Skip to main content


Nuacht

“Creative Kids” – Clár Faisnéise RTÉ

“Nuair a bhuaileann taom oilc mé tarraingím pictiúr nó cuirim dath ar phictiúr mar go mbíonn mé in ann mar a bhraithim a chur in iúl. Bím in ann a bheith ar mo dhóigh féin dá bharr," Neil, Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo

Léiríonn “Creative Kids” (atá le fáil anseo ar an RTÉ Player) an tionchar cumhachtach atá ag an gcruthaitheacht ar na saoránaigh is óige sa tír. Rinneadh tabhairt isteach an chláir ar leith Scoileanna Ildánacha i gcúig scoil ar leith ar fud na tíre, a thaifeadadh ar cheamara thar thréimhse cúpla mí.

Meastar go bhfuil an-chuid buntáistí ag baint le bheith ag glacadh páirt sna healaíona agus i gníomhaíochtaí cultúir, do leanaí agus do dhaoine óga – ó fholláine pearsanta, forbairt mothúchán agus scileanna, go meoin dearfach i leith na scoile agus na foghlamtha.

Tá a fhios againn chomh maith go bhfuil ról lárnach ag scoileanna maidir le deiseanna a thabhairt do leanaí páirt a ghlacadh sna healaíona agus sa chultúr – mar sin níl áit chomh maith leis an seomra ranga le tús a chur le haistear na cruthaitheachta.

Níl bealach níos fearr le tacú le haistear mar sin ná trí chúnamh a thabhairt do scoileanna iomlána glacadh go fonnmhar leis an gcruthaitheacht – an chruthaitheacht a chur ag croílár shaol na scoile – ar a mbealach féin, dá leasa féin.

“Ma tá leanbh sásta agus ag glacadh páirt go fonnmhar agus bainteach le cúrsaí scoile is mó saibhreas a bheidh i gceist le heispéireas foghlamtha an linbh sin agus sin a bhfuil faoi” Sallie Ennis, Leas-Phríomhoide, Stepaside Educate Together, Baile Átha Cliath

Is é seo an smaoineamh atá mar bhun agus barr thionscnamh Scoileanna Ildánacha – tionscnamh suaitheanta Phlean Óige Ildánach Chlár Éire Ildánach.

Tá tacaíocht faighte ag 300 scoil lena n-aistear cruthaitheach ó Scoileanna Ildánacha ó cuireadh tús leis i Meán Fómhair 2018. Tá neart ama fós ag do scoil le bheith páirteach. Is féidir iarratais do bhabhta a trí de Scoileanna Ildánacha – a chuirfear tús leis i Meán Fómhair 2020 – a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Ealaíon go dtí an 25 Meitheamh 2020.  Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo.

Tá Creative Kids, a choimisiúnaigh Clár Éire Ildánach, le feiceáil anseo ar an RTÉ Player).

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×