institiúid Dearthóirí in Éirinn gníomhachtú a dhéanamh ar mholtaí a rinneadh i dtuarascáil an Chleachtais Dhearaidh in Éirinn 2021, lena n-áirítear meicníochtaí rannpháirtíochta, gréasáin agus cumarsáide, chun léiriú a thabhairt ar luach an dearaidh i gcomhthéacsanna gnó agus tionscail. Mar aon leis na húdaráis áitiúla agus na hoifigí fiontair áitiúla i Sligeach, Dún na nGall, Maigh Eo, Ros Comáin, Gaillimh, an Clár, Luimneach agus Tiobraid Árann, tá an tionscadal seo i gcomhpháirtíocht freisin le riar de mhoil nasctha, lena n-áirítear: Ludgate, FutureCast, Innovate Limerick, An Chrio, agus CREW.

Comhairle Cathrach agus Contae Phort LáirgeÉiceachóras cruthaitheach a fhorbairt san Oirdheisceart. Tá sé mar aidhm ag an togra seo forbairt a dhéanamh ar gheilleagar cruthaitheach réigiúnach an Oirdheiscirt trí úsáid a bhaint as sonraí a bhailítear ar ardán nua ar líne, GovLab, atá á reáchtáil ag WIT. Déanfaidh an acmhainn seo cothabháil, anailís agus scaipeadh ar shonraí a bheidh ag teacht ó fhardal beo de ghníomhaíocht áitiúil na dtionscal cultúir agus cruthaitheachta agus measfar tionchar na dtionscal cruthaitheach sa réigiún.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×