Skip to main content


Nuacht

Tionscadail an Chiste um Chothú Óige Ildánach 2023

Scroll
3 min read

Tionscadail an Chiste um Chothú Óige Ildánach 2023

3 min read

16/08/23

Tionscadail an Chiste um Chothú Óige Ildánach 2023

Tá an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. tar éis €727,234 a bhronnadh ar an gCiste um Chothú Óige Ildánach.

I mí an Mhárta 2023, rinne Plean nua an Rialtais don Óige Ildánach 2023-2027 an chruthaitheacht a neadú i gcroílár an tsaoil do leanaí agus do dhaoine óga

Tá sé mar aidhm ag an bplean seo go mbeadh guth ag leanaí agus ag daoine óga agus gníomhaíochtaí cruthaitheachta a bpleanáil dóibh agus á gcur i bhfeidhm. Díríonn sé freisin ar na daoine óga sin is lú a mbíonn fáil acu ar dheiseanna cruthaitheachta.

Tacaíonn an Ciste nua um Chothú Óige Ildánach le heagraíochtaí agus le daoine aonair atá in ann teacht ar ghrúpaí daoine óga nach gcloistear uathu go minic, ar mhaithe lena bpaisean cruthaitheach a chothú agus spreagadh a thabhairt dá n-acmhainneacht chruthaitheachta.

Tacaíonn an Ciste nua um Chothú Óige Ildánach le heagraíochtaí agus le daoine aonair atá in ann teacht ar ghrúpaí daoine óga nach gcloistear uathu go minic, ar mhaithe lena bpaisean cruthaitheach a chothú agus spreagadh a thabhairt dá n-acmhainneacht chruthaitheachta.

Roghnaíodh 9 dtionscadal as gach cearn den tír as 108 iarratas. Ina measc tá:

  • The Elevate Youth Arts Project de chuid Chomhairle Dídeanaithe na hÉireann

Beidh an tionscadal ildisciplíneach seo a bhaineann leis an ealaíon chruthaitheach ar siúl ar feadh 18 mí. Ar an bpríomhimeacht beidh clár ealaíon cónaithe don óige a mhairfidh ar feadh seachtaine agus cuirfear léiriú poiblí ar bun ina dhiaidh. Is é sprioc an tionscadail seo ná na daoine óga seo a chumasú chun a gcruthaitheacht a fhorbairt, a muinín a chothú, scileanna nua a fhoghlaim agus spraoi a bheith acu.

  • Áit Eile de chuid Creative Spark

Beidh an tionscadal seo ag obair le daoine óga a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu trí mhol nua ealaíon cruthaitheachta a dhearadh agus a chur ar fáil, áit a bhféadfaidh siad bualadh le chéile ar bhonn rialta, thar thréimhse dhá bhliain, chun ealaín a chruthú.

  • Building Bridges de chuid Forbairt Bhealach Eabhra CLG

Is tionscadal drámaíochta pobail é seo a chuirfidh spás sábháilte ar fáil do dhaoine óga de chuid an Lucht Siúil óg (idir 15-24 bliana d’aois) ionas go bhféadfaidh siad an fhís atá acu dá dtodhchaí a fhiosrú agus go mbeidh siad páirteach sna cinntí a mbíonn tionchar díreach acu ar a saol. Déanfar é a chomhdhearadh ag díriú ar an gcuimsiú agus ar an rannpháirtíocht agus tabharfaidh sé deis sé do na rannpháirtithe teacht ar a dtuairimí féin agus éisteacht leis na tuairimí atá ag daoine eile agus é mar chuspóir go mbeadh deiseanna cuimsithe curtha ar fáil sa phobal i gcoitinne.

  • Journeys de chuid Helium Arts

Tacóidh sé seo le folláine agus le sonas leanaí idir 8-12 bhliain d’aois ó phobail dídeanaithe agus ó phobail atá ag lorg tearmainn a bhfuil fadhbanna sláinte acu a mhairfidh ar feadh a saoil. Cuirfidh an tionscadal 2 bhliain seo ar chumas na leanaí tionscadal nuálach a fhorbairt a chabhróidh leo a bpaisean cruthaitheachta agus a n-acmhainneacht chruthaitheachta a chothú.

