Skip to main content


Nuacht

Tugann Comhdháil Óige Ildánach léargas luachmhar ar na riachtanais chruthaitheacha atá ag daoine óga

Scroll
2 min read

Tugann Comhdháil Óige Ildánach léargas luachmhar ar na riachtanais chruthaitheacha atá ag daoine óga

2 min read

4/06/21

Tugann Comhdháil Óige Ildánach léargas luachmhar ar na riachtanais chruthaitheacha atá ag daoine óga

Le linn trí imeacht, a heagraíodh go fíorúil i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine na bliana seo, bhí beagnach 700 duine páirteach le hÉire Ildánach i sraith de dhíospóireachtaí a rinne iniúchadh ar an tábhacht a bhaineann le deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga taithí a fháil ar gach gné den chruthaitheacht – is cuma an mar chuid dá n-oideachas foirmiúil nó sa bhaile é– ní hamháin mar chabhair dá gcuid foghlama agus dá bhforbairt ach chun cuidiú lena bhfolláine phearsanta freisin.

Agus muid ag breathnú chun cinn chuig todhchaí Óige Ildánach tar éis 2022, thug an chomhdháil deis mhachnaimh agus deis mheastóireachta dúinn chun na chéad chéimeanna eile a mheas agus a chinntiú go bhfuil gach atá á sholáthar againn, d’fhonn a chinntiú go mbeidh teacht ag daoine óga ar imeachtaí cruthaitheacha agus ar ghníomhaíochta foghlama, cuimsitheach agus go n-imreoidh siad tionchar.

Bhí dreamanna éagsúla atá bainteach le tionscnaimh a fhaigheann tacaíocht ó Óige Ildánach páirteach sa phainéal plé a bhí againn ar 13 agus 15 Aibreán– mar shampla na cláir Scoileanna Cruthaitheacha agus Braislí Cruthaitheacha, Music Generation, Comhpháirtíochtaí Áitiúla Chruthaitheacht na hÓige, Narrative 4 agus Youth Theatre – agus thug siad léargas fíorluachmhar ar an tionchar a d’imir Plean Óige Ildánach go dtí seo.

Má chaill tú na díospóireachtaí painéil seo is féidir leat féachaint siar orthu anseo:

Óige Ildánach sa chóras Oideachais

Óige Ildánach sa Phobal

Déardaoin 13 Bealtaine, chuir an Taoiseach Micheál Martin tús leis an ócáid dheireanach  “Creativity – the connection to the future, now” agus aird á tharraingt ar an gcaoi a mbeidh an tsochaí amach anseo ag brath ar ár gcumas a bheith cruthaitheach agus samhlaíoch, fadhbanna a réiteach, oibriú i bpáirt le chéile agus oibriú go trialach agus smaoineamh ar bhealach coincheapúil.

Agus ar ndóigh, seo atá i gceist le hÓige Ildánach – tionscadail inspioráideacha a oibríonn ar shamhlaíocht na ndaoine óga, agus a thugann an mhuinín dóibh a dtodhchaí féin a chruthú agus comhoibriú chun a dtimpeallacht a chruthú, a chur chun cinn ar scoil agus taobh amuigh den scoil.

Chomh maith le hionchur ó na painéil éagsúla ar a raibh saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta, labhair siad seo a leanas ag an gcomhdháil freisin- an tAire Oideachais, Norma Foley, An tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumas, Comhtháthú & Leanaí, Roderic O’Gorman agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíona, Gaeltachta, Spóirt & Meáin, Catherine Martin.

Rinne an tAire Martin a machnamh ar an teachtaireacht an-soiléir a tháinig ón gcomhdháil – go gcaithfimid mar shochaí smaoineamh ar mheabhairshláinte agus ar fholláine na ndaoine óga, go háirithe agus muid ag teacht amach as paindéim COVID-19. Dúirt an t-Aire nuair a aithnítear a thábhachtaí atá an chruthaitheacht do shláinte agus d’fholláine gach duine óg, go gcaithfimid cabhrú leo tabhairt athuair faoi na caithimh aimsire chruthaitheacha – chomh maith le caidreamh a chothú arís lena bpiaraí.

Is féidir féachaint siar ar an gcomhdháil anseo:

Cruthaitheacht – an ceangal leis an todhchaí, anois

Níos tábhachtaí fós, theastaigh uainn freisin éisteacht leis an méid a bhí le rá ag na daoine óga faoin gcaoi ar smaoinigh siad agus ar mhothaigh siad faoin gcruthaitheacht – agus an chaoi a bhféadfadh sé cabhrú leo, ar scoil, ina bpobal agus sa bhaile.

Thug ár gcomhpháirtithe sna trí Comhpháirtíocht Áitiúil d’Óige Ildánach agus Beech Hill College i Muineachán, daoine óga le chéile atá tar éis a fháil amach an bealach a bhfuil an chruthaitheacht in ann cur lena an saol agus lena gcuid oideachais.

Éist tamall leis na daoine óga inspioráideacha seo agus iad ag déanamh a machnamh ar thábhacht na cruthaitheachta ina saol baile agus ina saol ar scoil:

Ag éisteacht le guth na n-óg

 

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×