Skip to main content


Nuacht

Cuireadh ó Éire Ildánach ag an uile dhuine páirt a ghlacadh i nDúshlán Náisiúnta an Bhalla Olla #WallOfWool ag an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta 2023

Scroll
3 min read

Cuireadh ó Éire Ildánach ag an uile dhuine páirt a ghlacadh i nDúshlán Náisiúnta an Bhalla Olla #WallOfWool ag an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta 2023

3 min read

5/09/23

Cuireadh ó Éire Ildánach ag an uile dhuine páirt a ghlacadh i nDúshlán Náisiúnta an Bhalla Olla #WallOfWool ag an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta 2023

Is breá le hÉire Ildánach, i gcomhar le Comhairle Chontae Chill Dara agus Wool in School, cuireadh a thabhairt do chuairteoirí chuig an bpuball Cultúir, Cruthaitheachta, Nuálaíochta agus Spóirt ag an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta páirt a ghlacadh in imeachtaí spraíúla cniotála arb é toradh a bheidh orthu uilig go gcuirfear colláis ealaíonta cniotála le chéile “An Balla Olla”.

Tar isteach chuig Éire Ildánach ag an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta i mbliana go gcruthaítear Balla Olla as an saothar beag cniotála a dhéanann daoine éagsúla a chur le chéile.   Tugtar dúshlán do dhaoine éagsúla den teaghlach, de réir mar a oireann dá gcuid cumais agus dá gcuid scileanna, agus cuidíonn siad ar fad leis an saothar leithleach ildaite seo a chruthú le haird ar olann na hÉireann, ar an oidhreacht, agus ar dhea-bhail an duine.

Is ábhar ríméid d’Éire Ildánach a bheith ar ais ag an gComórtas Treabhadóireachta leis an mBalla Olla, tionscadal ina mbíonn páirt mhór ag an slua.  Is eol dúinn go maith go gcruthóidh seo ceangal dlúth le gach duine a thaobhaíonn Ráth an Uisce i mbliana.  Tá cuireadh á thabhairt againn don uile dhuine teacht isteach sa phuball chuig Éire Ildánach agus mionchuid dá gcuid féin den saothar olla a dhéanamh a bheidh ina cheiliúradh ar thionscal dúchasach na holla agus na feirmeoirí iontacha a oibríonn go crua le holann a chur ar fáil.

I gcomhar le Comhairle Chontae Chill Dara agus le Wool in School, tugtar cuireadh do chuairteoirí a gcuid scileanna cniotála a thástáil agus modhanna oibre éagsúla a úsáid chun mionsaothair olla a chruthú a dhéanfar a chur le chéile ansin le Balla Olla beo spéisiúil a chruthú.

Dírítear aird le tionscadal an Bhalla Olla ar an tairbhe a ghabhann le cniotáil mar chaitheamh aimsire cruthaitheachta agus cruthaítear ceangal idir cúrsaí oidhreachta agus cruthaitheachta, idir dea-bhail an duine agus tionscal dúchasach na holla in Éirinn.

Above: oznorCBT

Beidh an saothar críochnúil á chur le chéile faoi stiúir Michelle Hickey, Ealaíontóir Cónaithe le Wool in School.  Cruthófar ceithre leagan de Bhrat Bhríde ionas go mbíonn ceangal freisin le ceiliúradh agus le comóradh ar oidhreacht Naomh Bríd. 

Deir Michelle Hickey maidir leis an tionscadal cruthaitheachta: “Is pribhléid é a bheith páirteach sa togra iontach seo ag an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta 2023, an taispeántas is mó faoin aer ar fud na hEorpa.  Is onóir dom ómós a léiriú do Naomh Bríd, duine de naomhphátrúin na hÉireann, leis an obair dearthóireachta agus déantúsaíochta, in éineacht le cuairteoirí agus daoine eile den aos cruthaitheachta, ar bhrat i bhfoirm balla olla. Beidh an brat ina chumhdach ar oidhreacht Bhríd le 1500 bliain anuas agus beidh nósanna ársa oibre i gceist chomh maith le nósanna nua-aimseartha agus cuid de chniotáil thraidisiúnta Árann le cuid den olann is fearr de chuid na hÉireann.  Beidh neart spraoi i gceist.  Ba dheacair é a shárú mar obair ag déantúsóir.’’

