Skip to main content
Photo by Manuela Dei Grandi


Nuacht

Tá Éire Ildánach ag dul go dtí an Comórtas Treabhdóireachta ón 20 – 22 Meán Fómhair

Níor tharla sé le tamall ach tá ríméad ar Éire Ildánach a fhógairt go bhfuilimid ag dul ar ais chuig an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta agus clár álainn d’imeachtaí cruthaitheacha á thabhairt linn againn.

Thar na trí lá déanfaidh an t-ealaíontóir Lisa Fingleton tionscadal líníochta idirghníomhach ar mhórscála (2.4m x 33m), chun freagairt bheo a thabhairt ar na réitigh atá ag feirmeoirí ar an athrú aeráide.

Le 6 mhí anuas tá Lisa ag obair le deich dteaghlach atá i mbun feirmeoireachta ar Leithinis an Daingin ar Chorca Dhuibhne Inbhuanaithe: Samhlaíocht Chruthaitheach. Is tionscadal ar mhaithe leis an nGníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide é Samhlaíocht Chruthaitheach a oibríonn le deich dteaghlach feirmeoireachta ar Leithinis an Daingin. Tá sé mar aidhm leis seo bealaí a aithint ina bhféadfaidh feirmeoirí éagsúlú agus oiriúnú a dhéanamh i bhfianaise an athraithe aeráide

Tá Éire Ildánach ag tabhairt Junk Kouture ar ais go dtí an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta chun léargas a thabhairt, i roinnt seónna faisin, ar scileanna athchúrsála cruthaitheacha. Chruthaigh daltaí na hidirbhliana sna scoileanna áitiúla na faisin iontacha seo as na rudaí a bhíonn á gcaitheamh amach againn. Agus tairbhe á baint as cumhacht ghníomhachas agus oideachas na n-óg, is clár do mheánscoileanna é Junk Kouture a ritheann ó cheann ceann na bliana agus a thugann dúshlán do dhaltaí idir 13-18 mbliana d’aois faisean couture a chruthú as ábhair atá 100% athchúrsáilte, agus i ndeireadh na dála a tugtar deis dóibh a mbíonn cruthaithe acu a chur i láthair lucht féachana ar fud an domhain.

Beidh an bhean cháiliúil as Liatroim Edwina Guckian ag Rath an Uisce freisin le Modern Day Mummers. Ní hamháin go mbeidh cur i láthair ar siúl i bpuball Éire Ildánach ach chomh maith leis sin roinnfear an rún a bhaineann leis an hata tuí a dhéanamh agus úsáid á baint as tuí a cuireadh ag fás go speisialta don Chomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i gceapacha beaga timpeall Liatroma.

Comhráite Cruthaitheacha faoin Aeráid

Déanfaidh Hannah Quinn Mulligan (Irish Farmers Journal) agus Mark Gibson (Teagasc) óstáil freisin ar roinnt comhráite ar an ábhar Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide, le linn Chomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2022. Páirteach sna díospóireachtaí beidh rannpháirtithe as Corca Dhuibhne Inbhuanaithe: Samhlaíocht Chruthaitheach, tionscadal Shráidbhailte na nOibrithe Fhondúireacht Ailtireachta na hÉireann chomh maith le Malartú Allamuigh.

Sraith d’imeachtaí cruthaitheacha bunaithe ar chúrsaí feirme ab ea Malartú Allamuigh a tharla ar Fheirm Brookfield i dTiobraid Árann agus chabhraigh sé le feirmeoirí cleachtais talmhaíochta, a théann i ngleic leis an athrú aeráide, a chur i bhfeidhm. Déanann an modheolaíocht atá in úsáid ag Malartú Allamuigh an ealaín, an chruthaitheacht, an bia, an cnuasach agus an talmhaíocht a chomhtháthú chun cabhrú le hathrú dearfach a chur i bhfeidhm do phobail na feirmeoireachta agus don tionchar aeráide.

Is comóradh é Sráidbhailte na nOibrithe ar an oidhreacht a d’fhág trí shráidbhaile de chuid Bhord na Mona i lár na tíre in Éirinn. Is iniúchadh é an tionscadal seo ar an méid is féidir a fhoghlaim ó na sráidbhailte sin agus óna gcuid dearaí agus muid ag gluaiseacht i dtreo todhchaí inbhuanaithe. D’éirigh go hiontach leis an tionscadal ó thaobh rannpháirtíocht an phobail áitiúil agus d’óstáil sé roinnt imeachtaí rannpháirtíochta pobail lena n-áirítear ‘ceardlanna físe’ maidir le todhchaí an tsráidbhaile.

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×