Skip to main content
Diverse Creatives | Creative Ireland Waterford Image - DGM Photographic


Nuacht

Fógraíodh €6.6m le haghaidh tionscadail údaráis áitiúil Éire Ildánach in 2022

Scroll
3 min read

Fógraíodh €6.6m le haghaidh tionscadail údaráis áitiúil Éire Ildánach in 2022

3 min read

19/01/22

Fógraíodh €6.6m le haghaidh tionscadail údaráis áitiúil Éire Ildánach in 2022

Arna fhógairt inniu ag an Aire Catherine Martin, TD, agus an tAire Darragh O’Brien, TD, cruthóidh an maoiniú na mílte deis do dhaoine de gach aois ar fud na hÉireann le bheith rannpháirteach i dtionscadail chruthaitheacha sa cheantar áitiúil acu.

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán, Catherine Martin, TD, agus an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, TD, maoiniú dar luach €6.6 milliún don tionscnamh Pobail Chruthaitheacha de chuid Chlár Éire Ildánach 2022. Tá an chomhpháirtíocht idir na ranna agus an 31 d’údaráis áitiúla á héascú tr Chlár Éire Ildánach.

In 2021, chuir sé seo ar chumas údaráis áitiúla beagnach 1,500 tionscadal cruthaitheach pobal-stiúrtha a chur ar fáil. Tá an maoiniú seo ina acmhainn thábhachtach sholúbtha a chuir ar chumas údaráis áitiúla pobail bhríomhara chruthaitheacha a chothú agus a fhorbairt.

Cuimsíonn an maoiniú pleanáil le haghaidh Cruinniú na nÓg breisithe – lá náisiúnta de chuid na hÉireann chun cruthaitheacht daoine óga a cheiliúradh i mí an Mheithimh 2022. Beidh tionscadail ann freisin a bhaineann leis an gCruthaitheacht Scothaosta agus deiseanna ann do dhaoine níos sine a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha. Faoi dheireadh, sna tionscadail Gníomhaithe ar son na hAeráide, i gcomhpháirt leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, bainfear feidhm as buanna ealaíontóirí agus na dtionscal cruthaitheach níos leithne le dul i gcion ar dhaoine i dtaca leis na mórathruithe atá ag titim amach sa chomhshaol, sa tsochaí agus sa gheilleagar againn atá ag eascairt as an athrú aeráide.

Above: Modern Day Mummers | Creative Ireland, Leitrim | Image by Edwina Guckian

An uaillmhian atá taobh thiar de Chlár Éire Ildánach, go ndéanfar an chruthaitheacht a phríomhshruthú i saol an náisiúin. Cuireann an rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha folláine aonair, phobail agus náisiúnta chun cinn.

Is comhpháirtíocht é Pobail Chruthaitheacha idir an rialtas láir agus rialtas áitiúil, idir cultúr agus tionsclaíocht, idir ealaíontóirí, lucht déanta beartas agus pobail.

Ó seoladh an clár in 2017, tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i ndiaidh infheistíocht de €21 milliún a dhéanamh i dtionscnaimh Éire Ildánach ar thug údaráis áitiúla fúthu.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Martin:

“Tá lúcháir orm leanúint de bheith ag tacú leis an tsárobair atá idir lámha ag údaráis áitiúla thar ceann an Chlár Éire Ildánach. Ó céadcheapadh Éire Ildánach, tá ár gcuid comhpháirtithe sa rialtas áitiúil lárnach i dtaca le soláthar na dtionscadal cruthaitheach a chuireann chun cinn braistint bhreisithe d’fholláine, naisc shóisialta agus forbairt eacnamaíoch laistigh dá bpobal. Trí na tionscadail seo, bhí údaráis áitiúla in ann deiseanna spreagúla deimhneacha a chruthú do dhaoine agus do phobail. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh lenár gcomhpháirtithe sna húdaráis áitiúla as a ndíograis agus a gcruthaitheacht i dtaca lena oiread sin tionscadal a sholáthar a chothaíonn agus a chuireann le saol gach duine sa phobal acu.”

An tAire Catherine Martin

"Trí na tionscadail seo, bhí údaráis áitiúla in ann deiseanna spreagúla deimhneacha a chruthú do dhaoine agus do phobail"

Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, TD:

“Tá saineolas leathan ag údaráis áitiúla ar chúrsaí oidhreachta, ealaíon agus leabharlann gan trácht ar thábhacht na gcaidreamh ar bhonn áitiúil. Creidimse go daingean go mbíonn ról lárnach ag cúrsaí cultúir in obair an rialtais áitiúil le háiteanna iontacha a chruthú inar féidir le daoine oibriú agus maireachtáil. Tógann Pobail Chruthaitheacha an obair seo céim níos faide. Is féidir an cultúr agus an chruthaitheacht a bheith mar chuid de na freagairtí ar an aonrú sóisialta, d’fhonn braistint áite a chruthú agus pobail úra a chomhtháthú.”

Elderly man in art studio

Community Time Machine | Creative Ireland Wicklow | Image by Madeline Mulqueen

 

Dúirt an tAire Stáit do Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, Peter Burke, TD:

“Tá na húdaráis áitiúla againn ar an mbrainse den stát is cóngaraí dár gcuid saoránach agus tá siad in áit mhaith le bheith ag plé go díreach le healaíontóirí agus le grúpaí pobail áitiúla. Trí na Líonraí Rannpháirtíochta Pobail agus coistí agus ionstraimí reachtúla eile, tá ceangal acu leis na daoine níos sine sa tsochaí againn, leis an bpobal taistealaithe, le grúpaí pobail agus deonacha agus le croí-pháirtithe leasmhara i ngach aon cheantar sa tír. Tá an scéim seo leitheadach agus, mar rialtas, ba mhaith linn an rochtain chéanna a bheith ag gach duine den tsochaí ar dheiseanna cultúrtha agus cruthaitheacha.”

Faigh amach faoin méid atá ag tarlú i do phobal áitiúil féin | Pobail Ildánacha

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×