Skip to main content


Nuacht

A Memory of Water

Scroll
min read

A Memory of Water

min read

1/07/22

A Memory of Water

Chruthaigh Orlagh Meegan-Gallagher, atá ina healaíontóir cónaithe le Pobal Ealaíon Iontas, tionscadal ealaíne ilchéadfach, ar thug sí A Memory of Water air, bunaithe ar a cuid oibre mar ealaíontóir muirdhreacha agus uiscedhreacha.

Ceapadh an tionscadal ar dtús sa chéad dianghlasáil agus é deartha go sonrach chun oibriú trí na foirne sna tithe altranais agus sna hionaid chúraim lae ar mhaithe le sraith gníomhaíochtaí a pleanáladh go cúramach a chur ar fáil, agus úsáid á bhaint as na spreagthaí Amharc, Éisteacht, Béal agus Tadhlach chun cruthú na healaíne a spreagadh. Bíonn téamaí bunaithe ar an bhfarraige, na haibhneacha agus na lochanna i gceist i gcónaí ag Orlagh ina cuid oibre agus tugann sí an áilleacht, an suaimhneas agus an ciúnas a bhaineann leis na háiteanna seo isteach sna tithe altranais agus sna hionaid cúraim lae. Go dtí seo d’oibrigh sí le cónaitheoirí i dTeach Lorgan (Aonad Néaltraithe), Teach Altranais Naomh Muire in 2020 agus Teach Killanny (Aonad Measctha), Teach Altranais Chaisleán an Rois i 2021 agus  bhí sí ag obair i 2 ionad i mbliana… Teach Altranais Naomh Anna i mBéal Átha Beithe agus Ionad Cúraim Lae Cloughvalley, i gCarraig Mhachaire Rois (ionad atá á reáchtáil ag Cumann Alzheimer na hÉireann).

Oibríonn Orlagh trí Chomhordaitheoirí Gníomhaíochtaí Sóisialta sna tithe altranais nó sna hionaid cúraim lae, ionas nach gcuirfidh aon athrú a thiocfadh ar shrianta COVID isteach ar sheachadadh an tionscadail ach gurb amhlaidh a chabhrófaí leis an bhfoireann tabhairt faoi bhealaí nua chun ealaín a chruthú agus réimse leathan ábhar a úsáid. Mar gheall air seo beidh an fhoireann in ann leanúint ar aghaidh ag úsáid na scileanna atá foghlamtha acu, fiú nuair a chríochnóidh an tionscadal, chun eispéireas na healaíne a fheabhsú dóibh siúd ar fad atá faoina gcúram.

Is é taispeántas de shaothar na gcónaitheoirí agus na ndaoine a úsáideann an t-ionad cúram lae chomh maith le saothar Orlagh féin, buaicphointe an tionscadail. Beidh 2 thaispeántas ar siúl i mbliana, ceann i mBéal Átha Beithe agus an ceann eile i gCarraig Mhachaire Rois agus beidh deis ag na healaíontóirí, den chéad uair ó thosaigh COVID, freastal ar na seoltaí. Rachaidh sé go mór chun tairbhe do na healaíontóirí agus iad in ann a saothair a fheiceáil i dtaispeántas, a osclóidh an Méara, agus sna nuachtáin áitiúla agus tús áite á thabhairt dóibh mar ba chóir, ach anuas air sin ardaíonn na taispeántais ceist maidir leis an dearcadh a bhíonn ann maidir le cumas na ndaoine sin atá amach sna blianta. Tá sé cruthaithe ag Orlagh arís agus arís eile gur féidir le duine ar bith, is cuma cén cás a bhfuil sé ann, ealaín álainn a chruthú má thugtar an seans agus an tacaíocht chuí dó.

Gach bliain déanann Orlagh gearrscannán faoin tionscadal leis an bhfísghrafadóir Darren Finn agus leis an gceoltóir Fintan Gallagher, agus eiseofar é seo ar chainéal YouTube Íontas Theatre tar éis do na taispeántais a bheith seolta i mí Dheireadh Fómhair.

Deir Orlagh nach bhféadfadh sí tabhairt faoi fhiontar chomh mór leis seo gan an tacaíocht a fhaigheann sí ón gclár Éire Ildánach i gContae Mhuineacháin. Ní hé amháin, a deir sí, go gcuireann sé maoiniú ar fáil don tionscadal tríd an gclár An Chruthaitheacht agus Daoine Scothaosta ach chomh maith leis sin léirítear tuiscint agus meas ó nádúr ar an ealaíontóir/éascaitheoir. “Tá an-tábhacht ag baint lena dtacaíocht agus an chaoi a n-admhaíonn siad go bhfuil an tionscadal ar fad níos saibhre toisc gur ealaíontóir atá i mbun cleachtais mé. Bím lán le fuinneamh de bharr go mbím ag cruthú mo chuid oibre féin agus mar thoradh air sin bím níos fearr ag roinnt an fhuinnimh agus an phaisin sin atá agam don ealaín le daoine eile.”

Nuair a bheidh na taispeántais thart bronnfar saothar ealaíne Orlagh ar an teach altranais agus ar an ionad lae ionas go mbeidh cuimhneachán buan ar an tionscadal. Tá súil ag Orlagh go leanfaidh a muirdhreacha síochánta de bheith ag tabhairt suaimhnis agus áilleachta isteach sna spásanna seo i bhfad tar éis don tionscadal teacht chun críche.

I gcroílár an tionscadail seo i gcónaí tá feabhas a chur, tríd an ealaín, ar shaol laethúil agus ar fholláine na gcónaitheoirí sna tithe altranais agus sna hionaid cúraim lae.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×