Is ceangal dáiríre idir cúrsaí oidhreachta agus cruthaitheachta agus dea-bhail an duine atá i dtionscadal an Bhall Olla, chomh maith le tionscal dúchasach olla na hÉireann a chur chun cinn.  Dírítear aird ar an bhfiúntas atá leis an gcniotáil mar chaitheamh aimsire lena mbaineann cruthaitheacht a dhéanann tairbhe do shláinte agus do dhea-bhail an uile dhuine de phobal na tuaithe in Éirinn.

Above:

Foghlaimeoidh na cuairteoirí, le linn dóibh oibriú ar an togra ollmhór seo, faoi olann na hÉireann mar ábhar atá nádúrtha agus éadrom ó thaobh cur isteach ar an timpeallacht agus faoin úsáid atá á baint as leis na mílte bliain.  Is acmhainn inathnuaite í a fhásann ar an gcaora, ábhar inbhuanaithe is féidir a chur ar fáil gan acmhainní críochta a ídiú.  Cuidíonn an chaora freisin le tailte féaraigh a choinneáil i gcaoi mhaith agus le hoiread an CO2 san atmaisféar a ísliú, rud a chuireann in athuair leis na buntáistí ó thaobh cúrsaí timpeallachta. 

Deir Lorna McCormack, Príomhfheidhmeannach agus Bunaitheoir Wool in School: “Is breá linn a bheith páirteach sa tionscadal seo lena dtarraingítear aird ar an obair chruthaitheachta a dhéantar le holann na hÉireann.  Spreagann an smaoineamh maidir le Balla Olla daoine, gan bheann ar aois ná ar bhunadh, le taitneamh a bhaint as an gcniotáil agus le saothar ealaíne a chruthú as mionphíosaí ilfheidhmeacha oibre ar bhealach spéisiúil.   Is de thréithe casta na holla gur beag nach gceapfá nach agatsa amháin a bhíonn smacht air agus é á mhúnlú ina shaothar críochnaithe ealaíne.”

Le linn Chomórtas na Treabhadóireachta, beidh an Balla Olla á chruthú ag na cuairteoirí a thugann faoi na bearta cniotála seo agus ag Michelle agus meitheal cheardaíochta Wool in School a chuirfidh na píosaí le chéile i bPuball an Chultúir, na Cruthaitheachta, na Nuálaíochta agus an Spóirt.

Beidh toradh an tsaothair, lena mbainfidh ceithre cinn de phainéil olla, á chur ar taispeáint in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann.  Beidh olann de dhéantús Donegal Yarns, Galway Wool, Ciarán’s Yarns agus Ériu in úsáid don Bhalla Olla.

 

Féach clár na seónna beo ar an stáitse ag Ardán 360, Bloc 3:

Dé Máirt, an 19 Lúnasa

11 r.n. Grúpa Traidisiúnta

1.00 i.n. Plé Painéil maidir le hOlann

15.00 i.n. Racghrúpa Music Generation 

Dé Céadaoin, an 20 Lúnasa

11.00 r.n. Cór Malva na hÚcráine

15.00 i.n. Bass Brothers

Déardaoin, an 21 Lúnasa

11.00 Ceolfhoireann Thraidisiúnta

12.30 Cór Bunscoile na Sláinte (le deimhniú)

13.00 Cór Malva na hÚcráine

Léigh níos mó faoina raibh ar siúl ag an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta againn anuraidh anseo, nó féach Wool in School ar: www.woolinschool.com

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×