Skip to main content


Nuacht

Cruinniú na nÓg – Imeachtaí ar líne go fóill ar fáil

Ar an 13ú Meitheamh, reáchtáil an clár Óige Ildánach de chuid Éire Ildánach lá náisiúnta le ceiliúradh a dhéanamh ar chruthaitheacht na bpáistí óga agus daoine óga faoi 18 bliana d’aois. Reachtáladh na céadta imeachtaí ar líne gan chostas ar bith orthu le cruthaitheacht na nÉireannach óga a léiriú. Ghlac na mílte tuismitheoir, teaghlach agus duine óg páirt i rogha leathan imeachtaí cruthaitheacha nach raibh costas orthu ó ceardlanna graifítí go hamhránaíocht, fílíocht agus ceardlanna eolaíochta.

Mas ag cuardach le bealaí do chuid cruthaitheachta féin a chothú nó cruthaitheacht na ndaoine thar timpeall ort, tá neart imeachtaí Cruinniú na nÓg go fóill ar fáil ar líne – saor in aisce! Seo a leanas rogha imeachtaí:

Cruthaigh Leabharlann Chontae an Chláir sraith físeáin teagaisc le haird na bpáistí agus tuismitheoirí maraon a choimeád. Le linn na bhfíseán, tabharfar léiriú ar conas puipéad ‘Gruffalo’ a chruthú, téatar puipéid agus cárta le lasairéan air. Is féidir iad siúd a fheiceáil ar ClareLibrary ar Youtube nó clic ar an nasc seo thíos:

https://www.youtube.com/watch?v=ev9JPCcr_yU&t=8s

Tá an Design & Crafts Council Ireland tar a éis dul i mbun comhpháirtíochta le hÉire Ildánach le sraith ceardlanna déantóireacht eitleoige. Tabharfaidh Rebecca Marsden, Heather Gray, Laura McNamara agus Ed Devane treoracha duit céim-ar-chéim ar conas na heitleoga a dhéanamh ó ábhar inathchursáilte – agus fiú eitleog ‘ceolmhar’! Dá mbeadh suim agat ann sin, is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo: https://cruinniu.creativeireland.gov.ie/event/lets-go-fly-a-kite/

An bhfuil suim agat in eolaíocht déantóireacht uachtar reoite? Chruthaigh Comhairle Contae Chill Dara cúpla eispéireas a chuirfeadh spleodar ar gach páiste agus iad i mbun staire na milseoga cáiliúil a fhoghlaim. Tabharfaidh an ceardlanna treoracha duit ar conas uachtar reoite a dhéanmah agus fiú do reoiteoir féin a thógáil – ag baint úsáid as gnáthábhar a bhíonn sa teach! Tá an t-imeacht féin dírithe ar pháistí agus is féidir le gach éinne taitneamh a bhaint as. Tuilleadh eolais anseo: https://www.youtube.com/watch?v=7e9Jm6e99t0&feature=emb_title

Má tá tú ag iarraidh barraicíní beaga a shásamh, is féidir triail a bhaint as an imeacht tuismitheora/lapadáin, ‘Let’s Dance Together’. Is féidir leis an teaghlach ar fad páirt a ghlacadh in 2 Many Dance Moves a chuir an Stiúrthóir Ealaíne, Becci Whelan le chéile. Treoróidh sé ar thuras cruthaitheachta, ceoil, geatsaithe, cluichí agus spraoi! Agus tá sé in oiriúint d’aon aois. Breathnaigh air anseo: https://www.ruraldanceart.com/cruinniu-na-nog

Let's Dance Together

Let’s Dance Together

I gcomhpháifrt le Comhairle Contae an Longfoirt, chruthaigh Siobhán Grealy sraith ceardlanna spraíúla ar ábhar an chódála do pháistí.  Mar chuid den tsraith beidh físeáin a rachaidh tríd an mbunús códála, chomh fada le do chéad chluiche ríomhaire a chruthú! Má tá suim agatsa nó ag do pháiste foghlaim faoi chódáil, seo’d é an t-imeacht duit: https://www.facebook.com/longfordlibraries/playlist/284796395897531/?hc_location=ufi

Comhairle Contae an Chláir ag comhoibriú leis an amhránaí traidisiúnta, Aileen Lambert, le ceardlann amhránaíochta ar an tsean-nós do pháistí a reáchtáil. Déanfaidh an seisiún cíoradh ar amhrán, Catherine Ann Cullen a chur le chéile, faoi Naomh Bríd agus Brat Bríde. Brisfear an t-amhrán líne-ar-líne, ag múineadh nósanna an tsean-nós. Is féidir leis an gclann ar fad a bheith páirteach anseo: https://www.youtube.com/watch?v=Q2FPshO-a84

Tháinig Great Lighthouses of Ireland agus Fighting Words lena chéile le scéalta faoi thithe solais ó thrasna na tíre. Scríofa ag páistí idir aois 7 agus 12, léiríonn an irisleabhar digiteach scéalta, dánta, ealaín agus beochan íomhá ar íomhá a cuireadh isteach mar chuig den tionscnamh ‘Young Storykeeper’. Is féidir an cnuasach ar fad a fheiceáil anseo: https://www.fightingwords.ie/storykeeper

Young Storykeepers

Díríonn an ceardlann ‘Music for Pre-schoolers’ a chur Music Generation Cavan/Monaghan le chéile, ar scileanna cheoil na bpáistí. Ó théamh suas an gutha, go gluaiseachtaí agus Arioso (tiúin cruthaithe do pháistí), is féidir le do pháiste réamhscolaíochta ceiliúradh a dhéanamh ar an gcruthaitheacht trí cheol. Breathnaigh ar an gceardlann anseo: https://www.youtube.com/watch?v=WUHG1-NzOLU

Leabharlanna Uíbh Fháilí tar a éis dul i gcomhpháirtíocht leis an aisteoir, Róisín Murphy, a bhí ainmnithe sna gradaim IFTA leis an imeacht seo scéalaíochta a thabhairt duit. Tabharfaidh na scéalta iontacha seo ó thuas-thíos na tíre aird an teaghlaigh ar fad. Suigí síos, ligigí bhur scith agus bíodh siamsaíocht agaibh leis na scéalta mealltacha seo. Is féidir an chéad sraith de scéalta ó ‘Stories from Around the World’ a fheiceáil anseo: https://www.facebook.com/offalylibraries/videos/1479531175588740/

Bain sult as an-chuid ceardlanna ar líne, nach bhfuil costas leo, ó Chruinniú na nÓg trí chuairt a thabhairt ar https://cruinniu.creativeireland.gov.ie/events/.

Is í Éireann an chéad, an t-aon, tír timpeall an domhain le lá náisiúnta cruthaitheacht gan chostas a reáchtáil go daoine óga faoin aois 18. Is tionscnamh de chuid an chláir Óige Ildánach le Éire Ildánach é Cruinniú na nÓg a tugann deis do dhaoine óga a gcuid cruthaitheacht a scoileadh saor. Reachtáltar é i gcomhpháirt le 31 Údarás Áitiúla agus le tacaíocht ó RTÉ.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×