Skip to main content


Nuacht

Os cionn €1,000,000 bronnta ag Éire Ildánach ar thionscadail chruthaitheacha do dhaoine níos sine

Scroll
2 min read

Os cionn €1,000,000 bronnta ag Éire Ildánach ar thionscadail chruthaitheacha do dhaoine níos sine

2 min read

28/03/22

Os cionn €1,000,000 bronnta ag Éire Ildánach ar thionscadail chruthaitheacha do dhaoine níos sine

Inniu bhronn an Clár Éire Ildánach €1,000,000 ar thionscadail chruthaitheacha a dhéanfaidh sláinte agus folláine daoine níos sine in Éirinn a fheabhsú agus iad ag teacht as an bpaindéim.

Is cuid de chlár Cruthaitheacht do Dhaoine Níos Sine de chuid Éire Ildánach iad na tionscadail seo agus cuirfear i bhfeidhm i mbliana iad le comhpháirtithe náisiúnta Éire Ildánach agus údaráis áitiúla.

Ag labhairt faoin bhfógra dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:

 “Chuidigh réimse leathan clár Éire Ildánach maidir le gníomhaíochtaí cruthaitheacha do dhaoine níos sine go mór leis an uaigneas agus an scoiteacht a d’airigh daoine mar gheall ar an bpaindéim a mhaolú. Ní mór leanúint leis an obair thábhachtach seo mar go bhfuil a fhios againn go mbaineann daoine níos sine a bhíonn páirteach i ngníomhaíochtaí cruthaitheachta caighdeán saoil níos airde amach le hais daoine an aois chéanna leo nach mbíonn páirteach”.

 Tá €500,000 bronnta ag Éire Ildánach ar an Mobile Music Machine chun 400 ceolchoirm a dhéanamh i dtithe cúraim cónaithe. Ó bhí 2020 ann bhí cuid de na ceoltóirí is clúití in Éirinn ar an stáitse leis an Mobile Music Machine le os cionn 1,000 ceolchoirm i dtithe cúraim ar fud na tíre. Faoi stiúir an dordveidhleadóra Gerald Peregrine, is mór an faoiseamh a thug na ceolchoirmeacha seo agus an lúcháir a bhaineann le ceol beo dóibh siúd a bhí scoite amach de bharr na paindéime.

Mobile Music Machine

Tá ríméad ar Éire Ildánach €560,000 a bhronnadh ar 16 thionscadal nua Cruthaitheacht do Dhaoine Níos Sine a chuirfidh údaráis áitiúla ar fáil. Áirítear ar na tionscadail seo sobalchlár raidió a chruthú in Iarthar Chorcaí, scileanna lásadóireachta a fhorbairt i Seideanna na bhFear i gCeatharlach, gairdín pobail a chruthú i mBaile Átha Cliath Theas agus oibriú le ceamara analógach i gCorcaigh. Freagraíonn gach ceann de na 16 thionscadal a roghnaíodh do riachtanais ar leith na n-áitritheoirí níos sine i ngach dúiche.

 Chun obair na n-oibrithe ar an líne thosaigh a cheiliúradh, cuirfidh Mobile Music Machine ceolchoirm cheiliúrtha speisialta i láthair le tacaíocht ó Éire Ildánach sa Cheoláras Náisiúnta ar an 15 Meitheamh 2022.

Beidh ceolfhoireann 45 phíosa mar chuid den cheolchoirm leis an stiúrthóir David Brophy agus taispeántais ó go leor de na healaíontóirí a d’oibrigh le Mobile Music Machine le dhá bhliain anuas. Áirítear orthu Claudia Boyle, Emmet Cahill, Steve Cooney, Mary Coughlan, Jerry Fish, Red Hurley, Niamh Kavanagh, Séan Keane, Iarla Ó Lionáird, Simon Morgan agus eile.  Beidh cór na nOibrithe ar an Líne Thosaigh agus cór idirghníomhach Age Friendly Ireland ar stáitse chomh maith.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar chlár Cruthaitheacht do Dhaoine Níos Sine de chuid Éire Ildánach téigh chuig anseo.

Stay up to date

×