26/10/22
Nuacht
Mar chuid den Phlean don Óige Ildánach, rinne an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige tiomantas d’fhorbairt príomhphrionsabal lena gcuirfí bonn agus taca faoi theagmháil fhiúntach leanaí leis na healaíona i gcomhthéacsanna Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige. I mí na Samhna 2019, reáchtáladh imeacht comhairliúcháin sa Roinn LCMLÓ chun na prionsabail a roinnt, a iniúchadh agus a phlé le healaíontóirí agus le hoideoirí luath-óige. Tar éis an chomhairliúcháin seo, rinneadh tuilleadh forbartha ar na prionsabail agus foilsíodh iad i bhfoirm dréachta.