  • Glór Dance Project de chuid Traces Dance Ensemble 

Oibreoidh an tionscadal seo le daoine óga faoi mhíchumas a dteastaíonn uathu a bheith ag damhsa. Cuirfidh sé guth agus croí na ndaoine óga i lár an aonaigh le linn léirithe a dtiocfaidh caint iar-thaispeántais ó na rannpháirtithe ina dhiaidh. Déanfar deich bpíosa oibre le healaíontóirí damhsa óga a bhfuil Siondróm Down orthu a léiriú timpeall Chathair Phort Láirge.

  • Hear I Am de chuid Champas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh

Oibreoidh an tionscadal seo le daoine óga i mBaile an Oibricigh agus tabharfaidh sé guth dóibh agus iad ag podchraoladh ar ábhair ábhartha éagsúla a bhaineann lena saol. Cuirfidh an bealach cruthaitheachta seo ar a gcumas a gcuid scéalta a fháil ar ais, oideachas a chur ar dhaoine eile, agus aireachtáil go bhfuil siad ar a suaimhneas agus go bhfuil cumhacht acu.

  • City Instincts de chuid Foróige

Tá sé mar aidhm ag an gclár seo daoine óga atá imeallaithe nó a bhfuil lagmhisneach orthu a thabhairt le chéile tríd an Damhsa, Ealaín Sráide, Léiriú Ceoil, Na Meáin Dhigiteacha agus an Chócaireacht. Díreoidh sé ar scileanna cruthaitheachta a fhorbairt agus diongbháilteacht, cumhacht agus muinín a thabhairt do na daoine óga agus iad ag dul i ngleic le bheith ina n-aosaigh óga.

  • Creative Aftercare Communities de chuid Mhol Foghlama Luimnigh

Oibreoidh an tionscadal seo le daoine óga nach mbíonn guth acu go hiondúil atá ag aistriú ó chúram an stáit nó atá cheana féin i suíomh iarchúraim. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal cabhrú leo na gnéithe sin den chruthaitheacht ar spéis leo iad a aithint agus tabharfaidh sé deis dóibh le bheith páirteach sna réimsí áirithe sin. Díreoidh an tionscadal go háirithe ar dhaoine óga atá i suíomh iarchúraim agus nach bhfuil liúntas iarchúraim á fháil acu.

  • Music in Mind Youth Programme de chuid an Cheolárais Náisiúnta 

Tugann tionscadal an Cheolárais Náisiúnta aghaidh ar na fadhbanna meabhairshláinte iar-Covid atá ag daoine óga atá ina gcónaí i bpobail imeallaithe. Cuirfidh an clár sraith de cheardlanna ceoil rannpháirteacha ar fáil ar chnaguirlisí nó ar an amhránaíocht. Tá cruthú ann go mbíonn tionchar dearfach ag an dá rud seo ar fhadhbanna meabhairshláinte.

Dúirt an tAire Martin:

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leo siúd ar éirigh leo sa chéad scéim phíolótach de chuid an Chiste um Chothú Óige Ildánach. Agus muid ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh agus comhionannas a bhaint amach, tá an-tábhacht, ó thaobh dul chun cinn na hÉireann de, leis an gcaoi a dtugann muid ardú meanman do na daoine is leochailí atá timpeall orainn. Creidim go bhfuil cultúr na hÉireann á shaibhriú againn tríd an gcruthaitheacht agus trí infheistíocht a dhéanamh i ndaoine óga cruthaitheachta nach mbíonn guth acu go hiondúil. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin do gach duine a chuir iarratas isteach ar an scéim phíolótach seo – bhí sé dochreidte a fheiceáil an méid oibre atá ar siúl lenár bpáistí cumasacha agus lenár ndaoine óga cumasacha, agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh deighilt a shárú. Is léir go bhfuil an-acmhainn chruthaitheachta ag baint lenár ndaoine óga – agus tá an éagsúlacht riachtanach chun an chruthaitheacht seo a fhorbairt.”

Tá sé i gceist go mbeadh na tionscadail seo á reáchtáil ar feadh tréimhse 18-24 mí. Ionas go mbeidh tú suas chun dáta leis an gCiste um Chothú Óige Ildánach agus le gach a bhaineann le hÉire Ildánach, Is féidir leat clárú dár nuachtlitir anseo

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×