Skip to main content


Nuacht

Oiliúint Kinia in úsáid ag na Gardaí i mBaile Átha Troim d'fhonn bac caidrimh a shárú

Scroll
min read

Oiliúint Kinia in úsáid ag na Gardaí i mBaile Átha Troim d'fhonn bac caidrimh a shárú

min read

6/10/22

Oiliúint Kinia in úsáid ag na Gardaí i mBaile Átha Troim d'fhonn bac caidrimh a shárú

Cuidíonn Éire Ildánach, i gcomhar le Kinia, le hoiliúint i dteicneolaíocht na cruthaitheachta a chur ar oibrithe óige, ar oibrithe deonacha agus ar dhaoine eile i réimse an oideachais a oibríonn le daoine óga. Le bliain anuas, tá Gardaí Pobail ag freastal ar chúrsaí oiliúna le Kinia.

Chláraigh an Garda Olga Bacon, an tAonad Póilíneachta Pobail, Beairic na nGardaí, Baile Átha Troim, ar Bhunchúrsa Kinia i Scannánaíocht Fón Póca. Míníonn an Garda Bacon an chúis a bhí aici le clárú ar an gcúrsa sin agus an cineál oiliúna a bhí i gceist.

Oibrímse le go leor daoine óga agus seo é an saol sin acusan.  Seo bealach faoi leith ina bhféadaimse oibriú in éineacht leo. Cinnte, is neamhghnách an rud é ag Garda le déanamh, ach b’fhéidir gurb shin cúis mhaith eile lena dhéanamh.

D’fhoghlaimíomar le scannán a dhéanamh ar an fón póca.  Anois, nóiméad agus 58 soicind a bhí sa chéad cheann a rinne mise.  Ní raibh mé cinnte faoin mbealach le traic gutha a chur leis.  Ach d’fhoghlaimíomar sin i rith an dara seisiún.  D’fhoghlaim mé freisin le deiseanna éifeachta a úsáid, íomhánna a chur isteach, athrú idir íomhánna, scáileán glas a úsáid.“

Sula dtosaíonn an cúrsa, faigheann daoine pacáiste ó Kinia ina bhfuil an trealamh ar fad a theastaíonn chun foghlaim faoi scannánaíocht ar an fón póca.  Cuirtear an trealamh ar fáil ionas go dtaithíonn an rannpháirtí deis phraiticiúil foghlama atá á ionramháil aige nó aici féin agus, chomh maith leis sin, ionas gur féidir leanúint d’úsáid an trealaimh le daoine óga nuair is fada ó bhí na seisiúin oiliúna ar siúl.

Ón am a dtagann deireadh leis an gcúrsa oiliúna, bíonn cúnamh taca ar fáil i gcónaí ó Kinia ionas go mbíonn an rannpháirtí misniúil muiníneach i mbun na scileanna nua a thapú in éineacht leis na daoine óga a mbítear ag obair nó i mbun caidrimh leo.

“Tá grúpa áitiúil Ógtheagmháil anseo i mBaile Átha Troim agus is orthu sin is mó a bhí mé ag cuimhneamh nuair a chuir mé isteach ar an gcúrsa.  An téarma seo chugainn anois, beidh mé ag tosú ar thogra leosan.  Níl ábhar an scannáin socraithe go fóill ach tá mé ag smaoineamh ar scannán faoi Ógtheagmháil Bhaile Átha Troim féin agus na hógánaigh iontacha atá páirteach ann, an cumas atá iontu, an méid atá foghlamtha acu, na rudaí a dhéanann siad, nithe a léireodh do dhaoine eile a bhfuil i gceist dáiríre le hÓgthaegmháil Bhaile Átha Troim.

 Tá plé le déanamh fós againn ar an lucht féachana, na dreamanna a mbeidís sásta an scannán a thaispeáint dóibh, cead a fháil ó dhaoine de réir mar is gá, an scéal is mian leo a chur i láthair. Beidh mise in éineacht leo go rialta agus oibreofar ar chlár scéil agus ansin ar an obair léiriúcháin féin.  Ar ndóigh, is mó go mór an t-eolas a bheidh acusan ar chúrsaí teicneolaíochta ná mar atá agamsa ach tugaim faoi deara gur breá le daoine óga a gcuid scileanna agus eolais a chur i láthair do dhaoine eile, go háirithe do Gharda.”

“Ní bhíonn deis ag daoine óga suí síos in éineacht le Garda agus oibriú in éineacht ar thogra.  Tá mé ag súil go n-éireoidh leis an togra agus tabharfaidh mise an aithne a chuireann siadsan ar Gharda san áireamh agus sin á mheas agam.  Ba mhaith liom go mbeadh eolas agus tuiscint acu tar éis an togra ar an ní atá i gceist le bheith i do Gharda.  Dá dtiocfadh an lá a mbeadh orthu labhairt le Garda ar bith, go mbeadh aon mhíthuiscint a bheadh acu roimh ré curtha de leataobh ag an obair seo.

Is é an toradh eile ar an obair go mbeidh scannán ag an ngrúpa seo, b’fhéidir nach bhfeicfeadh aon duine eile é ach iad féin nó d’fhéadfadh go dtaispeáinfí do lucht féachana seachas sin é.  Is é an rud é go mbeidh scannán déanta acu agus go mbeidh muinín acu astu féin dá bharr sin.”

Ghlac an Garda Olga Bacon, an tAonad Póilíneachta Pobail, Beairic na nGardaí, Baile Átha Troim páirt sa chúrsa oiliúna i Scannánaíocht Fón Póca le Kinia, arna chur ar fáil i gcomhar le hÉire Ildánach.

"Oibrímse le go leor daoine óga agus seo é an saol sin acusan. Seo bealach faoi leith ina bhféadaimse oibriú in éineacht leo. Cinnte, is neamhghnách an rud é ag Garda le déanamh, ach b'fhéidir gurb shin cúis mhaith eile lena dhéanamh"

Bíonn eolas faoi chúrsaí oiliúna i dTeicneolaíocht na Cruthaitheachta ar kinia.ie.

Tá breis eolais faoin obair i gcomhar idir Kinia agus Éire Ildánach anseo

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×