Skip to main content


Nuacht

Cruinniú na nÓg 2019

Tá fáilte agus glacadh go fonnmhar leis an gclár Éire Ildánach ar fud Chontae Chorcaí agus le Cruinniú na nÓg go háirithe ar eagraíodh 35 imeacht faoina scáth ar fud an Chontae Dé Sathairn an 15 Meitheamh 2019. Eagraíodh cuid mhór acu sin in árais Leabharlann an Chontae agus d'eagraigh grúpaí agus eagraíochtaí pobail imeachtaí breise, faoi dhíon agus amuigh faoin aer.

Caidreamh a dhéanamh leis na daoine óga agus iad a spreagadh chun rannpháirtíochta i ngach gné den chultúr agus den chruthaitheacht a bhí i gceist leis an lá agus leis na himeachtaí ar a n-áirítear iad seo a leanas: Dochtúir Leabhar i gCionn tSáile ag ar tháinig Ambasadóir Chruinniú na nÓg, Sarah Fitzgerald i láthair; Ceardlanna Cré i mBaile Bhuirne, Scéalaíocht i nDroichead na Bandan, i gCarraig Uí Leighin agus i gCloich na Coillte, Ceardaíocht Feilte i mBeanntraí agus sa Sciobairín, Damhsa Cruthaitheachta i gCarraig Uí Leighin agus i gCionn tSáile, ceardlanna maidir le hanamúlacht Crébheochana i gCóbh agus i Mainistir na Corann, ceardlann Ealaíne agus Ceardaíochta i nDún Mánmhaí, ceardlann sa cheol traidisiúnta in Áth Trasna agus ceardlann Drámaíochta in Eochaill.  Comhairle Chontae Chorcaí a d’eagraigh na himeachtaí sin ag ar tháinig 520 leanbh i láthair.  Anuas ar an gcuid sin, bhí imeachtaí eile a d’eagraigh grúpaí agus eagraíochtaí pobail a chuireann spéis i gcúrsaí cultúir agus cruthaitheachta go háitiúil agus b’ábhar ríméid ag Comhairle Chontae Chorcaí gurbh fhéidir cuidiú leis na bearta sin faoin gclár Éire Ildánach.  Ar na himeachtaí sin, áirítear amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta ar an Oileán Mór (Béarra), Seodóireacht agus Scéalaíocht sa Phasáiste agus tóraíocht taisce bunaithe ar chúrsaí cultúir in Eochaill chomh maith, agus tóraíocht taisce den chineál céanna i nDroichead na Bandan.  Eagraíodh imeachtaí cruthaitheachta ar feadh na maidine in Ionad Ealaíne Iarthar Chorcaí agus bhí líon na leanaí a bhí rannpháirteach in imeachtaí na ngrúpaí agus na n-eagraíochtaí pobail seo níos mó ná 250 ionas go raibh líon iomlán gar don 800 a d’fhreastail ar imeachtaí Chruinniú na nÓg i gContae Chorcaí.  Bhí ardú maith i gceist leis sin i gcomórtas le figiúirí na bliana 2018 (600) nuair a eagraíodh 25 imeacht. D’éirigh thar barr leis an lá agus tá muintir an Chontae ag tnúth cheana féin le Cruinniú na nÓg 2020.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×