Skip to main content
Pictured at the Cruinniú na nÓg event at Flavours of Fingal 2018 was Jessica and Jodi Kavanagh Pic Orla Murray


Nuacht

Cruinniú Fhine Gall sa Chaisleán

Ócáid a mhair ar feadh an lae a bhí i gCruinniú Fhine Gall sa Chaisleán, cuid den cheiliúradh ar Chruinniú na nÓg, Dé Sathairn an 15 Meitheamh. Bhí Scéalaíocht, Oirfidigh Sorcais, Ceardlanna Lego, Ceardlanna Ealaíne, Seó Draíodóireachta agus Seó Puipéadóireachta ar bun.

Eagraíodh Seó Bóthair Ainmhithe chomh maith lenar bhain clár idirghníomhaíochta oideachais trínar léiríodh réimsí ainmhithe ón gcoigríoch ar bhealach sábháilte siamsúil.  Bhí sin ar siúl ó thús go deireadh an lae agus bhí an-tóir aige ar an uile dhuine ar maith leo ainmhithe.

Reáchtáladh taispeántas cruthaitheachta le leanaí as ceantar Bhaile Átha Cliath 15 freisin a d’oibrigh le háisitheoirí cruthaitheachta ‘Make Create Innovate’ ar feadh sé seachtaine i Leabharlann Bhaile Bhlainséir.  Chuir siadsan a gcuid tionscnamh cruthaitheachta, bunaithe ar an téama ‘Athrú Aeráide’ ar taispeáint, uirlisí ceoil, mionchallairí, mótair gluaisteachta, gléasra teicneolaíochta inchaite san áireamh chomh maith le saothar suntasach ealaíne LED.

Dúirt Betty Boardman, an Leabharlannaí Contae: “Is breá le Leabharlanna Fhine Gall a bheith páirteach i gCruinniú na nÓg, léiriú ar an gcruthaitheacht atá sna daoine óga.  Beidh imeachtaí iontacha ar siúl Dé Sathairn agus mholfainn do mhuintir an cheantair a theacht i láthair agus taitneamh a bhaint astu”.

Stay up to date

×