Skip to main content


Nuacht

Dún Laoghaire Anseo

Scroll
1 min read

Dún Laoghaire Anseo

1 min read

23/01/22

Dún Laoghaire Anseo

Bhí Dún Laoghaire Anseo ar siúl den chéad uair i Meitheamh 2021, tráth ar cruthaíodh bailiúchán de shaothair ealaíne sráide i nDún Laoghaire, ionas go raibh gailearaí faoin aer tógtha ar an mbaile.

Ba é seo an chéad tionscadal dá leithéid sa Chontae, agus ag an deireadh, bhí 16 bhalla péinteáilte ag 14 ealaíontóir éagsúla. Cuirfear bunshaothair ealaíne ar fáil a léiríonn cleachtas cruthaitheach, tallann agus scil, agus meascán d’ealaíontóirí seanbhunaithe, ealaíontóirí a bhfuil gealladh fúthu agus ealaíontóirí áitiúla á dtabhairt le chéile, agus é mar aidhm aige carachtar agus nádúr an bhaile a léiriú. Tá sé ar cheann de na bealaí is éasca dá bhfuil ann leis an ealaín a thabhairt chuig an bpobal agus thug an tionscadal seo gile agus dath chuig do réimse leathan lucht féachana, nuair ba mhó a bhí gá leis.

Chun an saothar Bloom–The Art Project, in ionad Boylan, a raibh tacaíocht aige ó Éire Ildánach, a chruthú, bhíothas ag obair le grúpaí de dhaoine óga ón áit le dearadh bríomhar, spreagúil a tháirgeadh. Thug oibrithe deonacha ón gceantar chun críche é thar roinnt laethanta. Chuir sé dath i gcuid dhorcha, liath den bhaile agus bhí daoine an-sásta leis. múrmhaisiú Decoy péinteáilte ar cheann de na suíomhanna is mó le rá, agus cruthaíonn sé nasc idir an Baile féin agus an Cuan, ag díriú ar oidhreacht mhuirí Dhún Laoghaire. Bhí an-spéis ag cuairteoirí sa phróiseas ealaíne, agus bhí ríméad ar Decoy gur fhéad sé a bheith ag caint le daoine agus iad ag dul thar bráid. Tugann na cóid QR, atá in aice le gach ceann de na saothair, nasc ar ais chuig suíomh Gréasáin Dhún Laoghaire Anseo. Tá turas siúlóide cruthaithe a bhfuil an-éileamh air, agus bhí sé mar chuid de thairiscint an bhaile le haghaidh Oíche Chultúir 2021.

Agus é á mhaoiniú ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin, le tacaíocht ó Éire Ildánach, tá muintir na háite agus cuairteoirí araon thar a bheith tógtha leis. Mar thoradh air tiocfaidh Dún Laoghaire Anseo 2022 i mí Lúnasa 2022, tráth a dtabharfaidh 9 ealaíontóir, ina measc 2 mheantóir agus an dream a bhfuil meantóireacht á dhéanamh orthu, a gcuid oibre chuig ballaí an bhaile arís, d’fhonn iad a lasadh le dathanna agus le cruthaitheacht.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×