Skip to main content
Cruinniú na nÓg Connacht


Nuacht

Cruinniú na nÓg: Cad atá ar siúl i gConnachta?

Léim isteach i gclár spleodrach Chonnacht do Chruinniú na nÓg le heolas a fháil faoi na rudaí taitneamhacha is féidir leat a dhéanamh ar an 23 Meitheamh.

Níl ach trí lá fágtha go dtí go mbeidh an tír uile ag creathadh le spiorad spleodrach na n-óg ag an gcéad Chruinniú na nÓg riamh!

Ar an 23 Meitheamh beidh gach contae, cathair, baile agus sráidbhaile ag pléascadh le taibhléiriú, códú, téatar, ealaín, ceol, léamha, léirithe, imeachtaí speisialta agus go leor eile, ar an lá saor in aisce seo do chruthaitheacht na n-óg.

Agus tacaíocht acu ó RTÉ agus Údaráis Áitiúla ar fud na tíre, déanfaidh Cruinniú na nÓg ceiliúradh ar leanaí agus daoine óga agus spreagfar iad chun taithí cheart a fháil ar an gcultúr agus an gcruthaitheacht ina gceantar áitiúil.

Má tá cónaí ort i gConnachta, seo díreach roinnt gníomhaíochtaí agus imeachtaí áitiúla, saor in aisce ar féidir leat taitneamh a bhaint astu:

Beidh treibh de chineál eile ag teacht le chéile i gcathair na Gaillimhe, áit a mbeidh ceardlanna sorcais ar siúl ar feadh lá iomlán ina múinfear acrabatic, lámhchleasaíocht, sreang rite agus siúl ar chosa croise do pháistí 9+ d’aois. Ag Ionad Ealaíon na Gaillimhe beidh ceardlanna téatair agus scannán ar siúl a mheallfaidh daoine óga ar an stáitse agus chun an ceamara a úsáid, le puipéadóireacht, filíocht lándorchaithe, tobchumadóireacht, siamsaíocht micreafóin oscailte agus léirithe scannán. Nó bain sult as ealaín agus amharclannaíocht sráide, trí fheistis, bratacha, éifeachtaí físiúla agus aghaidheanna fidil a ullmhú do mhórshiúl Fhéile Ealaíon an Taoibh Thiar,

Beidh ort géilleadh do rithim an cheoil i bPort Omna, Contae na Gaillimhe, áit a mbeidh ceardlanna bodhráin agus feadóige stáin ar siúl ar feadh an lae. Beidh an spraoi faoi lánseol i mBéal Átha na Sluaighe ag an gceardlann leis an ealaíontóir Noel Arrigan faoi aireagáin luascadáin aite. Nó cur tú féin faoi gheasa ag léiriú ‘Remnants’ atá oiriúnaithe don suíomh ag Leabharlann Bhaile Locha Riach. Sa scéal corraitheach draíochtúil seo cuirtear trí phearsa os ár gcomhair ar cuireadh a saol as riocht, agus pléitear téamaí a bhaineann le díláithriú.

Téigh ar strae i Liatroim álainn, áit a ndéanfar Neverland d’Fhoraois na Lorgan Buí chun léiriú tumthach idirghníomhach de Peter Pan a chur i láthair. Foghlaim faoi theanga na gcrann agus bí cruthaitheach i lár an nádúir ag ceardlanna fíorshuimiúla i Ros Inbhir faoi ealaín éiceolaíoch agus faoi scríbhneoireacht oghaim. Nó tar ar do rothar agus éadaí galánta ó na tríochaidí á gcaitheamh agat chun ceiliúradh a dhéanamh ar an óige, ar spiorad an phobail, ar an gceol agus ar ghnásanna traidisiúnta ag an damhsa sainfhaiseanta breá a bheidh ar siúl ag na crosbhóthair in Ifreannach cluthar.

Beidh an-chraic go deo agat ag Cruinniú @ The Barracks i gCaisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo. Ar oíche Fhéile Eoin, i mbeairic mhíleata an bhaile beidh ceol bríomhar, taispeántais, grianghraif, scéalta, róbataic agus – ar ndóigh, ar an oíche úd sin – tine chnámh!

Ní mór bheith i bPáirc Fhoraoise Loch Cé, i Ros Comáin. Le linn an lae buailfidh tú le leithéidí Spiderman agus Thomas the Tank Engine, bainfidh tú sult as sárscéalaíocht le húdair leabhar do pháistí agus ní hamháin sin ach beidh tú in ann sárphíosaí beaga a chruthú ag ceardlanna ealaíne do pháistí.

Sligeach na gcladaí gainmheacha, bainfidh déagóirí sult as tráthnóna ceoil leis an gcumadóir amhrán agus ceoil agus an ceoltóir Kieran Quinn i Leabharlann Shligigh. Beifear ag súil le hamharclannaíocht ansin chomh maith a bhuíochas le ceardlann drámaíochta nuálach le Téatar Óige Shligigh. Beidh spleodar i mBaile an Mhóta chomh maith leis an údar agus maisitheoir Alan Nolan, a bheidh ag léamh agus a thabharfaidh go leor nodanna ina cheardlann tharraingteach faoi mhaisiúchán.

Níl anseo ach blaiseadh beag den mhéid a bheidh ar siúl i gConnachta le haghaidh Chruinniú na nÓg, faigh amach faoi imeachtaí i do cheantar féin agus taispeáin an spraoi atá ar siúl agat ar na meáin shóisialta agus úsáid á baint as an haischlib #MyCruinniu

Cruinniú na nÓg Réamhamharc

Open Video

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×