Skip to main content


Nuacht

Eisíodh Dear Fingal chuig lucht féachana idirnáisiúnta le haghaidh Lá Fhéile Pádraig

Scroll
2 min read

Eisíodh Dear Fingal chuig lucht féachana idirnáisiúnta le haghaidh Lá Fhéile Pádraig

2 min read

18/03/21

Eisíodh Dear Fingal chuig lucht féachana idirnáisiúnta le haghaidh Lá Fhéile Pádraig

Déanann an seó seo ealaíontóirí gairmiúla as Fine Gall a cheiliúradh agus iad ag casadh ceoil i séipéal athchóirithe ón 12ú haois, i gCaisleán Shoird.

Le feiceáil sa seó tá an réalta stáitse agus scáileáin Ciara O’Callaghan, an drámadóir Elaine Murphy a bhfuil gradaim buaite aici, réalta ceoil an West End Brian Gilligan, na damhsóirí idirnáisiúnta nua-aimseartha de chuid na hÉireann Prodijig Nawal Elabdri, Meadhbh Kennedy, Christen Mooney, Georgina Donovan, Kellie Morris, an t-ealaíontóir Glenn Matthews agus an t-amhránaí/scríbhneoir amhrán Muireann, a bhfuil gealladh fúithi. Rinne Louis Maxwell an cineamatagrafaíocht agus ba í Trisha O’Keefe a chum an ceol.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy,: Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le David a léirigh an scannán iontach seo ina bhfuil a leithéid de ghrúpa cumasach d’ealaíontóirí as Fine Gall. Tá ríméad orm go raibh David, trí chlár Éire Ildánach Fhine Gall, in ann scannán chomh hiontach leis seo a léiriú chun cuid de na sár-ealaíontóirí áitiúla a thaispeáint agus mholfainn do dhaoine féachaint ar an scannán iontach seo ar ár gcainéal Youtube.”

Dear Fingal

Open Video

Stay up to date

×