Skip to main content
Photo: Mark Stedman | Cruinniú na nÓg


Nuacht

Lá lán le 2023, ar siúl amarách fuinneamh cruthaitheachta óige, Cruinniú na nÓg

Scroll
min read

Lá lán le 2023, ar siúl amarách fuinneamh cruthaitheachta óige, Cruinniú na nÓg

min read

9/06/23

Lá lán le 2023, ar siúl amarách fuinneamh cruthaitheachta óige, Cruinniú na nÓg

Beidh lá náisiúnta cruthaitheachta na hÉireann do dhaoine óga ar siúl amárach (10 Meitheamh 2023) le breis agus 700 imeacht saor in aisce ar fud na tíre!

  • Reáchtálfar níos mó ná 700 imeacht saor in aisce ar fud na tíre
  • Breis is 100 rapaire óg ar stáitse ag Rhyme Island’s Rock the Block i nDún Eilíse, Corcaigh
  • Laethanta oscailte Circus Explored i nGaillimh, Baile Átha Cliath, Corcaigh, Tiobraid Árann, Doire, Ráth Bhoth, An Baile Nua agus Béal Feirste
  • 40 ceardlann blaiste ó Youth Theatre Ireland
  • Reáchtálfar 19 imeacht d’Úcránaigh óga
  • Fógrófar buaiteoirí Ealaín is ea í!
  • 50 ceolchoirm agus ceardlann ceoil le tacaíocht ó Music Generation

Molann an tAire Catherine Martin do dhaoine óga páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha ina gceantar áitiúil.

“Arís eile, tá réimse leathan de ghníomhaíochtaí cruthaitheacha curtha ar fáil saor in aisce i mbliana chun deis a thabhairt do dhaoine óga páirt a ghlacadh, iad féin a chur in iúl, triail a bhaint as rud éigin nua, agus a ndíograis agus a gcuid scileanna a thaispeáint dúinn. Ó chódú go sorcas, cuirfear rud éigin ar fáil do chách, lena n-áirítear rince ilchéadfach & eispéireas ceoil i nDún Laoghaire/Ráth an Dúin, ceardlanna códaithe Lego i nGaillimh, Luimneach agus an Clár, péinteáil le hábhair orgánacha sa Mhóta, Deartháireacha Franzini i bhFine Gall, ceol a dhéanamh le cré i mBealach Conglais, gallúnach céadfach a dhéanamh in Uíbh Fhailí, cóisir na gCleamairí i Liatroim, ceardlanna blaiste Phíopaí Uilleann i mBaile Átha Cliath, féile faoin aer Garageland i mBaile Átha Luain, Carnival of Collective Joy i gCeatharlach, priontáil duilleoga ollmhóra i Lios Mór, agus Saotharlanna Srama i Sligeach.”

Agus na céadta imeacht, ceardlann, taispeántas agus léiriú saor in aisce ar siúl, agus béim speisialta ar cheardlanna tosaithe chun daoine óga a spreagadh chun triail a bhaint as rud éigin nua, is deis é Cruinniú na nÓg do leanaí agus do dhaoine óga sprioc cruthaitheach a bhaint amach, nó a cruthaitheach inmheánach a thaispeáint. Tá an-bhéim ar rannpháirtíocht agus cuimsiú agus tá 19 n-imeacht cláraithe do dhaoine óga na hÚcráine, mar aon le deiseanna do leanaí agus do dhaoine óga néaréagsúla páirt a ghlacadh agus taitneamh a bhaint as.

Reáchtáltar Cruinniú na nÓg 2023 ar bhonn uile-oileáin le himeachtaí trasphobail ina nasctar leanaí agus daoine óga ón dá thaobh den teorainn, trínár gcomhpháirtithe in Circus Explored agus Rhyme Island.

Tá Cruinniú na nÓg ar cheann de phríomhthionscnaimh Phlean Óige Ildánach chun cumas cruthaitheach gach páiste agus duine óg a chumasú. Tá sé mar aidhm aige rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga i gcultúr agus cruthaitheacht i ngníomhaíochtaí amhail ealaín, ceol, códú, ceardlanna amharclainne, léirithe, taispeántais, léamha, scannáin agus go leor eile a cheiliúradh agus a spreagadh.

Beidh Cruinniú na nÓg ar siúl amárach, Dé Sathairn, an 10 Meitheamh, le tacaíocht ó na hÚdaráis Áitiúla agus RTÉ.

Tá sonraí iomlána an imeachta ar fáil ar cruinniu.creativeireland.gov.ie

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×