Skip to main content
DesignWorks Image


Nuacht

DesignWorks: Tionscadal Nuálaíoch atá ina Cheiliúradh ar Thionsclú Gnó, Dearthóireachta agus Ealaíne

Scroll
min read

DesignWorks: Tionscadal Nuálaíoch atá ina Cheiliúradh ar Thionsclú Gnó, Dearthóireachta agus Ealaíne

min read

14/11/20

DesignWorks: Tionscadal Nuálaíoch atá ina Cheiliúradh ar Thionsclú Gnó, Dearthóireachta agus Ealaíne

Saothraítear an dearthóireacht agus déantar ceiliúradh ar bhealach nua air le DesignWorks, beart nuálaíoch atá á rith ag IDA Ireland agus an Oifig Fiontraíochta Áitiúil i nGaillimh.

Tá cúig cinn de chomhlachtaí bisiúla i nGaillimh á dtabhairt le chéile le cúigear den lucht cruthaitheachta, ceapadóireachta agus dearthóireachta d’fhonn cúig cinn de shaothair ealaíne a chruthú lena ndéantar ceiliúradh ar an bpróiseas dearthóireachta atá ag gach comhlacht faoi seach. Leis na saothair ealaíne seo, déantar nascadh tionscantach idir próisis inmheánacha shaol na corparáide agus shaol na cruthaitheachta.

Le cúnamh agus cistíocht ó Éire Ildánach agus ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, tugtar cúigear a bhfuil iomrá orthu i réimse na cruthaitheachta le chéile faoi scáth an tionscnaimh, ina measc an dearthóir scairfeanna Niamh Daniels, atá ag obair le Genesys, agus an t-ealaíontóir Tommy Carew a bhfuil spreagadh á fháil aige le Mathworks. Chomh maith leosan, shaothraigh an dearthóir cré-earraí Tatiana Dobos bealach na cruthaitheachta le MetLife, d’oibrigh an t-ealaíontóir Eva Lynch in éineacht le Smartbear agus scrúdaigh Finbar McHugh a bhfuil i gceist leis an bpróiseas dearthóireachta le EA Games.

Mar chuid den tionscadal seo, chruthaigh Tatiana Dobos, ealaíontóir cré-earraí as Gaillimh, saothar suntasach a nochtadh in oifigí MetLife i lár na cathrach. Labhair Tatiana faoin athrú atá curtha ag an togra seo ar an modh oibre a bheidh á chleachtadh aici feasta. “Beidh athrú mór agam ar an bpróiseas dearthóireachta as seo amach. Liginn níos mó cheana do smaointe taibhsiú dom ach beidh beagán níos mó den struchtúr i gceist agam feasta. Tá an t-am agus an ceangal atá idir na próisis inmheánacha ar fad sa chomhlacht á chur in iúl leis an saothar seo.”

Tá córas cúnta faoi leith curtha ar fáil leis an gcomhar páirtnéireachta idir an IDA, Éire Ildánach agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe trína ligtear don lucht ceapadóireachta agus dearthóireachta a ngnóthas féin a fhorbairt mar gheall ar dheis saothar ealaíne a chruthú agus a chur ar fáil taobh amuigh dá gcuid gnáthréimsí oibre. Leis an gcomhar páirtnéireachta seo, oibreoidh ealaíontóirí le comhlachtaí i nGaillimh d’fhonn smaointeoireacht neamhghnách a spreagadh sna healaíontóirí agus i mbaill na foirne.

Labhair Tania Banotti, Stiúrthóir Éire Ildánach, faoin gcúnamh a thugtar do thionscail cruthaitheachta. “Táthar go láidir den tuairim go ndéanann páirt a ghlacadh i mbearta cruthaitheachta maitheas don duine, do mheithle daoine agus don phobal. Tá plean ardaidhmeach leagtha amach againn do thionscail na cruthaitheachta agus na dearthóireachta. Tugtar gníomhaireachtaí agus gnólachtaí rímhaithe i nGaillimh le chéile leis an tionscadal seo, sin é bunús an chúraim.”

Beidh an taispeántas ar siúl go dtí an 21 Samhain sa Portershed i nGaillimh. Tá tuilleadh eolais faoi DesignWorks ar fáil ar Facebook agus ar Instagram.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×