Skip to main content


Nuacht

Fáilte curtha ag Dún Laoghaire roimh dheireadh seachtaine filíochta

Scroll
3 min read

Fáilte curtha ag Dún Laoghaire roimh dheireadh seachtaine filíochta

3 min read

8/09/22

Fáilte curtha ag Dún Laoghaire roimh dheireadh seachtaine filíochta

Beidh an ceantar cois cósta beo bríomhar leis an bhfocal scríofa agus fáilte á cur roimh dhaoine ar nós Margaret Atwood, Hannah Lowe, Rosamund Taylor, Katie Donovan agus daoine eile i mí Mheán Fómhair na bliana seo.

Beidh an Deireadh Seachtaine Filíochta, ceiliúradh dhá lá ar an bhfilíocht, ar siúl in dlr LexIcon agus sa ceantar máguaird ón 17-18 Meán Fómhair.

Is é an File Cónaithe dlr Jessica Traynor agus Filíocht Éireann a leag amach clár na

hócáide seo atá maoinithe ag Éire Ildánach agus tabharfar deis don lucht spéise cloisteáil ó chuid de na filí is fearr dá bhfuil againn sa lá atá inniu ann – lena n-áirítear  Margaret Atwood, a bhfuil ardcháil uirthi – chomh maith le raidhse tallainne dár gcuid féin.

Agus clár den scoth curtha le chéile ina bhfuil léamha, máistir-ranganna, siúlóid filíochta chomh maith le ceol, is féidir leo sin ar ansa leo an fhilíocht a bheith ag súil le deireadh seachtaine inspioráideach.

Níl anseo a leanas ach cuid den chlár Deireadh Seachtaine Filíochta: máistir-rang filíochta le buaiteoir Dhuais Costa Hannah Lowe, ceardlann focal agus ceoil do dhéagóirí leis an gceoltóir Farah Elle, agus siúlóid Gingko timpeall Dhún Laoghaire faoi stiúir na bhfilí Rosamund Taylor agus Katie Donovan.

Mar chuid den deireadh seachtaine seo chomh maith seolfar ‘The Carbon Project’, paimfléad nua éiceafhilíochta arna chur in eagar ag File Cónaithe dlr Jessica Traynor, agus beidh Sree Sen, Monica de Bhailís, Charlotte Buckley, Jane Robinson agus go leor eile páirteach  freisin.

Ag príomh-imeacht an tSathairn in dlr LexIcon Studio feicfear Hannah Lowe, Catherine Phil MacCarthy a fuair Cónaitheacht Scríbhneoireachta Varuna, Stephen Sexton a bhuaigh duais Forward Prize agus an file agus ceoltóir Maija Sofia.

Cuirfear clabhsúr leis an deireadh seachtaine suimiúil seo leis an bpríomhócáid, ‘The Poetry of Margaret Atwood’, sa Pavilion Theatre. Agus í ar dhuine de na scríbhneoirí is cáiliúla ar domhan, léifidh Margaret Atwood ón gcnuasach filíochta is déanaí dá cuid- ‘Dearly’. Pléifidh Atwood freisin na rudaí a imríonn tionchar ar a cuid filíochta agus an domhan mór agus is cinnte gur comhrá iontach a bheidh ann leis an údar, cartlannaí agus scoláire Catriona Crowe.

Is í Comhairle Chontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin a chuireann an Deireadh Seachtaine Filíochta i láthair i gcomhar le Filíocht Éireann agus tá sé maoinithe ag Éire Ildánach.

Faigh tuilleadh eolais ag poetryireland.ie agus dlrcoco.ie

Stay up to date

×